Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iliomad numerous
" Ach maidir le Seáiní Mac Mathúna, Jamsey Ó Conchubhair agus imreoirí cróga an Chláir, Pól Ó Floinn agus gaiscígh eile Phort Láirge, Joe Déin agus iománaithe sciliúla Chorcaí agus iliomad imreoirí iontacha eile, ealaíontóirí an chluiche is fearr in Éirinn, ní fheicfear iad i mbun imeartha lena gcontaetha go ceann bliana eile.
ar iliomad cúiseanna for a great number of reasons
" Bíonn sé an-deacair iad a mhealladh chuig ranganna agus imeachtaí ar iliomad cúiseanna.
iliomad great number
" Níor imríodh ach trí chluiche mhóra iomána go dtí seo (mí an Mheithimh) i bPáirc an Chrócaigh - Craobh na gClub Lá Fhéile Pádraig, cluiche ceannais na Sraithe idir Tiobrad Árann agus Cill Chainnigh agus Áth Cliath v Uíbh Fhailí i mbabhtaí cáilithe an Chraobhchomórtais (cuir é sin i gcomparáid leis an iliomad cluichí peile a cuireadh ar siúl ann).
a chanann san iliomad teangacha who sing in many languages
" Is maith leis ceoltóirí ar nós Manu Chao agus Orchestra Baobab, a chanann san iliomad teangacha: Spáinnis, Fraincis, Mandinka, Kriol, Béarla, Franglais féin.
ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna laughing at the great number of taboos
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
dá iliomad rólanna poiblí of his many public roles
" "Is cosúil gur dá bharr sin nár thoiligh duine ar bith den seisear clainne s'againne dul isteach sa státseirbhís, ach ní mé!" Bheadh sé deacair do dhuine ar bith leithéidí T K Whitaker a leanacht in aon cheann dá iliomad rólanna poiblí i saol na tíre seo.
an t-iliomad frásaí countless phrases
"an t-iliomad frásaí ann sa Bhéarla a úsáidtear le tagairt don chomhriachtain féin nach bhfuil an focal *"sex" *fiú luaite iontu.
go hiliomad láithreacha to a large number of sites
" Nach deas teolaí é sin mar shocrú! Tá sé le fógairt go luath ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maol Dhia, go bhfuil comórtais an Oireachtais le dílárú go hiliomad láithreacha ar fud na tíre.
cháin siad ar an iliomad cúiseanna which they criticised for numerous reasons
" “Bhí mise ag eagrú coirmeacha a cháin siad ar an iliomad cúiseanna.
den iliomad dioscúrsaí of the great number of discourses
" Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.
den iliomad dioscúrsaí of the great number of discourses
" Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.
ar an iliomad fadhbanna to the large array of problems
" Níor mhiste a rá ag an tráth seo go bhfuil córas sláinte na tíre ina chiseach agus nach bhfuil aon réiteach simplí ar an iliomad fadhbanna a bhaineann leis.
faoina iliomad gnéithe in its many aspects
" Tá sé aitheanta mar dhuine de na *BritArtists* agus is é an corp daonna, faoina iliomad gnéithe, is minic a bhíonn mar fhoinse ionspioráide aige.
i gcás iliomad tuarascálacha in the case of a great number of reports
" Ná bíodh sí ag bailiú deannaigh i gcoirnéal aduain de Dhún Aimhirgín, mar a tharla i gcás iliomad tuarascálacha cheana.
iliomad great number
" Leis an lámh eile bhí sé ag cuimilt Germolene cumhra – déanta sa Bhreatain dar ndóigh – isteach san iliomad créachtaí, claiseanna agus cneácha a bhí le feiceáil ar fud a choirp bhiata.
iliomad great number
" Is ar iliomad cúiseanna a bhí an tAthair Naofa chomh tábhachtach sin do Pholannaigh.
an iliomad cúiseanna many different reasons
iliomad great number
" Is ar iliomad cúiseanna a bhí an tAthair Naofa chomh tábhachtach sin do Pholannaigh.
iliomad brúnna great number of pressures
"iliomad brúnna eile ar an teanga.
iliomad saighdiúirí a great number of soldiers
" Más ea, ámh, chailleadar iliomad saighdiúirí, agus níorbh fhéidir le harm Lee an baile a choimeád.
iliomad eagraíochtaí agus grúpaí numerous organisations and groups
" Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad.
don iliomad tionscadal tábhachtach for a great number of important projects
" Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin.
an iliomad cúiseanna a great number of reasons
"an iliomad cúiseanna leis seo, an costas mór a bhaineann le feighlithe leanaí agus an cosc ar chaitheamh tobac, ina measc.
iliomad cúiseanna carthanachta. multiple charitable causes.
