Is fíor a rá go raibh níos mó cluichí i mbliana ann a bhí fíormhaith ná mar a bhí le blianta beaga anuas, agus bhí roinnt torthaí suimiúla sa tSraith Náisiúnta, go mór mór Áth Cliath ag buachaint ar Ghaillimh, ar Luimneach agus comhscór acu le Cill Chainnigh, ach ag an am céanna ní raibh
dóthain iomaíochta in a lán de na cluichí le go bhféadfaí a rá go raibh séasúr sármhaith ann.