Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hiomaitheoirí the competitors
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
iomaitheoirí competitors
" Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí.
iomaitheoirí competitors
" Margadh na cógaslainne ======= Anseo sa bhaile tá bacainní á gcur ar iomaitheoirí nua dul isteach i margadh na cógaslainne.
iomaitheoirí competitors
" I gcónaí ag smaoineamh ar dhóigheanna nua chun teagmháil a dhéanamh leis an phobal agus coinneáil céim amháin chun tosaigh ar na hiomaitheoirí, lainseáil muintir Uí Chionnaith dánlann shamhalta ar an idirlíon le déanaí www.
iomaitheoir competitor
" Anuas air sin, baineann Avago úsáid as an teicneolaíocht taobh thiar de i-TV chun feiscint conas mar atá ag éirí le gach iomaitheoir faoi leith - agus labhraíonn na láithreoirí leo go díreach ansin.
na hiomaitheoirí a mhealladh to attract the competitors
" AÓF: Cé mhéad duine atá ag obair in oifig an Oireachtais? LÓM: Beirt! Beirt go lánaimseartha! AÓF: Cén chaoi a bhfuil ag éirí libh mar sin? LÓM: Níl éirithe linn, ar aon scála mór, na hiomaitheoirí a mhealladh chuig Féile Bhealtaine.
iomaitheoirí competitors
" An bhfuil deireadh leis an bhfís a deir gurb é is tábhachtaí ná páirt a ghlacadh, an t-idéal a thiomáin iomaitheoirí leis na cianta agus a thionscain na Cluichí Oilimpeacha.
iomaitheoirí rivals
" Ní sna toghcháin áitiúla amháin a bhíonn bearna bheag idir na hiomaitheoirí.
iomaitheoirí competitors
" Céard a thaitníonn liom fúithi? Cad iad na tréithe a bhaineann léi? Céard iad na slata tomhais a d'úsáidfinnse chun portaireacht duine éigin a mheas? Céard iad na rudaí nó na tréithe a lorgóinn ón bportaireacht a chabhródh liom an chéad, an dara nó an tríú háit a bhronnadh ar dhuine? An bhfuil aon rud fúithi nach dtaitníonn liom? Seo thíos cuid de na rudaí a luaigh mé leis na hiomaitheoirí agus leis an lucht éisteachta an lá sin.
iomaitheoirí competitors
" B'éigean do na hiomaitheoirí seasamh docht daingean a ghlacadh ar cheist bheo ár linne, agus ansin, nuair nach rabhthas ag súil lena leithéid, a mhalairt ar fad de sheasamh a ghlacadh, ach an dara seasamh a bheith chomh dúr dolúbtha céanna leis an chéad cheann.
iomaitheoir competitor
" Ach, ag filleadh arís ar "fhadhb" na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan.
easpa cumais na n-iomaitheoirí the lack of ability of the competitors
" Ach, ag filleadh arís ar "fhadhb" na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan.
barraíocht iomaitheoirí too many competitors
" Tá sé an-deas an méid sin daoine a bheith ag clárú do na comórtais, ach (mo léan!) tá cúrsaí ag dul as smacht mar go bhfuil barraíocht iomaitheoirí againn.
iomaitheoir competitor
" Is deacair ach oiread glacadh le leithscéal an Lucht Oibre nó an Pháirtí Ghlais gur le hairgead a shábháil nár chuireadar iomaitheoir dá gcuid féin chun tosaigh.
dá n-iomaitheoirí to their competitors
" " Mar a luadh níos luaithe, táthar ag súil go spreagfar tuilleadh iomaíochta sa mhargadh fón póca anois toisc go gcuirfear iachall ar aon chomhlacht a bhfuil a ngréasáin féin acu rochtain ar na gréasáin sin a thabhairt dá n-iomaitheoirí.
dhá iomaitheoir two competitors
" An uair dheireanach, ní raibh i gceist ach dhá iomaitheoir: Aer Arann agus aerlíne gearrshaolach darbh ainm Euroceltic.
