Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in ainneoin despite the fact
" in ainneoin na n-athruithe ar fad atá tar éis tarlú sa tsochaí ó thaobh an chaidrimh idir ciníocha de, an bhfuil rudaí athraithe an oiread sin i ndáiríre? Ba cheart go spreagfadh roinnt eachtraí a tharla le tamall anuas muid le ceist a chur cad é go díreach atá athraithe, cad iad na hathruithe atá i gceist, cad iad na rudaí nár athraigh fós agus cén fáth nár athraigh siad.
In ainneoin in spite of the fact
" In ainneoin go n-aithníonn muid an t-aimhleas a dhéanann buidéal eile Seicteachais, nó leathcheann eile Seirbhe dúinn, ní thig linn stopadh.
in ainneoin despite
" De réir pobalmheasa in Éirinn i 1999, tá 86% do na daoine i bhfábhar Éire aontaithe, in ainneoin an vóta i bhfábhar Chomhaontú Aoine an Chéasta i mí na Bealtaine 1998.
in ainneoin na ndeacrachtaí despite the difficulties
" Ag am mar sin tuigeann tú cén fáth a mealleann sléibhte na hAlban sléibhteoirí sa gheimhreadh, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an dainséir a bhaineann leo.
In ainneoin gur despite the fact
" " In ainneoin gur shínigh Trimble an conradh réamhphósta ar Aoine an Chéasta tá sé ag cuartú bealach éalaithe ó shin.
in ainneoin in spite of
" Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag tógáil seasamh láidir i gcoinne an fheachtais seo agus é ag maíomh go bhfuil na bailte fearainn tuaithe ina gcóras traidisiúnta maireachtála, agus gur cheart leanúint leis mar pholasaí stáit tacú leo, in ainneoin thuairimí An Taisce.
In ainneoin na lochtanna ar fad despite all the faults
" In ainneoin na lochtanna ar fad, leanann an Cumann Lúthchleas Gael ar aghaidh ag tabhairt an dea-shampla agus na cinnireachta do mhuintir na hÉireann ar go leor bealaí, rud nár thosaigh inniu ná inné, dar ndóigh.
in ainneoin na gcontúirtí despite the dangers
" Le beagnach 150 bliain, tá an FDNY ag mealladh daoine ó theaghlaigh Éireannach na cathrach - in ainneoin na gcontúirtí ar fad, a bhfuarthas léargas pianmhar orthu ar an 11 Meán Fómhair, 2001.
in ainneoin despite the fact
" Tá roinnt mhaith daoine amhrasach fós faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an chonradh seo agus tá go leor míshásta go bhfuiltear ag súil leo dul amach ag vótáil arís in ainneoin gur diúltaíodh don chonradh an uair dheireanach.
in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí despite the fact that he sacrificed the guts of three judges
" Dar leis fosta, in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí ar altóir Thaighdín na Tóna Tanaí, go mbeidh an tOireachtas seo chomh haithiseach adhnáireach le ceann na bliana seo caite.
In ainneoin iarrachtaí despite attempts
" In ainneoin iarrachtaí an dá chluiche a thabhairt le chéile, is cosúil gur beag gaol atá acu lena chéile.
in ainneoin na heasláinte despite the bad health
" Tháinig galar croí ar McGeown, rud a chuir isteach air an chuid eile dá shaol, ach in ainneoin na heasláinte, toghadh é mar chomhairleoir ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i 1989.
in ainneoin an bhéarlagair despite the slang
" Tá cosúlachtaí go leor idir Éire agus na Stáit Aontaithe, go háirithe ó thaobh na teanga de (in ainneoin an bhéarlagair), ach feictear dom go bhfuil difríochtaí radaiceacha i gceist chomh maith, ar leibhéal níos doimhne cultúrtha.
In ainneoin na mbuntáistí seo despite these advantages
" In ainneoin na mbuntáistí seo, áfach, tá tionchar diúltach ag feiniméan na bpobal scoir seo ar chultúr Mheiriceá chomh maith.
in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan despite the prejudices that are against us
" Oibríonn muid in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan agus in éadan na teanga, agus tá muid gníomhach in obair thrasphobail chun dearcadh daoine a athrú agus chun rannpháirtíocht an phobail iomláin a éascú.
in ainneoin na ndeacrachtaí seo despite these difficulties
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
in ainneoin despite the fact
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
in ainneoin na ndeacrachtaí despite the difficulties
" Tháinig méadú ar sciar Qantas de mhargadh inmheánach na tíre ó 50% go tuairim is 90% agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin, in ainneoin na ndeacrachtaí atá ag aerlínte ar fud an domhain.
in ainneoin an ainm despite the name
" Rugadh agus tógadh Allen i nDroichead na Bandan in iarthar Chorcaí agus fuair sé a chuid meánscolaíochta i Hamilton High School, scoil buachaillí a bhí lonnaithe sa bhaile agus nach raibh galántacht ar bith ag baint léi, in ainneoin an ainm.
in ainneoin despite
" Ach in ainneoin na staire sin, ní raibh aon cheann den dá chluiche sin beo ar an teilifís.
in ainneoin despite
" Bhí atmaisféar na Nollag ann nuair a phill mé go dtí an coláiste Dé Luain tar éis an cháis, ach bhí ceisteanna á gcur ag a lán múinteoirí fosta, mar shampla, cén fáth an raibh na bainisteoirí sásta tacaíocht a thabhairt do chiníochaí agus brú a chur ormsa, in ainneoin pholasaí an choláiste? Cloisfear tuilleadh faoin scéal seo, gan amhras.
In ainneoin a toirte despite her size
" In ainneoin a toirte, is féidir le Haworth 40 slat a rith i 5.
in ainneoin na drochbhaile a bhí uirthi despite the bad condition she was in
" Thóg cabhlach na hAstráile an bád, an Minasa Bone, amach in uiscí idirnáisiúnta in ainneoin na drochbhaile a bhí uirthi, agus cuireadh i dtír ar cheann d'oileáin na hIndinéise í.
in ainneoin an cheo despite the fog
" Dúirt siad gur shiúil siad suas go barr Chnoc Bréanainn, in ainneoin an cheo.
in ainneoin leithscéalta na heagraíochta despite the apologies of the organization
" Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d'eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha despite how busy he was in his career
" " In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha, deir Whitaker nach raibh sé chomh deacair sin cothromaíocht a fháil idir saol an teaghlaigh agus cúraimí stáit.
in ainneoin despite the fact
" Bhí an bheirt acu ar comhscór, 795 vóta an duine, agus in ainneoin gur caitheadh seachtain, nach mór, ag déanamh athchomhairimh i ndiaidh athchomhairimh níor athraigh an scéal.
in ainneoin gur bhuadar despite the fact that they won
" Agus cé a chaill amach agus na cluichí go léir imeartha? Uíbh Fháilí bocht, in ainneoin gur bhuadar trí chluiche sa chéad bhabhta den tsraith.
in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh despite the attempts of the Taoiseach
" Ach in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh, thuig an tUasal Ryan nach mbeadh seo chun a leasa agus, mar gheall air sin, dhiúltaigh sé don phlean.
in ainneoin despite the fact
" An bhfuil teipthe ar Chumann Lúthchleas Gael mar sin? I gcomórtas le staid na Gaeilge agus na hiomána, déanann an Suibhneach an pointe gur éirigh le Comhaltas Ceoltóirí Éireann soiscéal an cheoil a chraobhscaoileadh i ngach cúinne den tír in ainneoin go raibh an ceol traidisiúnta Gaelach beagnach ar tí bás a fháil sna l950í.
