Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léirithe produced
" Cé go bhfuil cúpla ceoltóir eile i dteannta Bhreanndáin ar an albam (Neil Martin ar an dordveidhil agus ar an méarchlár, agus Noel O'Grady ar an mbasoucaí) albam aonair atá ann i ndáiríre, léirithe go héifeachtach ag Gavin Ralston agus foilsithe go neamhspleách ag Breanndán féin.
léirithe illustrations
" Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid.
léirithe produced
" Tá leabhra foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann lena scéal.
a scileanna léirithe his production skills
" Dónal Lunny as a scileanna léirithe.
an tIonad Léirithe the Interpretative Centre
" D'aithin siad freisin gurbh fhéidir an drioglann go léir a théamh sa chaoi chéanna - na *mash tubs*, an téamh lárnach, an tIonad Léirithe srl; d'ainneoin sin, bheadh farasbarr uisce te ar fáil fós - agus, mar ab eol dóibh, theastaigh linn snámha óna gcomhoileánaigh.
an oiread sin spéise léirithe so much interest shown
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
léirithe shown
" Deirtear go bhfuil suim mhór léirithe aige i gcúrsaí iascaireachta ach i mbeagán ábhar eile.
léirithe produced
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
léirithe staged
" Bhí os cionn 250 duine páirteach sna léirithe seo ar fad! Tá Gradam an Bhéil Bhinn bronnta ar thriúr éagsúla ó 2002: Hedley Wright (Deasún Mac an tSaoir), Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.
léirithe shown
" Ach tá sé léirithe ag tíortha eile san Aontas Eorpach nach gá go mbeadh ár gcaidreamh gnó le SAM i mbaol má ghlactar seasamh láidir ar an cheist seo.
ag deireadh an léirithe at the end of the performance
" “Tá sí mar a bheadh an bhriogóid dóiteáin ann, ag caitheamh uisce fuar ar na ceisteanna polaitiúla sa dráma," a dúirt Ciarraíoch liom ag deireadh an léirithe.
léirithe shown
" Ach mar sin féin, tá sé léirithe ag na meáin chumarsáide go bhfuil neart ábhair bhuartha ag an phobal faoi láthair.
léirithe shown
" Tá imní léirithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, nach bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an Acht um Shaoráil Faisnéise le dornán blianta anuas.
léirithe shown
" Bhí baint lárnach acu leis an fheachtas chun stádas oifigiúil a fháil don Ghaeilge san Eoraip agus tá sé léirithe acu do cheannaire Fhine Gael le tamall anuas nach maith an smaoineamh é deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach tar éis an Teastais Shóisearaigh.
ionad léirithe interpretive centre
" Tógadh ionad léirithe mór in aice lár an bhaile le déanaí ina bhfuil músaem agus seomraí taispeántais.
léirithe shown
" Cé a smaoinigh air i dtosach? Dónal de Barra: Mé féin a bhí ag breathnú ar an spéis idirnáisiúnta atá léirithe sa léann Ceilteach le déanaí, go háirithe sa cheol traidisiúnta agus sa bhéaloideas, agus ansin an easpa freastail a bhí á dhéanamh ar na mic léinn sin nuair a tháinig siad ag cuartú na bhfoinsí agus thobar an dúchais sin.
léirithe shown
" **C** An Tánaiste agus an tAire Sláinte, Mary Harney: Calmacht léirithe aici lena cinneadh dul i mbun na Roinne Sláinte ach maireann na seandeacrachtaí céanna i dtaca le scuainí otharlainne agus easnaimh i seirbhísí máinliachta ar bhonn logánta.
nua-léirithe newly-produced
" Is é fírinne an scéil ná gur bunaíodh muid le uair an chloig sa lá de chláracha nua-léirithe ón earnáil neamhspleách a sholáthar agus uair an chloig eile a fháil ó RTÉ – dhá uair an chloig sa ló.
an t-ionad léirithe the interpretive centre
" Nuair a shroicheann tú an t-ionad léirithe ar bhóthar nach bhfuil le feiceáil uaidh ach crainn, ní mór duit páirceáil agus siúl thar dhroichead a théann isteach go lár baile a bhreathnaíonn díreach mar a bhreathnaigh sé (is cosúil) i 1775.
léirithe illustrated
" Baineann an saothar seo leis an chorp nocht chomh maith le féinphortráidí, portráidí de chairde, gaolta agus leannáin agus iad léirithe aige ar bhealach díreach neamheaglach.
ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, the maori wood pieces are not depictions of saints,
" Ach, murab ionann agus séipéil, ní léirithe de naoimh iad baill adhmaid na Maorach, ach léirithe dá sinsear diaga.
comhlacht léirithe production company
" Bheadh sé deacair a rá céard a shílfidís de na veaineanna satailílte atá páirceáilte sa charrchlós! Bhunaigh Irial Mac Murchú an comhlacht léirithe teilifíse Nemeton sa bhliain 1993.
Mar bharr ar an obair léirithe As well as the production work
" Mar bharr ar an obair léirithe agus an soláthar áiseanna a bhíonn ar siúl ag an gcomhlacht, tá ard-diplóma i léiriú teilifíse curtha ar bun acu i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le déanaí.
o n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, that it would completely change the independent production sector
" Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe.
earnáil léirithe Ghaeilge the Irish language production sector
" ” **Earnáil léirithe na Gaeilge** Cé go bhfuil sé cruthaithe ag Irial go bhfuil éagsúlú ríthábhachtach san earnáil seo, nuair a chuirim ceist air mar gheall ar na fadhbanna is mó atá san earnáil léirithe Ghaeilge faoi láthair, ní hé “easpa éagsúlaithe” an freagra a thugann sé.
le hionad léirithe a thógáil to build an interpretative centre
" Ar ndóigh, dúirt an tAire Comhshaoil, Arlene Foster ón DUP, go raibh sé "ar intinn" aici conradh mórluachach a thabhairt don Seymour céanna le hionad léirithe a thógáil ag Clochán na bhFomhórach.
léirithe productions
" Ní fhéadfá gan dúil a chur i léirithe an chompántais seo, is cuma cé acu páiste thú nó duine fásta.
roinnt comhlachtaí léirithe eile some other production companies
" “D’eagraigh Telegael agus roinnt comhlachtaí léirithe eile cúrsa puipéadóireachta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
le linn dom a bheith i mbun léirithe during the production of
" Ansin, le linn dom a bheith i mbun léirithe ar an tsraith ‘Work Experience’, dúirt mé leis an stiúrthóir Mike Casey lá amháin – agus muid beirt istigh in Abrakebabra – gur bhreá liom clár a dhéanamh faoin nGaeilge am éigin sa todhchaí.
ag tús an phróisis léirithe at the beginning of the production process
" Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist ná go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí.
le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán while the film was in production
" Agus ní haon ionadh é sin mar gur thit an bheirt i ngrá lena chéile le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán.
taobh léirithe the production side
" Bhí ‘The Vagina Monologues’ déanta agam mar bhí cara liom bainteach le taobh léirithe an turais.
faoi dheireadh na tréimhse léirithe. by the end of the production period
" Beidh sé mhí caite agam anseo faoi dheireadh na tréimhse léirithe.
earnáil neamhspleách léirithe independent production sector
" ”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo.
léirithe displayed
" Tá an tacaíocht seo gan bhunús réadúil mar atá léirithe go ríshoiléir ag USAIG.
léirithe demonstrated
" Tá aontachtaithe ag rá gurb ionann na gaolta agus na ‘sceimhlitheoirí’ nuair atá sé léirithe nach raibh a fhios ag cuid mhór teaghlach go raibh a mac nó a n-iníon ina mbaill de ghrúpa paraimíleatacha.
gcomhlacht léirithe production company
" “Níl aon suim agam i dteilifís réaltachta agus nuair a fuair mé glao ón gcomhlacht léirithe ní róthógtha a bhí mé leis an smaoineamh.
léirithe displayed
" Brian Cowen (An Taoiseach) Easpa cinnireachta agus easpa maoirseachta léirithe aige.
léirithe shown, demonstrated
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
léirithe shown
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
léirithe displays
" Stát Nua: Plus ça change, plus c'est la même chose Agus neamhspleáchas faighte rinneadh teanga oifigiúil stáit den Araibis is cuireadh cosc ar léirithe ar chreideamh is ar chultúr na nImazighen.
léirithe demonstrated
" Is mar sin atá i gcás córas lofa na mbanc sa tír seo, agus tá sé léirithe go soiléir ag Tuarascáil Murphy gur mar sin a bhí is atá i gcás na hEaglaise Rómhánaí sa tír seo chomh maith.
léirithe displayed
" ” Thug iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív aghaidh ar an gceist bhunúsach seo sa Seanad an mhí seo caite ach níor léir uaidh an raibh sé i gceist aon rud a dhéanamh faoin scéal: “Tá roinnt imní léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don chomhtheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht.
léirithe shown
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar phríomhtheanga phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é Comórtas Peile na Gaeltachta a thugann deis do na daoine, idir lucht peile agus lucht leanúna agus siamsaíochta, as na limistéir éagsúla Ghaeltachta teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar a sainiúlacht, ar a spiorad agus ar a bhféiniúlacht féin mar chine is mar phobal.
léirithe illustrated
" Féiríní fíoraisteacha agus bronntanais bharrúla! Tuilleadh seoda fileata ó Áine Ní Ghlinn léirithe go gleoite ag Carol Betera.
léirithe shown
" Stiúrthóir: **Risteard Ó Domhnaill** léiritheoir: **Rachel Lysaght** Eagarthóirí: **Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell** Cliar: **Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir** Fad: 60 nóiméad Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa.
léirithe shown
" Is é a shaothar uiscedhatha is mó a thuill clú dó agus iad léirithe le stríocanna saora scaoilte den scuab péinte agus le dathanna drámatúla.
léirithe shown
" Tá scoláireacht spóirt ag Daithí de thoradh an chumais atá léirithe aige i mbun na leadóige ó bhí sé ina ghasúr.
a shúile léirithe mar logaill dhorcha his eyes are shown as dark sockets
"a shúile léirithe mar logaill dhorcha agus an béal scréachach leata mar fholús dubh gan deireadh.
léirithe ag produced by
" D’éirigh leis an tsraith iomráiteach ‘Corp agus Anam,’ léirithe ag Darach Mac Con Iomaire/Magamedia do TG4, gradam a fháil don tsraith drámaíochta is fearr chomh maith le gradam ar leith don léiriúchán is mó a chuir spiorad na Féile in iúl.
fhoireann léirithe producers
" Táimid thar a bheith buíoch, ní hamháin de Joe Steve, ach den chliar is den fhoireann léirithe agus den chomhlacht neamhspleách, Katcom atá á dhéanamh.
faightear léirithe ann there are examples on it
" Amhráin Ghrá is teideal don albam agus faightear léirithe ann ar shaghsanna éagsúla den ghrá: an grá rómánsúil, an grá máthartha agus an tírghrá.
fríd léirithe ardáin in her stage appearance
" Ar ndóigh, níor ceart iontas a bheith orainn, tá gach duine daonna thar a bheith casta ach léiríonn an Gaillimheach a tréithe éagsúla fríd an amhránaíocht agus fríd léirithe ardáin.
atá léirithe chomh minic sin acu which they’ve shown so often
" Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.
léirithe shown
" ie ==== Rinneadh an cinneadh seo d’ainneoin go bhfuil sé léirithe gur baineadh amach na spriocanna uilig a chuir muid romhainn do Beo.
comhlacht léirithe production company
" Tá an comhlacht léirithe Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeltachta is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach.
léirithe productions
" Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
léirithe shown
" Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.
Tá drochmheas léirithe contempt is being demonstrated
" Tá drochmheas léirithe le tamall anuas ar dhíoltóirí madraí ar líne gur beag a machnamh ar leas na gcoileán.