dhá iomaitheoir chumhachtacha, láidre two powerful and strong competitors
" Tá iomaíocht ghéar idir na spóirt go léir agus ní thagann sé le ciall go dtabharfadh cumann amaitéarach spóirt (atá beag ar scála domhanda) cúnamh suntasach do dhá iomaitheoir chumhachtacha, láidre a bhfuil airgead mór agus tacaíocht lucht gnó agus na meán cumarsáide taobh thiar díobh.
iomaitheoir competitior
" Agus an bhfuil seans ar bith go bhfeicfear traein Maglev lá éigin agus dathanna Iarnród Éireann uirthi? Gaillimh go Luimneach i 15 nóiméad, nó Baile Átha Cliath go Port Láirge i 25 nóiméad – samhlaigh é! Ní dócha gur gá do Phádraig Ó Céidigh bheith buartha go dtiocfaidh iomaitheoir nua chun cinn d’Aer Arann.
iomaitheoir competitor
" Ach ansin, thug Comhaltas rialacha úra isteach a chiallaigh gurbh éigean d’iomaitheoir clárú mar bhall de chraobh an Chomhaltais nó óna sheoladh baile.
iomaitheoir competitior
" Agus an bhfuil seans ar bith go bhfeicfear traein Maglev lá éigin agus dathanna Iarnród Éireann uirthi? Gaillimh go Luimneach i 15 nóiméad, nó Baile Átha Cliath go Port Láirge i 25 nóiméad – samhlaigh é! Ní dócha gur gá do Phádraig Ó Céidigh bheith buartha go dtiocfaidh iomaitheoir nua chun cinn d’Aer Arann.
iomaitheoirí competitors
" AÓF: B'fhearr liom féin go mór nach mbeadh daoine (idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta) chomh tógtha sin leis an gcomórtasaíocht ach go gcuirfidís níos mó spéise san amhránaíocht féin agus go mbainfidís taitneamh aisti.
idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta both competitors and the audience
" AÓF: B'fhearr liom féin go mór nach mbeadh daoine (idir iomaitheoirí agus lucht éisteachta) chomh tógtha sin leis an gcomórtasaíocht ach go gcuirfidís níos mó spéise san amhránaíocht féin agus go mbainfidís taitneamh aisti.
iomaitheoirí mara competitors on the sea
" (Agus ní hé an t-aerlasta amháin atá faoi bhrú ag iomaitheoirí mara.
iomaitheoirí competitors
" Ach tá iomaitheoirí ag Havok, agus tá roinnt de na bogearraí a chuireann fisic i bhfeidhm i gcluichí anois á gcur ar fáil mar chártaí grafacha crua-earraí.
iomaitheoir competitor
" ” Bhí Tadhg féin mar iomaitheoir sa bhféile cúpla uair freisin.
iomaitheoirí competitors
" Mar shólás do British Airways ní thiocfaidh an comhaontú nua i bhfeidhm go deireadh mhí an Mhárta 2008 (in áit mhí Dheireadh Fómhair 2007, mar a moladh ar dtús), ach is sólás beag dóibh é, agus cúis áthais dá gcuid iomaitheoirí mar Lufthansa agus Air France.
leis na hiomaitheoirí. with the rivals.
" Bhí sceitimíní ar Liam, ach ag an am chéanna bhí drogall air a bheith ag traenáil leis na hiomaitheoirí.
iomaitheoirí láidre strong competitors
" Tuilleann siad go leor brabúis as na paisinéirí a thaistilíonn sa ghrád gnó nó sa chéad ghrád chun ticéid na ndaoine a thaistilíonn “sa stíris” a mhaoiniú, agus is iomaitheoirí láidre iad.
iomaitheoir competitor
" Agus mar chruthú air seo, ní bheidh cead ag aon iomaitheoir dul thar dhaichead nóiméad (ach amháin má bhíonn an t-amhrán brónach).
ar líon na n-iomaitheoirí on the number of competitors
" I lomchodarsnacht le Corn Shanski Jerzy Phatski Danski, ní bheidh an teorannú céanna ar líon na n-iomaitheoirí a bheas in ann cur isteach ar an chomórtas úr damhsa ar an sean-nós – damhsa ar an sean-nós i stíl na Rúise is ea é.