In ainneoin despite the fact
" In ainneoin gur ardaigh praghas na hola 30 faoin gcéad le cúpla bliain anuas, níor ardaigh ExxonMobil agus Chevron Texaco - péire de na comhlachtaí ola is mó ar domhan - a mbuiséid tochailte i mbliana.
In ainneoin go ndearbhaíonn siad despite the fact that they declare
" In ainneoin go ndearbhaíonn siad gur cheart go mbeadh Giobráltar faoi chumhacht na Spáinne, i ndáiríre is cuma leo faoin gceist go ginearálta - is í an chloch is lú ar a bpaidrín í.
in ainneoin an Chailvíneachais despite the Calvinism
" Bhí sé an-fhuar ar fad, ach buíochas le praiticiúlacht na ndaoine, in ainneoin an Chailvíneachais, bhí neart fíon te le fáil ar na sráideanna.
In ainneoin na dea-oibre ar fad for all the good work
" In ainneoin na dea-oibre ar fad atá ar bun ag na Caitlicigh Éireannacha seo, tá staitistic amháin ann go fóill: trí mhíle dollar sa bhliain.
in ainneoin na n-ainneoin despite everything
" Tá an líon seo ag fás i gcónaí, in ainneoin na n-ainneoin.
in ainneoin na poiblíochta ar fad despite all the publicity
" “Níl substaint ná fiúntas sa leabhar agus, in ainneoin na poiblíochta ar fad atá faighte aige, níl tionchar ar bith aige ar chomharthaíocht ná ar fhógraíocht an Bhéarla.
in ainneoin na contúirte despite the danger
" Thugadh Simpson saighdiúirí a bhí gonta ar a asal ón líne tosaigh go dtí ionad leighis in ainneoin na contúirte ó ghunnaí na dTurcach a bhí i bhfoisceacht 20 slat dóibh in áiteacha.
in ainneoin despite the fact
" Ach tá casadh eile sa scéal; d’imir Mark ó shin faoi dhó i bPáirc an Chrócaigh le foireann Átha Cliath, in ainneoin gur rialaigh Comhairle agus an Lárchoiste Smachta gur imir sé go mídhleathach lena chlub.
In ainneoin na fianaise seo despite this evidence
" "In ainneoin na fianaise seo, ní raibh mórán tuisceana ag dochtúirí nó ag an phobal ar an bhaol atá ann galar súl a fháil ó chaitheamh tobac," ar seisean.
in ainneoin iomaíocht ghéar despite strong competition
" Is saothar é atá idir thraidisiúnta agus chonspóideach, a tháinig sa chéad áit in ainneoin iomaíocht ghéar bheith ann leis an phlionta a líonadh.
in ainneoin na barúla coitianta despite popular opinion
" Ach, in ainneoin na barúla coitianta, tá boige ag baint le Balor fosta, agus bíonn sé fial flaithiúil lena chuid bronntanas am seo na Nollag.
in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic despite his having been sent off quite often
" Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
In ainneoin na béime seo despite this emphasis
" ” In ainneoin na béime seo ar an eolaíocht sa scoil, agus in ainneoin gur Ollamh le Fisic ab ea a hathair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, chinn Muireann ar chéim a dhéanamh sna healaíona.
in ainneoin na fianaise a bhí chomh follasach sin despite the evidence which was so clear
" Rinneadh iarracht a rá nach raibh aon bhaint ag ciníochas leis an scéal is deireanaí seo in ainneoin na fianaise a bhí chomh follasach sin.
in ainneoin an Tíogair Cheiltigh despite the Celtic Tiger
" Sin ráite, tá muidne in Éirinn, in ainneoin an Tíogair Cheiltigh, in aice le bun an liosta go hidirnáisiúnta maidir le seirbhísí leathanbhanda.
in ainneoin an chultais a leanann de despite the cult that follows him
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
in ainneoin an léargais sin in spite of that insight
" ” Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadach – beart údaraithe dá gcuid, dar leis.
