Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iománaithe hurlers
" Ach maidir le Seáiní Mac Mathúna, Jamsey Ó Conchubhair agus imreoirí cróga an Chláir, Pól Ó Floinn agus gaiscígh eile Phort Láirge, Joe Déin agus iománaithe sciliúla Chorcaí agus iliomad imreoirí iontacha eile, ealaíontóirí an chluiche is fearr in Éirinn, ní fheicfear iad i mbun imeartha lena gcontaetha go ceann bliana eile.
hiománaithe hurlers
" Bhí an tsáriarracht san iomáint i 1961 i lár an "cheapaire" sin! Áit na leathphingine ======= Cuid de na hiománaithe ab fhearr ag an am sin, daoine mar Des agus Lar Ó Foghlú agus Des Mac Fhearghusa, bhíodar ar an bhfoireann pheile freisin; agus ós rud é gur bhuadar an Chraobh Pheile, bhí an iománaíocht fágtha in áit na leathphingine.
scoth na n-iománaithe óga the best young hurlers
" Is é an cuspóir ná deis a thabhairt do scoth na n-iománaithe óga as Baile Átha Cliath imirt i gcoinne na n-imreoirí is fearr sna coláistí is láidre i gCúige Laighean ar nós Choláiste Naomh Ciarán, Cill Chainnigh, Coláiste Naomh Peadar, Loch Garman, Coláiste na Dea-Chomhairle, Ros Mhic Thriúin, etc, agus ar an gcaoi sin caighdeán na himeartha i mBaile Átha Cliath a ardú.
iománaithe hurlers
" Níl an oiread céanna reatha le déanamh ag iománaithe toisc go dtaistealaíonn an sliotar chomh fada agus chomh tapaidh sin, ach déanann siad san traenáil an-dian freisin.
iománaithe hurling players
" Tá na pictiúirí seo an-éifeachtach mar a deirim agus, i mo chás féin, cuireann siad i gcuimhne dom an tsamhail a bhí agam de na hiománaithe a chonaic mé le linn m'óige.
iománaithe den scoth excellent hurlers
" Bhí iománaithe den scoth ann ar nós Matt Ruth agus Jack Ryan.
iománaithe hurlers
" Ag imirt peile ======= An fhadhb is mó maidir le stádas agus cur chun cinn na hiomána i mBaile Átha Cliath, dar le Mícheál, ná an pheil, toisc go mbíonn na hiománaithe ag imirt peile go rialta agus gan a bheith ag imirt iomána an t-am ar fad.
iománaí hurler
" Deir na himreoirí a bhí ann ag an am, leithéidí Gerry McEntee agus Mick Lyons, gur beag aithne a bhí acu ar Sheán Boylan, é sin nó ní raibh aithne dá laghad air! An t-aon aithne a bhí ag go leor air ná gur iománaí cuibheasach maith a bhí ann! Is é an bealach a ndeachaigh Seán i gcion ar na himreoirí i dtosach ná tríd an meas a léirigh sé orthu, trí aire a thabhairt dóibh i slite éagsúla agus trí bheith ag éisteacht leo, go mórmhór leis na seanfhondúirí ar nós Joe Cassells agus Gerry McEntee.
rogha mhór iománaithe iontacha a big choice of great hurlers
" In ainneoin go bhfuil rogha mhór iománaithe iontacha ag Contae na Gaillimhe, déarfainn go mbuafaidh ceann de na contaetha móra orthu, is é sin Cill Chainnigh, Tiobraid Árann nó Corcaigh, nuair a chasfar ar a chéile iad.
an t-iománaí sciliúil the skillful hurler
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
na hiománaithe the hurlers
" Bhí peileadóirí Laoise agus Átha Cliath le feiceáil beo ar an teilifís faoi thrí go dtí seo - ní raibh na hiománaithe beo oiread is uair amháin.
iománaí hurler
" Ní gá ach breathnú ar ar fhoilsigh nuachtán áirithe Domhnaigh faoi shaol pearsanta an iománaí DJ Carey an mhaidin a bhí craobh iomána na hÉireann le himirt, lena aithint go bhfuil géarghá le struchtúr a dhéanfadh monatóireacht ar na meáin.
an t-iománaí ab fhearr the best hurler
" Tar éis an tsaoil, ba é Setanta an laoch nua óg i gCorcaigh - an t-iománaí ab fhearr b'fhéidir ó chroch Jimmy Barry Murphy féin a chamán faoin staighre (nó cibé áit ina gcrochann sean-iománaithe a gcuid camán nuair a éiríonn siad as!).
iománaí óg na bliana young hurler of the year
" Réalt agus iománaí óg na bliana ag deireadh an tséasúir.
iománaithe hurlers
" Is dream amaitéarach iad peileadóirí agus iománaithe.
stailc iománaithe Chorcaí the Cork hurlers' strike
" Eachtraí tromchúiseacha ======= Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d'imreoirí agus staid na hiomána.
