Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in íochtar down
" Is minic a bhíonn an margadh in uachtar ar maidin agus go mór in íochtar faoi dheireadh lae.
an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar churning up the sea
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
in íochtar domhain in the northern hemisphere
" Íseal Grian, Gearr a Rith ======== Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe.
ag gabháil in íochtar going down
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
creidimse in íochtar mo chroí istigh I still believe
" Ina dhiaidh sin is uile, ar nós El Quijote, creidimse in íochtar mo chroí istigh nach marbh ar fad atá Artúr: > “Is é an rí sin a chuir ar bun an t-ord ridireachta ar a dtugtaí Ridirí an Bhoird Thimcheallaigh.
in íochtar an domhain in northern climes
" Ní club damhsa de chineál áirithe atá i gceist leis an Laplainn, ach dúiche bheag Dhaidí na Nollag in íochtar an domhain.