Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Is léir go bhfuilimid in áit na leathphingine maidir le saibhreas, agus an timpeallacht nádúrtha.
an sop in áit na scuaibe a poor substitute
" Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
in áit na ngiorrúchán instead of the abreviations
" Mar sin, tá ainmneacha suíomh gréasáin nua ag éirí níos faide agus níos faide - agus tá daoine ag úsáid frásaí iomlána mar sheoltaí in áit na ngiorrúchán a bhí coitianta go dtí seo.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa? Agus an SDLP fágtha in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin *Godzilla *versus *Megalon*, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d'anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo.
in áit na leathphingine in second place
" Siúd is go bhfuil craiceann na fírinne air seo, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghearmáinis agus an Bhaváiris fágtha in áit na leathphingine sa lá atá inniu ann.
in áit na ngnáthréalt in place of the regular stars
" Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
fágfar in áit na leathphingine é it'll be left behind
" Tá Aer Lingus i riocht fíorfholláin faoi láthair ach caithfear leanstan leis an fhorbairt nó fágfar in áit na leathphingine é.
in áit na leathphingne in the halfpenny place
" Le fada bhí lucht iomána den tuairim gur in áit na leathphingne a bhí siad (seachas i ndornán contaetha i ndeisceart na tíre) maidir le cinntí agus pleanáil i gCLG.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Más eiseamláir é an siúl sléibhe don turasóireacht i gcoitinne níl Éire ach in áit na leathphingine i gcomparáid lenar gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
in áit na seanfhoirgneamh in place of the old buildings
" Tógfar tithe nua in áit na seanfhoirgneamh agus beidh na ceantair níos tarraingtí mar gheall air seo, de réir an Leas-Phríomhaire, John Prescott.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Ar an drochuair don UUP agus do David Trimble, d’fhág an mhuinín a bhí ag Blair in Adams agus McGuinness an páirtí a rialaigh na Sé Chontae in áit na leathphingine ach atá sé chomh glinn soiléir sin go bhfuil straitéis nua curtha i bhfeidhm fud fad ghluaiseacht na poblachta, straitéis nach mbaineann úsáid as an lámh láidir.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" “Chaill na hAlbanaigh dáimh leis an chultúr traidisiúnta a bhí, mar a déarfaidh Allan MacDonald leat, sáite sa chultúr Gaelach a caitheadh in áit na leathphingine ar feadh na gcianta,” arsa Brian.
in áit na soiléireachta instead of clarity
" Ach doiléire atá anois ann in áit na soiléireachta.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" “Aontaím le David McKittrick ón *Independent *a dúirt go bhfuil Protastúnaigh ag glacadh ról na gCaitliceach ó thuaidh, go measann siad go bhfuil siad curtha in áit na leathphingine ag an rialtas.
in áit na Laidine instead of Latin
" Chuir siad béim ar an Sean-Tiomna, agus bhain siad úsáid as teangacha na ndaoine in áit na Laidine.
in áit na Gaeilge éigeantaí in place of compulsory Irish
" Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig in áit na Gaeilge éigeantaí.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Ach go dtí go mbeidh córas iomlán cosán ar fud na tíre, agus cead fánaíochta ann, beidh Éirinn in áit na leathphingine i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
a chur in luí ar mhuintir na háite to convince the locals
" Ba dheacair a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
in áit na leathphingine in the halfpenny place
" Níl Cogadh na hIaráice ach in áit na leathphingine le hais an spóirt seo.
in áit na Sionainne; instead of Shannon;
" Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
in áit na leathphingine on the hind tit
" Tá reachtaíocht ag teacht i bhfeidhm, de réir a chéile, a chinnfeas nach in áit na leathphingine a bheas an teanga seo againne, i saol na 26 contae ar a laghad ar bith.
An sup in áit na stuaime a drop too much
" An sup in áit na stuaime Níor luaithe trácht ar an tseiris thart ná go raibh leathghloine de Champagne Pol Roger os mo chomhair amach.
