Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní bheifeá ina dhiaidh sin air you wouldn't have blamed him for that
" Bhí Antóin marbh tuirseach agus ní bheifeá ina dhiaidh sin air agus an lá oibre a bhí istigh aige.
Ní bheifeá ina dhiaidh sin orthu you couldn't blame them
" "Ní bheifeá ina dhiaidh sin orthu," arsa Diarmaid.
dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin like his future wife
" Bhí athair Buckley ag obair do chomhlacht soláthraithe leictreachais in Éirinn, ach, dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin, Alice Devlin, thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe chun saol níos fearr a bheith aige.
go luath ina dhiaidh sin shortly after that time
" Tháinig an Normannach mór le rá John de Courcy go Cúige Uladh sa bhliain 1177, agus thosaigh sé a thógáil an chaisleáin seo go luath ina dhiaidh sin.
Dhá scór bliain ina dhiaidh sin, forty years later,
" Dhá scór bliain ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé an iasacht i gcuimhne dó oíche amháin i ndiaidh Bheannacht na Naomhshacraiminte sa Bhaisleac i gCnoc Mhuire, mhaígh sé gur síntiús polaitiúil a bhí ann, agus mheabhraigh sé dom nach mbíonn dul siar ar a leithéid nó teacht aniar as ach oiread.
an bhliain ina dhiaidh sin, the year after that,
" Bhí an bua ag Rutgers, agus an bhliain ina dhiaidh sin, thugadar dúshlán d’ollscoil Columbia ó Nua-Eabhrac sa chluiche céanna.
Ina dhiaidh sin, After that,
" Ach nuair a bhuaileann siad le chéile 30 bliain Ina dhiaidh sin, tá Jackie, an duine ab óige acu, marbh.
Blianta fada ina dhiaidh sin Many years after that
" Blianta fada ina dhiaidh sin, chuir mé aithne air arís agus a mhac, Pádraig, ag tosú amach mar dhalta i gColáiste Eoin, an scoil ina bhfuil mé féin ag múineadh.
Ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin, but a few moments after that
" Ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin, deir sé: “Dá mbeinn i m’fhear óg san Afraic Theas aimsir na cinedheighilte, bheinn i mo bhall den ANC.
go luath ina dhiaidh sin soon afterwards
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
gan mhoill ina dhiaidh sin without delay following that
" Vótáil chóir a bheith gach mac máthar ar son ‘Dingle Daingean Uí Chúis’ a thabhairt ar an bhaile agus gan mhoill ina dhiaidh sin bhuail taom inspioráide an tAire Ó Cuív agus shín sé an chonspóid ar fad chuig a chomhghleacaí rialtais ag an am - an tAire Comhshaoil, Dick Roche.
a bhunú gan mhoill ina dhiaidh sin, found not long after that
" ”Níor shíl Lunny ag an am sin go raibh aon rud nua nó radacach faoin cheol a bhí á sheinm aige féin agus ag a chairde ach nuair a tháinig sé féin Moore, O’Flynn agus Irvine le chéile leis an ghrúpa Planxty a bhunú gan mhoill ina dhiaidh sin, tuigeadh dóibh go raibh daoine an-tógtha leis an fhuaim a bhí acu.
ina dhiaidh sin afterwards
" Thug siad aghaidh ina dhiaidh sin ar theach na cúirte áitiúla ag rá: Féach, tá an dlí seo briste againn arís agus arís eile.
Ina dhiaidh sin as against that
" Ina dhiaidh sin arís, sheas mé ag cúl halla ag fanacht le Deaidí na Nollag (’09) agus ag éisteacht le Gaeilge na Gaeltachta, chuile fhocal chomh glan soiléir, ó ghasúir ghaelscoile na Galltachta! Dá mhéid mo ghean ar an ghaelscolaíocht roimhe seo, níor shamhlaigh mé riamh go dtí Nollaig 2009 go n-oibreodh an córas chomh ceart críochnúil is atá ag éirí le gaelscoil amháin ar m’eolas.
ina dhiaidh sin after all
" Is aisteach ina dhiaidh sin gurb é an Seanad is mó atá i mbéal na bpolaiteoirí agus iad ag trácht ar athleasuithe.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin shortly afterwards
" Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé chuig an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha, é ar thaobh an bhóthair agus an fharraige lena chúl aniar aneas.
