Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh opposed to republican violence
" Agus sin an argóint a bhí ag an dream atá in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh: má athraítear an stát ón taobh istigh, má bhíonn poblachtánaigh agus náisiúnaithe ag feidhmiú i Stormont, agus brú díreach éifeachtach ar Rialtas na Breataine, bainfear Éire aontaithe amach.
in éadan an náisiúnachais against nationalism
" Chaith Paisley a shaol ag troid in éadan an náisiúnachais, Eaglais na Róimhe, *line dancing*, agus míle rud eile agus theip air i gcás achan cheann acu.
go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA strongly opposed to the violence of the IRA and INLA
" Bhí an SDLP idir dhá thine Bhealtaine – tacaíocht a thabhairt d’éilimh na bpríosúnach ainneoin go raibh siad go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA, nó bheith i bhfách le polasaí Margaret Thatcher.
go dtiontódh an pobal in éadan an mhisin that the public would turn against the mission
" An eagla atá ar an Rialtas ná go dtiontódh an pobal in éadan an mhisin, agus in éadan an Rialtais Choimeádaigh atá i ndiaidh é féin a ionannú leis, dá seolfaí saighdiúirí Ceanadacha abhaile i málaí coirp ar bhonn rialta.
in éadan an pharaimíleatachais against paramilitarism
" (Is mairg nach bhfuil aontachtaithe ag troid chomh láidir céanna in éadan an pharaimíleatachais is atá siad in éadan na Gaeilge, ach sin scéal eile.
in éadan an fheachtais, against the campaign,
" Chuir grúpaí éagsúla in éadan an fheachtais, cuid acu den tuairim go raibh an saothar gránna le feáchaint air agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha an cheantair.
in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh against the basic definition
" Ach is é an cheist mhór ná cad é go díreach atá i gceist leis an damhsa ar an sean-nós, agus an bhfuil cineál amháin de ann? Is é an chéad phointe ná go dtéann an nóisean nach bhfuil ann ach cineál amháin de go hiomlán in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh atá ar an fhocal “sean-nós”.
in éadan an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh against the Anglo-Irish Agreement
" Chuir seo alltacht ar an Fheisire Jim Wells, an fear a léim ar charr Tom King nuair a bhí sé ina rúnaí stáit ó thuaidh mar agóid in éadan an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i 1985.
in éadan rún an reifrinn against the referendum's motion
" DeisAisteach le rá, sa bhliain 1999 nuair a bhí deis ag muintir na hAstráile athrú a dhéanamh ar an mbunreacht – athrú a chuirfeadh ar chumas an rialtais náisiúnta Astrálach a cheapadh mar cheann stáit – chaith os cionn 54 faoin gcéad de mhuintir na tíre vóta in éadan rún an reifrinn.
in éadan an homaighnéasachais against homosexuality
" Glacaimis ráiteas míchlúiteach Iris Robinson mar thús, ráiteas a bhí chomh conspóideach sin gur chuir nuacht Channel 4 suim ann!Tá Iris in éadan an homaighnéasachais mar gur léigh sí i leabhar gur chóir di a bheith ina éadan.
in éadan an tsrutha against the flow
" Ba bhean í Eilís Ní Mhaolagáin (1866-1953) a d’imigh in éadan an tsrutha, bíodh cúrsaí inscne, cultúir nó cúrsaí polaitíochta i gceist.
in éadan an chórais against the system
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
in éadan an stáit against the state
" Ba mar thaca don chosaint a bhí á ullmhú ag an Ard-Aighne ar dhúshlán cúirte a bhí á ghlacadh ag Tomás Ó Monacháin, Gaoth Dobhair, in éadan an stáit a cuireadh an chomhairle seo ar fáil.
sciath in éadan an truflais a shield against the rubbish
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.
Níor leor an aclaíocht intleachta in éadan intellectual gymnastics wasn’t enough against
" Níor leor an aclaíocht intleachta in éadan Tarantino Unchained.
in éadan an chos ar bolg against imperialism
" "Ach an áit ina raibh cimí daortha, bhíothar ag eagrú Gaeltachtaí, ag léamh leabhar fá stair na hÉireann, leabhair an Phiarsaigh, Mháirtin Uí Chadhain, bhí siad ag léamh Franz Fanon agus ag foghlaim faoin streachailt san Ailgéir, fá Vítneam agus mar thoradh air seo, thuig siad go raibh siad mar chuid den aisfhreagra ar an domhandú agus den troid a bhí ag dul ar aghaidh in éadan an chos ar bolg.
in éadan chruatain an tsaoil seo against life’s hardships
" (Níl carr ar bith in Éirinn mór a dhóthain le é a iompar, ná bus ar bith a bhfuil an doras leathan a dhóthain le é a ligean isteach!) Ag meabhrú a bhí sé ar mhuintir Mhaigh Eo, agus ar a dhiongbháilte atá siad in éadan chruatain an tsaoil seo agus in éadan chora crua na peile.
in éadan urraithe an CLG against GAA sponsorship
" ” Cad é chomh hólta is atá, ní hamháin Jamie Bryson, ach na daoine a thugann creidiúint dó? Tá rún ag Jamie cóir agóidíocht a dhéanamh in éadan urraithe an CLG cionn is go bhfuil siad ag tabhairt cúnaimh do sceimhlitheoirí.
a sheas an fód in éadan who stood their ground against
" Mhol cuid acu crógacht na bhfear dúchasach gaithleannach a sheas an fód in éadan na saighdiúirí Briotanacha faoi iomlán airm.
an t-ionsaí a rinne siad in éadan the attack on
" Ach ba mheasa i bhfad an t-ionsaí a rinne siad in éadan phóilíní an PSNI a bhí ag faire ar scata dílseoirí.
in éadan an Diamhaslaithe against iconoclasm
" Bhí an seó sna cinnlínte nuachta cionn is gur chuir coiste ealaíne na Comhairle cosc ar an achoimre ar an Bhíobla, baill den DUP ag seasamh na fóide ar son na Críostaíochta agus in éadan an Diamhaslaithe.
ag seasamh an fhóid in éadan standing her ground
" Idir an dá linn, tá Laura Bates ag seasamh an fhóid in éadan lucht a cáinte agus tá ráite aici go leanfaidh sí lena cuid oibre in ainneoin na mbagairtí.
in agóid in éadan an fhoiréigin in a demonstration against violence
" An lá i ndiaidh na mbásanna, tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Andarsain in agóid in éadan an fhoiréigin.
in éadan an chomhlachta against the company
" Labhair Liz Curtis le roinnt daoine sa chathair sin atá páirteach i bhfeachtas in éadan an chomhlachta.