in ainneoin in spite of
" Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
in ainneoin an phlámáis despite the cajolery
" Ach tá pointe suimiúil eile anseo: in ainneoin an phlámáis ó lucht tógtha na n-imoibreoirí gur foinse fuinnimh saor agus flúirseach í an chumhacht núicléach, ní mar sin atá, agus is infheistíocht phriaclach é stáisiún nua cumhachta núicléiche a thógáil.
in ainneoin go n-imrítear an sacar despite the fact that soccer is played
" Baineann na tíortha is fearr le dhá mhór-roinn, is é sin Meiriceá Theas agus an Eoraip, in ainneoin go n-imrítear an sacar ar fud an domhain go léir.
in ainneoin gur scóráil siad sé chúl despite the fact that the scored six goals
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
in ainneoin na mbac teanga despite the language barriers
" Bíonn meangadh gáire ar dhaoine de ghnáth agus iad réidh le lámh chúnta a thabhairt duit gan teip, in ainneoin na mbac teanga.
in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin. despite the station's limited budget.
" ” Tá Ó Ciardha den tuairim go bhfuil ag éirí le TG4 seirbhís an-mhaith a chur ar fáil in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin.
in ainneoin an chruatain despite the hardship
" Ach bhí orm é seo ar fad a chur i gcuimhne dom féin an t-am ar fad toisc go raibh na daoine ar fad chomh sona agus suaimhneach, in ainneoin an chruatain atá mar chuid dhosheachanta dá saol.
in ainneoin na bhforbairtí seo uilig, despite all these developments,
" Ar ais sa gheiteo Ach in ainneoin na bhforbairtí seo uilig, níor mhór a admháil go bhfuil cúlú tagtha fosta.
in ainneoin é bheith i nGaeilge. despite the fact that it's in Irish,
" ” Tá dóchas ag Spillane go mbeidh díol maith ar an albam, in ainneoin é bheith i nGaeilge.
in ainneoin go gcraoltar beo iad despite the fact that they're broadcast live
" In áit na gcluichí idirchúige, cuireadh cluichí ceannais na gclub ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig agus tá ag éirí thar cionn leo sin, in ainneoin go gcraoltar beo iad ar an teilifís.
in ainneoin é bheith básaithe. despite the fact that he was dead.
" ” Is follas go raibh Justine faoi anáil a hathar agus í ar scoil i gCorcaigh, in ainneoin é bheith básaithe.
In ainneoin an mhéid a tharla despite all that happened
" In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.
in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, despite global warming and the increase in oil prices,
" Ach, in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, tá an líon aerlinéar ar domhan agus líon na bpaisinéirí ag méadú gach uile bhliain.
in ainneoin gach a mbagrófar despite all that will be threatened
" Agus in ainneoin gach a mbagrófar agus gach a ngeallfar agus gach a gcaithfear, bainfear spórt as an spórt náisiúnta nó ní spórt go dtí é.
in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir. despite the recommendations of the Study Group.
" ” Is cosúil, ámh, go bhfuil an t-uachtarán ag dul sa chéad treo, in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir.
In ainneoin na poiblíochta sna meáin despite the publicity in the media
"In ainneoin na poiblíochta sna meáin agus an gearán a rinne Maureen, níor tharla rud ar bith - ní raibh fiosrúchán oifigiúil ann, mar shampla.
in ainneoin go bhfuil comharthaí ann despite of the fact that there are signs
" Deirim an méid sin thuas in ainneoin go bhfuil comharthaí ann go mb’fhéidir go mbeadh 2007 suimiúil ó thaobh na hiomána de.
in ainneoin mhaíomh na n-amadán a rinne é. despite the boasting of the fools who did it.
