Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
díreach ina sheasamh ansin just standing there
" Bhí an t-allas ina rith le Diarmaid agus é díreach ina sheasamh ansin.
ina seasamh ar aire standing to attention
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
ina sheasamh ag lorg bus standing for a bus
" Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile.
bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir the police were standing around doing nothing
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh standing in the doorway of the capsule
" Laochra an Alltair ====== Nuair a chonaic mé Baumgartner ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh, chuir sé Neil Armstrong i gcuimhne dom.
mairtíreach ina sheasamh go séimh a martyr standing quietly
" I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite.
ina seasamh standing
" Ní raibh fanta le breacadh an lae ach na ballaí agus an túr ina seasamh.
D’éirigh lán an tí ina seasamh the whole crowd rose up on their feet
" Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais =================== D’éirigh lán an tí ina seasamh le bualadh bos a thabhairt do Ghearóid Ó Cairealláin nuair a fógraíodh chun an ardáin le Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a ghlacadh ón Aire Stáit Donnchadh Mag Fhionnghaile.
ina seasamh crom ar standing bent over
" Tá Hazel agus Alice, iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo.