Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in aimhréidh dishevelled
" Tá a chuid gruaige in aimhréidh agus gan air ach cóta barrchaite, clóca ar a bharr agus é ceangailte le fáiscín déanta de shliogán muirín.
in aimhréidh awry
" “Má amharcann tú ar Mheiriceá inniu, tá sé briste as airgead, tá a institiúidí airgeadais in aimhréidh, tá sé ag fáil airgid ar iasacht ón tSín, tá a fhórsaí armtha ag troid i dhá chogadh agus tá a údarás morálta síothlaithe.
in aimhréidh flustered
" Bhí na "breitheadóirí" (mar a thugtar orthu) in aimhréidh.
in aimhréidh in disarray
" Tá an Alliance in aimhréidh, agus tá an SDLP scoilte ar an cheist.
cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh communications and travel (were) disrupted
" Leis an gcorraíl a bhí san Eoraip sna tríochaidí, cuireadh cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí taistil in aimhréidh.
chuaigh an siansa in aimhréidh the melody went astray
" Nuair a thosaigh mé á scríobh, chuaigh an siansa in aimhréidh agus nuair a bhí mé i Meiriceá, mhothaigh mé an chaointeacht sin arís – cumha na himirce, b'fhéidir agus tháinig gach rud le chéile ansin," ar sí.
go hiomlán in aimhréidh completely awry
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
chuaigh rudaí in aimhréidh matters became complicated
" Nuair a tháinig giolcairí eile isteach sa scéal chuaigh rudaí in aimhréidh arís agus “Cúige Uladh” bocht ag tabhairt “béalastán poblachtach” ar an tweeter eile.
tá an scéal in aimhréidh matters are confused
" Lenár linn féin, tá an scéal in aimhréidh a bheag nó a mhór.
in aimhréidh gone awry
" De réir mar a théann iompar Alina in aimhréidh ionas gur follas go bhfuil fadhbanna síciatracha tromchúiseacha ag cur as di, is ea a mhéadaíonn an teannas idir an sagart agus na mná eile sa mhainistir.