" Ó shin i leith, tá conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta.
an t-iliomad botún the great number of mistakes
" Beidh cúlú na dtrúpaí mar fhreagracht an chéad uachtarán eile, agus beidh ar an duine sin an t-iliomad botún a rinne réimeas Bush a cheartú go tapa.
Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois a newspaper can be printed in many different locations now
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
San iliomad slite nuálacha in many different innovative ways
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
an t-iliomad brúnna óige, a great number of youth hostels,
" Le freastal ar riachtanais an ghrúpa seo, tá an t-iliomad brúnna óige, caifí agus clubanna oíche anois ar oscailt sa bhaile.
an t-iliomad cláracha pobail lots of community programmes
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
an t-iliomad urdhálaí spóirt many sporting fixtures
" Fianaise ar an méid atá thuas ná an tslí ar fhoghlaim Irial ceacht faoi thábhacht an tsean-*clíche* gnó “*diversify or die*” in 2001 nuair a cuireadh an t-iliomad urdhálaí spóirt ar ceal timpeall na tíre ar feadh sé seachtaine.
leis an iliomad bannaí agus amhránaithe. with many bands and singers.
" Is ball den bhanna ceoil Capercaillie é Shaw mar aon le bheith ina léiritheoir ceirnín a bhfuil obair déanta aige leis an iliomad bannaí agus amhránaithe.
san iliomad réimsí den tsochaí abhus. in so many areas of society over here.
" Is léir dom freisin, áfach, go ndéantar idirdhealú fós ar dhaoine aeracha san iliomad réimsí den tsochaí abhus.
den iliomad ball of the great number of members
" ** Dar ndóigh, ní bhíonn sa síceolaí sin ach duine amháin den iliomad ball a bhíonn i gceist le foireann tacaíochta na foirne gairmiúla – nó na foirne amaitéaraí, i gcás CLG.
iliomad rudaí a great number of things
" Tá muid chun foirgneamh nua a thógáil a mbeidh iliomad rudaí ann – spás le haghaidh ceolchoirmeacha, drámaí, ceardlanna agus imeachtaí sóisialta, cuir i gcás.
iliomad oighearaoiseanna a great number of ice ages
" Luann sé "iliomad oighearaoiseanna" ach tháinig deireadh leis an cheann deireanach 11,000 bliain ó shin.
iliomad numerous
" Tar éís an iliomad carranna a thriallthiomáint suas síos bóithre Nua-Gheirsí, roghnaíomar táirge na Seapáine i ndeireadh báire.
iliomad numerous
" Bhíodh suas le 80,000 saighdiúir ar coinmheadh sa champa ag an aon am amháin i rith an Chogaidh Mhóir – saighdiúirí nua ag dul sna línte tosaigh, saighdiúiri ar sos, nó saighdiúirí gortaithe in iliomad ospidéal míleata an bhaile.
iliomad a vast amount
" Tiocfaidh sé aniar aduaidh ar lucht ceannais na n-eagras Ghaeilge nach bhfuil oiread is taifead amháin sa Roinn ar an ábhar ainneoin a leithéid a bheith curtha go hard in ord na bpriarachtaí ag an Aire Ó Cuív ar ócáidí éagsúla le cúpla mí anuas in agallaimh le Nuacht TG4, RTÉ RnaG, Foinse, Lá Nua agus san iliomad meán eile.
iliomad numerous
" Tá an iliomad cúiseanna ann a bheith saor ó pháistí, dar le Childfree: is mór an ceangal iad; tá an iomarca daoine ar domhan cheana agus tá brú rómhór ar na hacmhainní; níl fonn orm a bheith i mo thuismitheoir srl.
iliomad innumerable
" Iomaíocht ó iliomad spórt eile ar an teilifís, móide imeacht na n-urraí tobac go mór mór agus ísliú ar dhuaiseanna airgid dá bharr sin, a thugtar mar chúiseanna leis an staid sin.
iliomad post numerous jobs
" ” Thosaigh John ag cabhrú lena thuismitheoirí sa siopa i ndiaidh na hardteiste a fhad is raibh sé á fhéachaint féin san iliomad post faoi is thairis.
iliomad numerous
" In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.
