Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ilchríoch continent
" Tá Victoria ar an stát is faide ó dheas ar ilchríoch na hAstráile, agus bhí tonn teasa ar dheisceart na tíre ar feadh dhá lá dhéag roimh 7 Feabhra.
gheimhreadh fuar na hilchríche the cold continental winter
" Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche.
ilchríoch continent
" Tógadh an lucht inste scéil go dtí an ilchríoch agus tá a bhformhór faoi chóireáil leighis in ospidéil éagsúla ar fud na tíre faoi láthair.
Ilchríoch Antartach Continent Antarctica
" Tá an t-oileán 34 ciliméadar ar a fhad, cúig chiliméadar trasna agus tá sé tuairim is 1,500 ciliméadar taobh ó dheas den Tasmáin, leath bealaigh idir an Astráil agus an Ilchríoch Antartach.
ilchríoch continent
" Tá an réileán salainn cúig mhéadar déag faoi bhun cothrom farraige, an áit is ísle ar an ilchríoch, agus fanfaidh an t-uisce ann dá bhrí sin go dtí go ngalófar é.
na hilchríche continental
" Thit báisteach an mhonsúin sa cheantar in aice le Murascaill Carpentaria ar chósta thuaidh na hilchríche, ach rith an t-uisce ó dheas tríd an limistéar fíorthirim sa lár ar a dtugtar an Channel Country - Tír na Srúillí.
ilchríoch continent
" Chinn siad ar Adelaide, san Astráil Theas, an chathair is tirime ar an ilchríoch is tirime, agus d’éirigh go han-mhaith leo ann.
ilchríche na Rúise of the Russian land mass
" Tá sé ráite ag an bhfear céanna gur “leis an Rúis é an tArtach, agus caithfimid a chruthú nach bhfuil sa Mol Thuaidh ach síneadh scairbh ilchríche na Rúise”.
ar fud na hilchríche throughout the continent
" Ag cur síos ar an tír mar “drong” a bhaineann leas as cosaint mionlach le haghaidh coimhlintí a chur ar bun, dúirt sé gur chóir gach ambasáid Iosraelach a dhúnadh ar fud na hilchríche.
cinnidh ar ilchríoch amháin decisions on one continent
" Scaipeann an t-eolas ar luas an tsolais agus tugtar cinnidh ar ilchríoch amháin fad is atá muintir na n-ilchríoch eile ina gcodladh.
ilchríoch continent
" Is éard atá i leabhar Kerouac On the Road go bunúsach ná úrscéal dírbheathaisnéiseach ina dtugann alter-ego an údair, an carachtar Sal Paradise, cur síos spraíúil fuinnúil dúinn ar na turais chraiceáilte trasna ilchríoch Mheiriceá a dhein sé féin agus a chairde.
ar thalamh na hIlchríche Dorcha in the lands of the Dark Continent
" Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.