Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idirghabháil intervention
" idirghabháil stáit ======= Is feirmeoirí tionónta iad an chuid is mó d'fheirmeoirí Shasana, agus tá an-tionchar ag na tiarnaí talún orthusan agus ar mhuintir na tuaithe i gcoitinne.
idirghabhálacha interventions
" Le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta, d'údaraigh an fiontar staidéar socheacnamaíoch (a rinne Coláiste na hOllscoile, Gaillimh) ar céard ab fhiú idirghabhálacha an stáit ó thaobh na Gaeilge de i gceantar na Gaillimhe.
idirghabháil mediation
" Bíonn idirbheartaíocht agus idirghabháil de dhíth i gcónaí, mar a fuair muid féin amach i dTuaisceart Éireann.
idirghabháil intervention
" Rinne Alec McFadden, uachtarán Chomhairle Ceardchumann Merseyside (TUC) idirghabháil ansin.
idirghabháil mediation
" Tá go leor cúiseanna gur cheart dúinne mar thír a bheith báúil le Meiriceá: an idirghabháil thar na blianta i dTuaisceart Éireann; na milliúin Éireannach a chuaigh ar eisimirice go dtí an tír; an infheistíocht ollmhór atá déanta ag comhlachtaí Meiriceánacha anseo le roinnt mhaith blianta anuas.
idirghabháil dhiaga divine intervention
" Creidtear sa bhaile gur idirghabháil dhiaga a shábháil Barra de Navidad sa deireadh.
idirghabháil intervention
" Cuireadh isteach san idirghabháil é chun an praghas a fhaigheann feirmeoirí a chosaint.
idirghabháil intervention
" Níl Coimisiún na hEorpa sásta idirghabháil a dhéanamh ach oiread.
idirghabhála intervention
" Ach cén fáth ar gá don Rialtas an cineál seo idirghabhála a dhéanamh? Cén fáth go bhfuil ag teip ar an margadh Éireannach an tseirbhís teicneolaíochta is tábhachtaí lenár linn a chur ar fáil? Téann seo ar ais go dtí an tUasal Dempsey agus na deacrachtaí atá roimhe ina phost nua.
idirghabháil cúirte court intervention
" Cháin na grúpaí Gael-Mheiriceánacha moladh chomh maith a thabharfadh níos mó cumhachta don rialtas daoine nach saoránaigh iad a dhíbirt gan éisteacht nó idirghabháil cúirte.
gan idirghabháil an rialtóra without the regulator's intervention
" Bheinn sásta dá mbeadh margadh ann ina bhfeidhmeodh na comhlachtaí gan idirghabháil an rialtóra.
idirghabháil intervention
" D'iarr muid ar an rialtas i rith an fhrithdhúnta idirghabháil a dhéanamh.
idirghabháil intervention
" Gan idirghabháil Cheanada, ní fios cá mbeadh sé anois, nó fiú an mbeadh sé beo.
idirghabháil mhíleata military intervention
" Agus é ag labhairt do Chomhairle Náisiúnta den Iosrael Óg i Nua-Eabhrac i 1999, dúirt an seanadóir ó Arizona gur chóir do na Stáit Aontaithe idirghabháil mhíleata a dhéanamh ar son Iosrael “even when vital national interests are not at stake.
Idirghabháil intervention
" Idirghabháil Tosaithe Cuireadh tús leis an Idirghabháil mar fhreagairt an rialtais náisiúnta ar an tuarascáil Little *Children are Sacred*, a d’fhoilsigh rialtas na Críche corradh is dhá bhliain ó shin.
idirghabháil interaction
" Trí bhreathnú ghluaiseacht na n-adamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an idirghabháil a dhéanfaidh na hadaimh lena chéile, síleann sé go mbeidh sé in ann ana-chuid a fhoghlaim faoi conas mar a thosaigh bunábhar an domhain agus conas mar a thosaigh gach rud!!! B'fhiú go mór dul chuig a shuíomh idirlín (le nasc thíos) le míniú níos cruinne a fheiscint, óir braithim an-amscaí agus mé ag déanamh iarracht cur síos ar rud chomh casta.
Idirghabháil intervention
" Idirghabháil seachas Forghabháil JW: Ceist chigilteach eile is ea ceist na hidirghabhála.
dteoiric na hidirghabhála daonnúla doctrine of
" Chuir an dea-thoradh a bhí ar an chogadh sin siabhrán ar Blair agus dhaingnigh sé a chreideamh i dteoiric na hidirghabhála daonnúla.
idirghabháil to interact
" Má thosnaímid le leanaí óga nó le daoine fásta fiú amháin, a tháinig, athá anso agus a bheidh ag maireachtaint anso, gur cheart gach tacaíocht a thabhairt dóibh teangacha na hÉireann a fhoghlaim i dtreo is gur féidir leo idirghabháil lena gcomharsain maidir le cúrsaí oibre agus a leithéid.
idirghabháil intervention
" Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh.
idirghabháil intercession
" Más féidir Troy Davis a chur chun báis ar fhocal beirt choirpeach, cad chuige nárbh fhéidir le dream ar bith fianaise bhréagach a thabhairt i dtaobh dhúnmharuithe agus agairt an bháis a tharraingt ar dhuine neamhchiontach? Agus seo ar aigne acu, rinne Amnesty International, An Pápa Benedict XVI, an t-iar-Uachtarán Jimmy Carter, an tArdeaspag Desmond Tutu, agus go leor eile, iarrachtaí idirghabháil a dhéanamh thar ceann Davis.
ag spreagadh na hidirghabhála inciting the intervention
" Ó thús go deireadh, bhí lámh na nIosraelach le feiceáil ag spreagadh na hidirghabhála “daonnúla” seo de chuid ECAT.
idirghabháil dhaonnúil humane intervention
" Ní luafar, áfach, gur chreid an dream sin gach scéal ainghnímh ón mbuíon chéanna roimh an “idirghabháil dhaonnúil” ar mhaithe leis na daoine sin a chosaint.
go rachaidís i mbun idirghabhála le that mediation be entered with
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
moltaí idirghabhála an Iarthair the West’s advice of mediation
" Faitíos ba bhun le seasamh seo na Rúiseach, faitíos nach raibh i moltaí idirghabhála an Iarthair ach cleas chun a gcuid cumhachta sa réigiún a leathnú faoi bhrat na síochána, cumhacht a d’úsáidfí ina gcoinne arís amach anseo.
léirigh idirghabháil (the Troika) intervention showed
" Ach léirigh idirghabháil an Troika a theoranta agus a leochailí is atá an cheannasacht atá ag tíortha beaga an lae inniu.
idirghabháil ar son intervention on behalf of
" Níl sé míréasúnta mar sin a bheith ag súil go ndéanfadh rialtas na hÉireann idirghabháil ar son phobal na Gaeilge thall lena chinntiú go leanfar leis na scrúduithe.