iliomad innumerable
" Nach bhfuil sé deacair saol teaghlaigh a chur in oiriúint don iliomad cúraim eile atá uirthi? “Bhuel,” a deir sí agus gáire ard croíúil á dhéanamh aici, “is amhlaidh go raibh an bhliain seo a d’imigh thart i bhfad róbhroidiúil agus ag deireadh Mheán Fómhair beidh mé ag éirí as an bpost i gColáiste na Tríonóide.
iliomad multinifirous
" Tá sé beo beathaíoch anois, le siamsallán, siopaí, agus iliomad rudaí eile.
iliomad numerous
iliomad so many
" Mar an iliomad duine ar a aicíd, de thaisme a rinneadh gníomhaí Gaeilge d’Aodán.
an iliomad so many
" Níl fiú an leathchéad síniú ó oileán na naomh is na n-ollamh in ainneoin an leasa a baineadh as an inimirce le breis is deich mbliana, gan trácht ar an iliomad Éireannach a d’fhág a dtír dhúchais leis na cianta cairbreacha.
iliomad innumerous
" Agus tú ag tiomáint aon áit i Meiriceá, tiománfaidh tú thar iliomad línte traenach le comharthaí orthu ‘líne as feidhm’.
iliomad ábhar innumerous ingredients
" Is é an rud a bheadh aige mar thoradh ar an diansaothrú seo sa deireadh, pictiúr ina bhfaighfeá leideanna d’achan ghné den tírdhreach a bhí aimsithe aige ina chuid sceitseanna díreach mar a dhéanfadh an máistirdhriogaire deoch dhraíochta as an iliomad ábhar.
iliomad innumerous
" Bhí sé ina cheannródaí ar an iliomad gníomhaíochtaí a tharla i bpobal na Gaeilge sa chathair agus is é a bhí mar mheantóir ag go leor eile a thionscnaigh tograí eile.
d’iliomad to so many
" In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air.
an iliomad numerous
" An Fhírinne nó Cruinneas Áirithe ================ Cé gur chuir an iliomad scribhneoirí idir scribhneoirí Gaeilge agus Béarla spéis iontu i gcaitheamh na mblianta is beag leabhar a bhfuil léargas réalaíoch déanta ar an mionlach seo iontu, léargas a bhfuil fírinne nó cruinneas áirithe ag baint leis – (is eisceachtaí anseo iad an léargas a thugann Pádraic Ó Conaire ar Lucht Siúil na Seónna Taistil in Deoraíocht agus an dream ar tugadh na ‘tincéirí’ uair amháin orthu sa nóibhille Eitleán le Seán MacMathúna).
iliomad gairmeacha innumerable professions
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
iliomad very many
" Suimiúil go leor, tá an ADL féin i measc an iliomad dreamanna Síónacha a fhaigheann maoiniú ó mhuintir Chernick.
iliomad leaganacha cainte various turns of phrase
" Lúbadh béal, drad, is an iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi.
iliomad many many
" Ag ceann eile na meá, is ann don iliomad polaiteoirí ar mhaith leo muirear a ghearradh ar phriontáil ábhair bholscaireachta sa Dáil, go háirithe má théann costas na priontála thar chúig mhíle euro sa tseachtain.
an iliomad innumerable
" Agus chreid 58% de na múinteoirí seo gurb iad na gutháin phóca agus na ríomhairí is bun leis an iliomad fadhb litearthachta a bhíonn ag na páistí.
an iliomad many
" Ins an idirlinn, níl an tír ag baint an bhuntáiste cheart as áis iontach turasóireachta a mheallann an iliomad siúlóirí go tíortha eile san Eoraip.
curaí na hÉireann don iliomad uair Irish champions for the umpteenth time
" Maidir le Cill Chainnigh, curaí na hÉireann don iliomad uair, cad tá le rá fúthu nach bhfuil ráite cheana? An fhoireann iomána ab fhearr a bhí ariamh ann; Brian Mac Óda an bainisteoir ab fhearr a bhí riamh ann; Henry Ó Seibhleáin an t-iománaí ab fhearr a bhí riamh ann agus mar sin de.
an iliomad teanga éagsúil in many various languages
" An chéad uair eile a bheas tinneas cinn ort, tarraing amach an bhileog eolais sa bhosca anadin nó nurofen agus cífidh tú go bhfuil na treoracha tugtha in an iliomad teanga éagsúil.