" Dhiúltaigh mé glan léimneach bhuinsí a dhéanamh, agus diúltaím fós, in ainneoin mhaíomh na n-amadán a rinne é.
in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, despite life's difficulties,
" Cé nach bhfuil “gach rud” ag muintir na Maláive, tá saibhreas spioradálta as cuimse acu, agus tá soineantacht agus sonas le brath taobh thiar de gach meangadh gáire, in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, deacrachtaí nach féidir linne a shamhlú.
in ainneoin nach dtosófar ar an gcéad chomhaireamh despite the fact that the first count won't start
" Sin go léir in ainneoin nach dtosófar ar an gcéad chomhaireamh go dtí a dó dhéag.
in ainneoin a stádais, despite his status,
" Ach in ainneoin a stádais, bhí a lucht leanúna ag ceapadh, agus é ag dul i dtreo 40 bliain d’aois, nach raibh sé i ndán dó ceann de na priomhchomórtais ghailf, nó *majors* mar a thugtar orthu, a bhuachaint.
in ainneoin na n-iarrachtaí uilig despite all the efforts
" Níl ann ach ciúnas anois – ciúnas damanta – in ainneoin na n-iarrachtaí uilig a rinne muid ar a shon.
In ainneoin na ndeacrachtaí uile, despite all of the difficulties,
" In ainneoin na ndeacrachtaí uile, tá seirbhísí ag roinnt aerlínte cianaistir atá cosúil le haeriompar ar chostas íseal.
nár thréig a intleacht in ainneoin anró. who didn't abandon his intellect despite hardship.
" Tá urraim sa líne sin d’intleacht a athar agus urraim don duine beo nár thréig a intleacht in ainneoin anró.
In ainneoin a chuid scannal gnéis, despite his sex scandals,
" In ainneoin a chuid scannal gnéis, faoi dheireadh a théarma bhí sé ar an uachtarán ba mhó a raibh gean air ó na caogaidí amach.
In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, despite the bumper stickers,
" In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.
in ainneoin thoil na Maorach. despite the will of the Maori.
" ** ** Ní raibh mórán measa ag na coilínigh ar a leithéid de nósanna, agus lean siad orthu ag saothrú ar an talamh bliain i ndiaidh bliana in ainneoin thoil na Maorach.
in ainneoin despite
" Níl fáil acu ar na seirbhísí seo in ainneoin go léiríonn taighde gurb iad na fir Éireannacha an t-aon ghrúpa imirceach amháin ar tháinig ísliú ar a n-ionchas saoil i ndiaidh dóibh teacht go Sasana.
in ainneoin an chomhcheangail, despite the merger,
" Fós féin, in ainneoin an chomhcheangail, ní sháróidh siad Budweiser, a bhfuil 50 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá aige cheana féin.
in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom despite that it would have greatly benefitted me
" Agus níor fhág mé an nuachtán nuair a bhí trioblóidí airgeadais acu ceithre bliana ó shin in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom ó thaobh airgid de dá bhfágfainn mar go raibh tairiscintí fiala faighte agam ó nuachtáin eile.
In ainneoin an teidil, despite the title,
" In ainneoin an teidil, *Irish, Catholic and Scouse:* *The History of the Liverpool-Irish, 1800-1939*, is leabhar dáiríre acadúil é saothar John Belchem.
Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada but inspite of it being around for a long time
" Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada (bhuel, sean-nós!), tá damhsa ar an sean-nós díreach ag dul trí thréimhse fáis agus forbartha anois agus ag fáil an aitheantais atá tuillte aige.
In ainneoin despite
" In ainneoin nach raibh go leor cumhachta sna hinnill leis an eitleán a thabhairt chomh fada leis an rúidbhealach, d’éirigh leis na píolótaí teacht slán as an mbaol – éacht suntasach a bhfuil British Airways an-bhródúil as.
in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí despite of the fact that it is programme from the national public service broadcaster
" Ach is iomaí uair a cáineadh “Liveline” le blianta beaga anuas as ucht é a bheith ag láimhseáil scéalta áirithe mar a bheadh nuachtán táblóideach ann, in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí é.
in ainneoin despite
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
in ainneoin go raibh deacrachtaí móra airgid acu. despite the fact that they had big money difficulties
" Tháinig an ghéarchéim is déanaí le mí anuas nuair a bhagair Foras na Gaeilge gur sárú conartha a bheadh ann dá leanfaí d’fhoilsiú an nuachtáin ar an Idirlíon amháin, in ainneoin go raibh deacrachtaí móra airgid acu.
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán despite the fact that not that much interest was shown in the film
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, despite everything you have heard or read
" Nach fíor sin? Ian: Ní fíor! In ainneoin gach a bhfuil cluinte nó léite agat, níl deacracht dá laghad agam le Caitliceachas, ná leis an Eaglais Chaitliceach, ná leis an phápacht ná le rud ar bith eile a bhaineann leis an Eaglais sin – is leis na Caitlicigh iad féin atá deacracht agam.
In ainneoin na drochthaithí in spite of the bad experience
"In ainneoin na drochthaithí a bhí ag Lunny le Phil Coulter agus albam Emmet Spiceland á thaifeadadh, bhí baint lárnach ag fear Dhoire le Planxty i mblianta tosaigh sin an ghrúpa.
In ainneoin inspite of
" In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
in ainneoin despite the fact
" in ainneoin go measaim féin go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, tá firinne éigin ag baint léi.
in ainneoin na ndeacrachtaí inspite of the difficulties
" Chuir sé iontas orm chomh sona is a bhí daoine agus chomh héasca is a rinne siad meangadh mór álainn gáire, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an bhrú a bhaineann lena saol.
in ainneoin despite the fact
" Ná déanaimis dearmad, mar shampla, gur de bharr rialacháin de chuid an AE atá rátaí uisce á ngearradh ar scoileanna na tíre faoi láthair! Bheadh neodracht na hÉireann i mbaol arís de bharr Chonradh Liospóin, in ainneoin gur cuireadh prótacal faoin neodracht le Conradh Nice.
In ainneoin Despite
" In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh despite the fact that he never finished his secondary schooling
" D’éirigh leis na poist sin ar fad a bhaint amach in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh.
in ainneoin an chruatain despite the hardship
" “Saol breá” a bhí acu ansin, in ainneoin an chruatain a bhí i gceist in amanna.
in ainneoin despite
" Sna blianta a chaill Gaillimh go luath sa chraobhchomórtas, roimh theacht do chóras an chúldorais, bhíodh sé de nós aige dul ar ragairne in ainneoin cluichí tábhachtacha a bheith le himirt lena chlub, an Cheathrú Rua.
In ainneoin despite
" In ainneoin reitrice Iosrael faoi Hamas a bheith ina eagraíocht sceimhlitheoireachta atá ina bagairt ar shlandáil na tíre, is amhlaidh gur thug Iosrael cúnamh díreach do Hamas sna hochtóidí.
in ainneoin despite
" Cuid den chúis leis an tsuim mhór ann ná go bhfuil an rás timpeall na Fraince, an Tour de France, buaite aige seacht n-uaire as a chéile in ainneoin é a bheith tinn le hailse ar feadh tréimhse dá shaol, agus go bhfuil sé tar éis filleadh ar an rothaíocht arís tar éis dó éirí as cúpla bliain ó shin.
in ainneoin despite
" Bhí ionracas ann agus bhí sé den bharúil gur chóir meas a bheith ag an arm ar an chumhacht shibhialta, in ainneoin ghéarchéim an chogaidh.
in ainneoin despite
" Ach in ainneoin sin ar fad, tagaim abhaile ó mo shiúlóid faoi chantal.
in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha despite the unusual circumstances
" Rinne Elizabeth gach iarracht só agus cúram a thabhairt do na páistí in ainneoin na gcúinsí neamhghnácha a raibh siad.
in ainneoin despite
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.