An tImreas in áit na hImeartha fighting instead of playing
" An tImreas in áit na hImeartha Ní cuis díomá dom nach spéis leo an pheil, ach a mhalairt.
in áit na garaíochta able to do things
" Tharla san EMU sinn agus gur i lár báire sinn, bhíomar in áit na garaíochta don dá thaobh i gcónaí agus rinneamar go maith as dá bharr.
cruthaíodh in áit na mbonn created in a jiffy
" (Teanga neamhsheasmhach le gramadach shimplí agus a cruthaíodh in áit na mbonn chun cumarsáid a dhéanamh is ea pidsean).
sop in áit na scuaibe a poor substitute
" I ndomhnach, is beag nár éirigh leis, ach cúpla lá dár gcionn ba léir nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe.
fágtha in áit na leithphingne left with the crumbs
" ” Agus tá an dearcadh sin láidir i measc dreamanna éagsúla ó thuaidh, go bhfuil an mheánaicme ag baint tairbhe as an Stormont úr agus go bhfuil an aicme oibre fágtha in áit na leithphingne.
in áit na leithphingine in a bad way
" Ar an dóigh chéanna, is iomaí scáilbhaile a fheicfeas tú faoin tuath freisin a fágadh in áit na leithphingine nuair a dhún an líne traenach chéanna.
in áit na leathphingine was in the doldrums
" Bhí an iomáint in áit na leathphingine mar sin i gcomórtas leis an bpeil Ghaelach sa chontae is mó daonra sa tír.
In áit leas na tíre a chosaint rather than defending the country
" In áit leas na tíre a chosaint chuirfeadh diúltú don chonradh bac ar an obair thábhachtach sin.
is mó atá in áit na leithphingine who are mostly on the bottom rung of the ladder
" Ar bhonn staidrimh, is iad na Caitlicigh is mó atá in áit na leithphingine.
In áit na hacmhainní ar fad beagnach instead of almost all of the resources
" In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí? Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.
fós in áit na leathphingine still in the starting blocks
" Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
in áit na leathphingine at the bottom of the pile
" Riamh anall, bhí muidinne, Caitlicigh, in áit na leathphingine sa chathair seo.
In Áit na Garaíochta in a position to help others
"In Áit na Garaíochta ======= “Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
sásta fanacht in áit na leathphingne content to remain bereft of respect
" "Ceann de na rudaí a tharla sna 70í a bhí difriúil ná, i ndiaidh an imtheoranaithe, gur léir nach raibh an pobal náisiunaíoch sásta fanacht in áit na leathphingne.
in áit na brústocaireachta rather than lobbying
" Ina leabhar cáiliúil “*The Myth of the Rational Voter*”, mhaígh Bryan Caplan gurb í míréasúnacht an vótálaí an tsiocair is mó le drochpholasaithe sna tíortha daonlathacha (in áit na brústocaireachta nó na caimiléireachta cuirim i gcás).
in ómós d'áilleacht na háite dedicated to the place’s beauty
" Tharla leathbhliain roimhe sin agus mé i mo shuí sa halla céanna ag éisteacht le ceol gur scríobh mé sliocht i mBreatnais in ómós d'áilleacht na háite.
in áiteanna éagsúla leis na huaisle with the upper class in various places
" Mhínigh Annie Carroll gur chaith Pádraig tamall i Sasana agus in Albain mar chláirseoir cheapaithe in áiteanna éagsúla leis na huaisle.
fágtha in áit na leathphingine left in the doldrums
" Mar sin, beidh Éire fágtha in áit na leathphingine ó thaobh turasóireacht leanúnach de, leis an rialtas ag caitheamh airgid ar thograí mar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
in áit na leithphingine with next to nothing
" Ó na seascaidí amach thosaigh na monarchana, faoi bhrú ó dhéantúsóirí thar lear, ag dúnadh, agus fágadh an pobal Gorm in áit na leithphingine i lár cathracha ar fud Mheiriceá.