iománaithe hurlers
" Ar an ábhar sin, déanann peileadóirí, iománaithe, lúthchleasaithe, dornálaithe, agus araile, diantraenáil gan smaoineamh ar an saol a bheas ann ina dhiaidh.
iománaithe hurlers
" Feiceann iománaithe agus peileadóirí é sin agus feiceann siad an cineál airgid atá á thuilleamh ag lucht sacair, rugbaí, gailf agus araile.
iománaí hurler
" Tá portráid chumhachtach ríoga cruthaithe ag Robert Ballagh den iománaí Christy Ring, a théann leis an dán den ainm céanna leis an fhile Seán Ó Tuama, agus tá an rud céanna déanta ag John McNaught lena shaothar siúd a théann leis an dán “Turas Dhomhnaill do Glaschu” le Niall MacLeoid, a thugann rabhadh do mhná glice.
iománaithe hurlers
" I ndáiríre, murach fhir an iarthair, ba dheacair gan a bheith rud beag éadóchasach faoi dhul chun cinn na hiomána ach, faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí, tá iománaithe na Gaillimhe tar éis dúshlán na “mbuachaillí móra” a thabhairt.
cúigear iománaithe five hurlers
" Is iad an cúigear iománaithe atá á gceiliúradh ná Donie Nealon (Tiobraid Árann), Joe Hennessy (Cill Chainnigh) Tomás Mulcahy (Corcaigh), Liam Dunne (Loch Garman) agus Davy Fitzgerald (an Clár).
an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin how the hurlers of Tyrone and Cavan were treated
" Cáineann an GPA an bealach ar caitheadh le hiománaithe Thír Eoghain agus an Chabháin.
Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain the senior hurlers of Tyrone were told
" Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain dá bhrí sin dul go dtí páirc CLG an Chaisleáin Ghlais.
iománaithe hurlers
imirt i gcoinne na n-iománaithe óga ab fhearr to play against the best young hurlers
" Glacadh leis an smaoineamh freisin toisc, ag an am, nach raibh an deis ag iománaithe óga na hardchathrach imirt i gcoinne na n-iománaithe óga ab fhearr i gCúige Laighean seachas ag grád na mionúr agus ní raibh san am sin aon chúldoras faoi mar atá anois ag na foirne a shroicheann craobh an chúige.
iománaí speisialta special hurler
" Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
iománaí hurler
" Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile.
iománaithe hurlers
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta. the hurlers should be left to hurl.
" Peileadóirí a theastaíonn ó fhoireann Átha Cliath agus is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta.
Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin I also want to congratulate the Roscommon hurlers
" Dochreidte! Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin as a mbuanna i gCorn Nicky Rackard agus i gCraobh Faoi 21 B na hÉireann, agus le foireann Dhoire Faoi 21 a bhuaigh Craobh Uladh agus buanna maithe ar an Dún agus ar Aontroim i gceist.
na hiománaithe ar an gclaí, the hurlers on the ditch,
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
iománaithe na Gaillimhe the Galway hurlers
" Bhuaigh Tír Eoghain ar Ard Mhacha i gcraobhchomórtas peile Uladh, agus bhí bua éasca ag iománaithe na Gaillimhe ar Laois i gcluiche stairiúil i gcraobhchomórtas Laighean.
hiománaithe players
" De réir na rialacha speisialta a bhíonn i bhfeidhm don chluiche iománaíochta/camanachd níl cead ag na hiománaithe breith ar an sliotar ná é a chiceáil ar an talamh.
iománaithe hurlers
" Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann shinsearach Craobh Laighean.
an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós does one still need to train the Cats’ hurlers
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
formhór mór na n-iománaithe fós ag brath ar most of the hurlers are depending on
" Ó thaobh na hiománaíochta féin, tá formhór mór na n-iománaithe fós ag brath ar an gcamán fuinseoige in ainneoin go bhfuil iarrachtaí ar bun ó na 1970í (camán Wavin) camán sintéiseach nó saorga a dhéanamh.
na hiománaithe ar an chlaí seo these hurlers on the ditch
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.
Bhain iománaithe faoi-21 the under 21 hurlers won
" Bhain iománaithe faoi-21 Aontroma cluiche ceannais iomána amach i mí Lúnasa, an chéad fhoireann Ultach lena leithéid a dhéanamh, ach níor chraol BBC The Province an cluiche mór (Is mór an gar, arsa tusa).
iománaithe hurlers
" De bharr na n-athruithe ar fad le blianta beaga anuas, is beag duine nach nglacfadh leis go bhfuil lucht spóirt, peileadóirí agus iománaithe san áireamh, níos aclaí, níos láidre, níos sciobtha, níos mó agus b’fhéidir níos oilte ná mar a bhí a macasamhla rompu.
an t-iománaí óg the young hurler
"an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil.
iománaí hurler
" Is ó bhéal Dan Shanahan, iománaí Phort Láirge, a tháinig cuntas an leabhair.