Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Foinse fuinnimh in-athnuaite a renewable energy source
" Foinse fuinnimh in-athnuaite a bheas ann agus beidh sé in ann 200 MW a tháirgeadh, dóthain do 200,000 teach nó cathair ar chóimhéid le Hobart.
foinse in-athnuaite fuinnimh renewable energy resource
" Chun na tithe a choimeád te (agus caitear cuid mhór fuinnimh ar a leithéid), úsáidtear scéimeanna láraithe chun tithe a sholáthar, trí phíopaí, le huisce te nó gal a dhéantar i lárionad áitiúil (rud a bhíonn níos éifeachtaí ná cúpla míle gaileadán tí) agus a úsáideann de ghnáth foinse in-athnuaite fuinnimh).
fuinneamh in-athnuaite renewable energy
" Níl aon dreasacht ann arbh fhiú trácht air don táirgeoir ná don tomhaltóir le húsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus is beag maoiniú a dhéantar ar thaighde ina leith.
cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite, different kinds of renewable energy,
" Is cuimhin liom an lá a bhí mé féin agus mo chomhghleacaithe ag dearadh clúdaigh d'iris nua a bhí ag díriú ar scéalta ag baint le cineálacha éagsúla fuinnimh in-athnuaite, grianchumhacht, pumpaí teasa agus adhmad ina measc.
cnámh droma (in-athnuaite) renewable back bone
" Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
bhfoinsí in-athnuaite renewable sources
" Dúirt príomhfheidhmeannach an mháthairchomhlachta, British Gas, i mí Eanáir na bliana seo, go mbeidh ísliú fuinnimh sa Bhreatain mura ndéanfar infheistíocht chuí i bhfoinsí in-athnuaite.
in-athnuaite renewable
" Dúirt príomhfheidhmeannach an mháthairchomhlachta, British Gas, i mí Eanáir na bliana seo, go mbeidh ísliú fuinnimh sa Bhreatain mura ndéanfar infheistíocht chuí i bhfoinsí in-athnuaite.
in-athnuaite recyclable
" Ní fhágtar, mar sin, ach an ghaoth agus an ghrian chomh maith le fuinneamh in-athnuaite eile, bithmhais agus cumhacht hidrileictreach, cuir i gcás, chun freastal ar riachtanais fuinnimh an 80 milliún duine atá ina gcónaí sa tír.
in-athnuaite renewable
" I gcás na hola, tá táirgí ionadaíocha ann – foinsí in-athnuaite fuinnimh – ach go minic bíonn said uireasach nó baineann said le teicneolaíocht neamhfhorbartha.
in-athnuaite renewable
" Tá sé curtha roimhe ag Bord Soláthair an Leictreachais go mbeidh aon trian dár gcuid leictreachais ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020 agus go mbeidh Éire neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2035.
d’fhuinneamh in-athnuaite of renewable energy
" Ag an am chéanna, áfach, tá níos mó daoine ag cur in aghaidh ceann de na foinsí is mó d’fhuinneamh in-athnuaite, mar atá, an ghaoth.
le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint to generate renewable energy
" Tuigeann muid uilig an gá atá le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus le astaíochtaí carbóin a laghdú.
a gcuid spriocanna i leith fuinneamh in-athnuaite their targets for renewable energy
" Conradh maith é seo don Bhreatain sa mhéid is go mbeidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil a gcuid spriocanna i leith fuinneamh in-athnuaite á gcomhlíonadh acu ach nach bhfuil gá oidhreacht agus áilleacht na tíre a scrios dá thairbhe.
fhuinneamh in-athnuaite renewable energy
" Tá Pádraig Mac Éamoinn den tuairim go bhfuil go leor le foghlaim ag Éirinn agus ag tíortha eile ón tSualainn maidir leis an fhuinneamh in-athnuaite.