an iliomad srutháin ag rith a myriad of streams running
" Gaineamhchloch agus aolchloch is mó atá anseo timpeall, an aolchloch ag tuaslagadh go héasca in uisce, rud a fhágann an iliomad srutháin ag rith faoi thalamh, cuid acu sin ag cothú Log na Sionainne mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as.
iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe innumerable championships, leagues
" Ré ab ea í a mhair ar feadh trí bliana déag nó mar sin inar bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe, chraobhacha Laighean agus chraobhacha na hÉireann.
iliomad bialanna atá daite timpeall innumerable restaurants are here and there around (the island)
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
iliomad innumerous
" Is iad ceolta traidisiúnta an domhain a bhíonn faoi chaibidil i bhféile Womex, agus dá réir sin bhí léargas le fáil i rith na hócáide, an 13ú aonach ceoil Womex, ar iliomad cultúr ó cheithre chearda an domhain.
ba de dhroim loiceadh san iliomad páirtithe it was because of numerous (political) parties abandoning it
" Má polaitíodh an Ghaeilg, ba de dhroim loiceadh san iliomad páirtithe polaitíochta eile a tharla amhlaidh.
oscailte don iliomad tionchar open to numerous influences
" Dá mbeifeá chun cur síos a dhéanamh orainn ó thaobh stíle de, is dócha go bhféadfá a mhaíomh gur meascán eicléicteach atá ann idir cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol na muintire agus an ceol domhanda – táimid oscailte don iliomad tionchar agus stíle - ó Michael Jackson go Mozart! Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh ============== **M.
d'fhéadfadh an iliomad fáthanna there could be numerous reasons
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
is léir ón iliomad físeanna as is obvious from numerous videos
" Bhí sé glórach agus ionsaitheach, agus níor chúlaigh sé riamh ó iaróig ná ó throid, mar is léir ón iliomad físeanna atá ar fáil de ar an idirlíon ag béicíl le daoine a chuir cruacheisteanna air.
iliomad míléamh ar chuisle an phobail innumerable miscalculation of the peoples’ feelings
" Bás polaitiúil lena faobhar féin, fuath ban agus iliomad míléamh ar chuisle an phobail - b’iad a scuab Julia Gillard chun siúil ar deireadh.
an iliomad eolais plenty of information
" Ar na dreamanna Éireannacha atá lonnaithe thar lear, diaspóra na hÉireann, is dócha gurb iad Gaeil na hAirgintíne an ceann is lú eolas air, cé go bhfuil an iliomad eolais i leabhar breá Mhichíl de Barra, ‘Na Gaeil i dTír na nGauchos’ (Coiscéim a d'fhoilsigh).
san iliomad cath in so many battle(s)
" Ar ndóigh, bhí an-dáimh ag Éireannaigh leis an Spáinn agus bhí na Spáinnigh an-bhuíoch de na Gaeil a throid ar a son san iliomad cath agus mar gheall ar nasc ársa a maíodh idir an dá thír fríd Chlann Míleadh.
seachas ar iliomad seachadadh láimhe rather than a litany of hand passes
" Dream peileadóirí fíorchumasacha iad a leagann an bhéim ina modh imeartha ar luas imeartha ó cheann ceann na páirce, ar chiceáil na liathróide seachas ar iliomad seachadadh láimhe mar atá in uachtar sa chluiche le roinnt blianta anuas, ar an ionsaí mear, rialta seachas ar an gcosaint dhúr, agus ar dheiseanna scórála a chruthú chomh minic agus is féidir.
don iliomad bealach siúl for all kinds of walks
" Bíonn fógraí ann le haghaidh bialanna agus óstáin atá imithe as gnó agus le haghaidh rásaí leathmharatóin a bhí ar siúl deich mbliana ó shin! Bíonn comharthaí ann fosta don iliomad bealach siúl atá ligthe i ndearmad agus nach bhfuil aon treoirleabhar ag gabháil leo a d’inseodh don tsiúlóir bhocht cá dtéann siad.
iliomad numerous
" Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.
iliomad innumerous
" Ní hé amháin gur scoth an domhain sa dornálaíocht í Katie, ach chaith sí cúig bliana ag imirt do fhoireann sacair na hÉireann san iliomad cluiche idirnáisiúnta, éacht ann féin mura mbeadh ann ach é.
cleas na n-iliomad cánacha the multiple-tax trick
" Tuigeann Balor cé uaidh a d’fhoghlaim Aingeal Aingiallta Gearmánach cleas na n-iliomad cánacha.