Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an dé a choinneáil ionainn féin keep life in ourselves
" Caithfidh muid uilig an t-ocras a chloí; caithfidh muid uilig an dé a choinneáil ionainn féin.
cothaíodh an tírghrá ionainn patriotism was instilled in us
" Le cois na ndea-nósanna a múineadh dom féin agus don chuid is mó de na páistí Meiriceánacha eile a raibh aithne agam orthu - ag rá go raibh brón ort, ag scríobh nótaí buíochais, ag féachaint an dá threo roimh dhul trasna na sráide, ag athrú do chuid fo-éadaí gach lá, agus ag sruthlú an leithris *gach *uair a d'úsáid tú é - cothaíodh an tírghrá ionainn chomh maith.
ghasúr atá ionainn our inner child
" Ach don ghasúr atá ionainn ar fad tá <http://www.
ionainn ó dhúchas in us by nature
" Níl sa tsibhialtacht ach smacht a choinneáil ar na fórsaí dorcha atá ionainn ó dhúchas.
dhúisíonn ionainn an mothúchán awakens the feeling within us
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
gur buaileadh an teanga isteach ionainn that the language was bet into us
" Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl? Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*
ionainne in us
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
roinnimis a bhfuil ionainn let’s share what we have
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin there’s no reason why we wouldn’t be as adventurous
" Má bhí mianach siúil sna sean-Ghaeil, níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin.
fite fuaite ionainn part of us
" 
 “Deir Alison liom, bean ó chúlra thar a bheith dílseach, ‘is í teanga dhúchais s'againne í, tá sé fite fuaite ionainn, tá rud éigin taobh istigh ionainn atá oscailte don Ghaeilge.
bhfuil sin ionainn mar dhream we have that in us as a people
" “Sílim go bhfuil sin ionainn mar dhream de bharr na staire, de bharr rudaí a thit amach siar sna blianta.
cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad it’ll help the caveman in all of us
" Más féidir an teicneolaíocht a úsáid gan stró, cabhróidh sé leis an duine pluaise ionainn ar fad ár ndúil a aimsiú.
Ní Giúdaigh a bhí ionainn we weren’t Jews
" Ní Giúdaigh a bhí ionainn ach lucht na gCeart Sibhialta.
ionainn go léir in us all
" Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn our wanderlust is a opportunity to gain insight
" Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn dar le Diarmuid Johnson.