óna gcuid iomaitheoirí, from their competitors,
" Is faoi úinéireacht phoiblí atá RTÉ, TG4 agus RTÉ RnaG agus táthar éagsúil go maith óna gcuid iomaitheoirí, atá faoi úinéireacht chomhlachtaí iasachta den chuid is mó.
51 iomaitheoir 51 competitors
" Bhris sé mo chroí nuair a bhí orainn 51 iomaitheoir a ghearradh siar go 25.
iomaitheoirí competitors
" I dteannta na bpíobairí, tagann iomaitheoirí ó na réigiúin sin le páirt a ghlacadh sna comórtais oscailte pháirce agus lúthchleasaíochta.
iomaitheoirí competitors
" Samhlaítear do Bhalor go mbeadh cleachtadh maith ag iomaitheoirí na hÉireann sa snámh in aghaidh easa, nó is é sin atá ar siúl againn le blianta fada.
iomaitheoir competitor
" Caitheadh duine amháin amach beagnach gach oíche agus ag an deireadh nior fágadh ach an t-aon iomaitheoir amháin: John Creedon.
iomaitheoirí competitors
" An tAiséirí Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta.
iomaitheoirí contestants
" Tar éis titim an Aontais Shóivéidigh i 1989, ní raibh ach sárchumhacht amháin ar domhan, ach le roinnt blianta anuas anois, tá tíortha mar an Ind, an tSín, agus (más tír é) an tAontas Eorpach, ag teacht chun cinn mar iomaitheoirí do Mheiriceá.
iomaitheoir a competitor
" Tá sé thar am iomaitheoir a chrúthú don teicneolaíocht sheanaimseartha, ach uileláithreach, seo.
n-iomaitheoirí contestants
" Le teacht níos tapúla ar a n-iomaitheoirí, chuir na meirligh nuathagtha d’fhiacha ar na háitritheoirí dúchais cabhrú leo.
hiomaitheoirí competitors
" Seachas duaiseanna a bhronnadh do na comórtais éagsúla i mbliana, beidh sí féin ag bronnadh teideal, rud a shásóidh an Coiste Náisiúnta ó thaobh costais de, agus a shásóidh mórán de na hiomaitheoirí ón taobh ó dheas den tír a bheas chomh bródúil le rí as na teidil úra a bheas acu: teidil ar nós Diúc Dhún Chaoin agus Iarla Iar-Chorcaí.
n-iomaitheoirí competitors
" Luaigh mé im’ alt deiridh go raibh mo phodchraoladh féin is an suíomh seo i measc na n-iomaitheoirí i nGradaim Ghréasáin na hÉireann.
n-iomaitheoirí uilig all of the competitors
" Is é seo an tríú huair don chomórtas a bheith i gcathair ar bith eile seachas An Tate i Londain - chonacthas i Learpholl agus i St Ives roimhe seo é - agus beidh saothar na n-iomaitheoirí uilig le feiceáil i láithreain éagsúla timpeall na cathrach ar feadh trí mhí sula mbronnfar an príomhdhuais de £25,000 ar an bhuaiteoir.
iomaitheoir contestant
" B’amhlaidh an cás d’Imogen Thomas (iar-*Miss Wales* agus iomaitheoir ins an chlár *Big Brother*) a raibh caidreamh gnéis aici ar feadh sí mhí le peileadóir pósta a bhíonn ag imirt i bPríomhroinn Shasana.
ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile any more than any other contestant
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
dhul chun cinn gach iomaitheora every contestant’s progress
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
ag léamh faoi na hiomaitheora reading about the participants
" Bhí trua agam do Bhreandán Delap an mhí seo caite agus mé ag léamh faoi na hiomaitheora i nDúshlán Bliaintúil na Mám Toirc (Beo Bealtaine 2013).
iomaitheora competitor
" Ach, a bhuíochas do shoiléiriú daoine eolacha eile agus don Ghréasán Domhanda chomh maith, tuigim anois gur disciplín ar leith é an siúl a bhfuil rialacha ar leith ag baint leis agus a éilíonn féinsmacht dian agus aigne an-dírithe i gcás an iomaitheora.
iomaitheoirí competitors
" D'éirigh go dona le hiomaitheoirí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana arís agus níl Colm Mac Séalaigh dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí san am atá romhainn ach oiread.