Ina dhiaidh sin is uile when all is said and done
" Ina dhiaidh sin is uile, tá soiléiriú de dhíth faoi chúpla gné den scéal.
Is spéisiúil ina dhiaidh sin despite that it’s interesting
" Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
ina dhiaidh sin despite that
" Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
go luath ina dhiaidh sin soon afterwards
" Léiríonn cáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndeachaigh Oifig an Ombudsman i mbun oibre ar dhréachtadh an dara scéim go luath ina dhiaidh sin.
coicís ina dhiaidh sin a fortnight later
" Chonaic mé fógra coicís ina dhiaidh sin ar an nuachtán tráthnóna, ag lorg príomhoide do Ghaelscoil Míde.
ina dhiaidh sin later
" Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.
ina dhiaidh sin following that
" Caithfidh nach raibh Apple róshásta leis? “Déarfainn gur díoladh níos mó iPods ina dhiaidh sin toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad.
ina dhiaidh sin is uile when all is said and done
" Ach an dtig liom ceist eile a chur ort anois? An bhfuil seans ar bith ag seanphágánach de mo leithéid dul isteach i Ríocht Dé ar ball? Caidé do bharúil dhiaga shaineolach?** Benedictus: Bhuel, a Bhaloir, tá iomlán mo shaoil caite agam ag staidéar na diagachta, agus is é atá foghlamtha agam ina dhiaidh sin is uile ná gur cóir i gcónaí dul ar ais chuig an Scrioptúr.
Ní naoimh iad ina dhiaidh sin they’re not saints despite that
" Ní naoimh iad ina dhiaidh sin.
ina dhiaidh sin afterwards
" Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.
Go luath ina dhiaidh sin soon afterwards
" Go luath ina dhiaidh sin, bhí Sáirsint de chuid na nGardaí atá lonnaithe ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, i dteagmháil liom ag lorg cóipeanna de na hagallaimh agus tras-scríbhinn i mBéarla den mhéid a dúradh.
Ina dhiaidh sin amach from then on
" Ina dhiaidh sin amach - nuair nach raibh sé ag cur sneachta - bheadh slua mór daoine ag an phub, ceoltóirí agus lucht éisteachta, Martin Green ó Lau ina measc ach chinn Úna ar an cheol thraidisiúnta Éireannach a chur chun cinn san ollscoil fosta, ag déanamh ceadail uair sa téarma in áit a bhí ag cur thar maoil le ceol clasaiceach.
Ina dhiaidh sin after that
" Ina dhiaidh sin nuair a labhraítear í is a instealltar agus a mhúnlaítear le saíocht is le dearcadh na sochaí í.
Go luath ina dhiaidh sin shortly afterwards
" Go luath ina dhiaidh sin toghadh an baincéir Jon Corzine mar rialtóir.
Níor deineadh a thochras ina dhiaidh sin it wasn’t wound up after that
" Níor deineadh a thochras ina dhiaidh sin go dtí 2013.
Ina dhiaidh sin go léir despite all that
" Ina dhiaidh sin go léir, ní thuigeann an pobal gur bhuail carr é go dona ina óige, ba ar éigean a tháinig sé beo as agus fágadh sláimín airgid i gcuntas dó nuair a thiocfadh sé in inmhe.
léifinn iad ina dhiaidh sin I’d read them later
" Bhí mé sa Róimh uair amháin agus bhí leabharthaí ar díol agus dúirt mé liom féin go mba chóir domh cúpla leabhar a cheannach; go léifinn iad ina dhiaidh sin.
go luath ina dhiaidh sin soon afterwards
" , a fuair bás ceithre mhí i ndiaidh dóibh pósadh agus thosaigh a caidreamh le Lavery go luath ina dhiaidh sin.
ina dhiaidh sin despite that
" Thug Lizzie Windsor ceacht Gaeilge do mhuintir Bhéarla na hÉireann, cuid acu a déarfas “a Cathairleach” (sic) sa Dáil féin agus níor thit an spéir ar an talamh ina dhiaidh sin a deir Pat Butler.