Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léiríodh dom it was shown to me
" Ba é an rud ba thábhachtaí ná gur léiríodh dom nach bhfuil an Ghaeilge marbh ná leathmharbh ach beo bríomhar agus í á labhairt i measc na bpáistí óga.
mar a léiríodh thuas as was shown above
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá an-chuid acu mar a léiríodh thuas.
mar a léiríodh as was shown
" An é sin le rá go bhfuil Áth Cliath beagnach chomh maith le Tiobraid Árann? B'fhéidir nach ea ach tá siad beagnach chomh maith le hUíbh Fháilí mar a léiríodh sna babhtaí cáilithe níos déanaí.
nár léiríodh roimhe which was shown before
" " An tábhacht a bhaineann le Brennan, dar le John Boland, ná go léiríonn sí saol aicme áirithe in Éirinn nár léiríodh roimhe.
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán despite the fact that not that much interest was shown in the film
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
léiríodh iontu they showed
" Ní raibh na saothair seo ar díol sna siopaí turasóireachta agus léiríodh iontu an foréigean agus an t-anord a bhí i gceist ó cuireadh tús leis an chogadh.
léiríodh í i gcomhpháirt leis it was produced in conjunction
" Bhí an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile agus léiríodh í i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín.
léiríodh demonstrated
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
léiríodh was demonstrated
" Tá sé sa phost úr - níl a fhios agam cad é na cáilíochtaí atá aige - le rudaí a stopadh mar a léiríodh i líne thar a bheith suimiúil in alt sa Belfast News Letter ar na mallaibh.
léiríodh fíorbheagán suime very little interest was evident
" Tá sé suimiúil mar sin, léiríodh fíorbheagán suime sa rang i Muineachán, cuir i gcás, ansin i nGaillimh agus i gCluain Meala agus in áiteanna eile mar sin, léirigh daoine an-suim iontu.
Léiríodh dúinn it was demonstrated to us
" Léiríodh dúinn sna seachtainí beaga a chuaigh thart a mífheidhmiúla is atá lucht polaitíochta na tíre.
léiríodh it was demonstrated
" Sa phobalbhreith chéanna de chuid Red C, léiríodh go gceapann 26% den pobal gurb é Éamonn Gilmore ab fhearr mar Thaoiseach le hais 19% ar son Enda Kenny.
Léiríodh it was demonstrated
" Léiríodh i gCeanada gur cosaint ceithre bliana in aghaidh leanbaíocht na haoise é an dá theanga a bheith ag duine.
nár léiríodh wasn’t performed
" Táimid níos cleachta le hathionchollú an scéil, mar atá, an ceoldráma *My Fair Lady* ina raibh Audrey Hepburn agus Rex Harrison agus d’ainneoin an móréileamh air siúd, tá sé suimiúil nár léiríodh an dráma in Amharclann na Mainistreach riamh roimhe seo.
léiríodh dúinn an baol we were shown the danger
" Agus léiríodh dúinn an baol a bhaineann le bheith ag brath ar an domhan mhór.
léiríodh dúinn na lochtanna the faults were demonstrated to us
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
léiríodh it was shown
" Mar chuid de ‘Suirbhé Sábháilteachta na hEorpa ar Líne’ a rinne Microsoft i 2009, léiríodh gur fhulaing 22% de dheagóirí na hÉireann maistíneacht ar líne.
léiríodh was shown
" Bunaíodh coimisiún ríoga leis an gcás a scagadh agus léiríodh ann go raibh an fhianaise fhóiréinseach thuas go hiomlán lochtach.
léiríodh was demonstrated
" Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
Léiríodh roinnt den obair seo an-soiléir some of these matters were demonstrated clearly
" Léiríodh roinnt den obair seo an-soiléir ag Tóstal na Gaeilge in Óstán Hilton Dé Sathairn i mBaile Átha Cliath 16 Feabhra.
a léiríodh which was demonstrated
" How did she answer her child’s question — the big one, the obvious one?*” Níor theastaigh páistí ó Wallace féin de réir dealraimh, ach ba mhór aige soineantacht na n-óg, rud a léiríodh ina scéal galánta, ‘*Forever Overhead*’, scéal fé cheiliúradh bhreithlá buachalla i lár linn snámha (“*you are mostly good…though not without spine*”).
An fhreasúracht a léiríodh the opposition shown
" An fhreasúracht a léiríodh i gcoinne na bhfeirmeacha gaoithe i lár na tíre, ar éigean ab fhéidir a leithéid a chruthú in iarthar na hÉireann d’easpa daonra.
mar a léiríodh iad go soiléir as clearly shown
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
léiríodh os comhair na sluaite which was shown before large crowds
" Ina measc bhí Paul Philidor a chuir sár-sheó taibhsiúil ar bun sa bhliain 1722, seó a léiríodh os comhair na sluaite i gcathracha móra dála Bheirlín, Vín, agus ar ndóigh, Páras féin.
ba é an dóigh ar léiríodh iad it was how they were presented
" Thiomsaítí iad go rialta mar go raibh ardluach orthu mar chapaill ghraifne agus mar eich oibre araon, ach ba é an dóigh ar léiríodh iad sa litríocht a ba chionsiocair le han-dúil na nAstrálach i gcapaill fhiáine na hard-dúiche.
Léiríodh it was shown
" Léiríodh a flaithiúla agus a thuisceanaí atá mo chairde agus daoine eile nach iad.
Léiríodh an tacaíocht sin that support was demonstrated
" Léiríodh an tacaíocht sin ag Coinbhinsiún ag bhí ag an UIL, mí Feabhra na bliana 1909.
léiríodh screened
" Thug clár teilifíse a rinneadh ar Niall Tóibín, ‘Seóman’, a léiríodh faoi Nollaig ar TG4, ábhar machnaimh do John-Paul McCarthy ar an ‘inneall cealgach’, Cathair Chorcaí.
dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh the opinion(s) and boastfulness shown
" Chuir John-Paul Mc Carthy leabhar a scríobh John Paul Stevens faoi Bhunreacht na Stát Aontaithe i gcomórtas le dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh in Éirinn ag leathbhric an údair faoin mBunreacht abhus.