Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líon mór eachtrannach a large number of foreigners
" Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo? Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí.
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
an líon mór cairde the great number of friends
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
líon mór daoine a large number of people
" Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
líon mór a great number
" Ciallaíonn sin go bhfuil Gaeilge líofa ag líon mór den óige sa cheantar.
líon mór príosúnach a large number of prisoners
" Bhí líon mór príosúnach (b'as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn.
líon mór daoine a great number of people
" Ní thuigim cén fáth a dtéann líon mór daoine ó thuaisceart na hÉireann thar sáile i rith an tsamhraidh, go dtí áiteanna mar an Spáinn atá iontach te ag an am sin den bhliain.
líon mór tuismitheoirí a great number of parents
" Ach dar le ChildWise, gníomhaireacht taighde margaidh a dhíríonn ar dhaoine óga, ní gá do na comhlachtaí guthán póca bheith róbhuartha – in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil na gutháin díobhálach, tá líon mór tuismitheoirí ag tabhairt neamhairde ar na foláirimh.
líon mór seanfhoirgneamh ard a big number of high buildings
" Bhí an scoil suas staighre cloiche measartha fada – níl Lucca fóirsteanach do dhaoine a bhfuil fadhbanna aistritheachta acu mar go bhfuil líon mór seanfhoirgneamh ard gan ardaitheoir ann.
líon mór cainteoirí a big number of speakers
" Mar shampla, d'fhéadtaí le fada ábhar scrúdaithe an cheadúnais tiomána in Illinois a fháil as Polainnis, Gearmáinis, Spáinnis agus Sínis, mar gheall ar líon mór cainteoirí de chuid na dteangacha sin a bheith ina gcónaí sa stát.
níos mó ná an líon sin more than that number
" Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.
líon mór pointí a large number of points
" Uaireanta, déanann Liverpool iarracht a dhul in iomaíocht leo, ach de ghnáth críochnaíonn siad sa cheathrú háit, líon mór pointí taobh thiar de na foirne eile.
méadú mór ar líon na dturasóirí a big increase in the number of tourists
" **Tuilleadh turasóireachta**Le teacht an iarnróid sa bhliain 1894, tháinig méadú mór ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar an gceantar, as cathracha móra an deiscirt go háirithe.
an líon is mó the greatest number
" Ba i nGaeltacht na Gaillimhe a leagadh coinníoll teanga den chéad uair agus is ann atá an líon is mó eastát úr Gaeltachta.
líon mór daoine a large number of people
" Bíonn líon mór daoine ag plé le foirne na laethanta seo.
líon mór naimhde a great number of enemies
" Rinne an dá chinneadh sin líon mór naimhde dom in Éirinn mar tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide poblachtach, báúil le Sinn Féin, nó ar an eite chlé agus liobrálach.
borradh mór tagtha faoina líon an increase has occurred in
" Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.
líon mór dualgaisí numerous duties
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
líon mór cailíní a lot of girls
" Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa.
líon is mó greatest number
" Is sa loch seo atá an líon is mó teasán san Afraic agus tá cáil leitheadach ar an áit as a foinsí teo agus as an fiadhúlra atá le feiceáil ann.
líon is mó greatest number
" Le go bhféadfaí an líon is mó de na cluichí a thaispeáint ar *Sky Sports*, ní fhéadfaí leanacht den traidisiún go dtosnódh gach cluiche sacair i Sasana ag a trí ar an Satharn.
líon mór post a large amount of jobs
" Dá mbeadh an t-airgead ann féin, ní cóir go gcruthódh an rialtas líon mór post, ach amháin dá mbeidís in ann tionscnamh mór gearrthéarmach a fháil a bheadh feiliúnach.
líon is mó greatest number
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
líon mór atá beo bocht the great number who live in poverty
" Gan mhoill beidh gach duine ar domhan ina úsáideoir idirlíon – ach amháin an líon mór atá beo bocht.
líon mór a great number
" Lean an tiománaí abhainn an Zaraf Shan i dtreo na sléibhte, agus an carr pulctha le trealamh agus le bia, líon mór fear ann agus mac an tí.
líonadh soitheach mór a large tank was filled
" Tar éis dhá lá ní raibh aon uisce le hól againn ar an mbád (líonadh soitheach mór le huisce an tsráidbhaile sular sheolamar).
an líon is mó riamh the greatest number ever
" Tá 37 Teachta Dála ag an bpáirtí, an líon is mó riamh ag an bpáirtí sa Dáil.
borradh mór faoi líon a great increase in the number
" Bhunaigh a rialtas samhail nua mhaoinithe a thug airgead sa bhreis do na scoileanna príobháideacha agus tháinig borradh mór faoi líon na mac léinn iontu dá bharr.
i líon mór scaoileadh agus buamáil in a lot of shooting and bombing
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
méadú mór ar líon a large increase in the number
" An tSaoránacht faoi Léigear sa Mhílaois Nua ================ Le teacht an Tíogair Cheiltigh, áfach, tháinig méadú mór ar líon na n-inimirceach lasmuigh den dlí a bhí ag lorg cead cónaithe in Éirinn mar gheall ar shaoránacht Éireannach a leanaí.
Tuigeann líon mór na bProtastúanch a great amount of the Protestants
"Tuigeann líon mór na bProtastúanch a bhfuil suim acu sa Ghaeilge go bhfuil an teanga fite fuaite i stair na cathrach agus tá teach fuar na Gaeilge – má bhí sé riamh ann – ag téamh suas.
an tionscadal mhór eile ar líon the other big project on the net
" Sin an rud spéisiúil faoi oideas, atá difrúil leis an tionscadal mhór eile ar líon .
An líon is mó leabhar the mass of the books
" An líon is mó leabhar, go háirithe sna siopaí leabhair beaga, is le cúrsaí coiriúlachta, maruithe agus olcais trí chéile a bhaineann siad.
an líon ba mhó ban inti the greatest number of women in it
" Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc a thug sé nuair a fógraíodh ainmneacha na haireachta go raibh an líon ba mhó ban inti le hais aon rialtas eile i stair na hAstráile.
a bhuíochas sin den líon mór daoine óga thanks to the large number of young people
" Inniu, tá an Ghaeltacht ag cúngú lá i ndiaidh lae, is ríchosúil, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil is a bhí ariamh, a bhuíochas sin den líon mór daoine óga atá ag gabháil di.
an líon mór the large number
" Mar thoradh ar an líon mór imirceoirí as Éirinn, tháinig borradh faoin fhrith-Chaitleachas sa chathair.
chonaic mé an líon mór daoine I saw the large crowd of people
" ‘Slán le Seán’ ====== Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
líon na míolta móra the number of whales
" Baineann an cumann seo feidhm as modh na gníomhaíochta, ag déanamh iarrachta a chur isteach ar an tseilg féin agus d’éirigh leis líon na míolta móra a mharaigh na longa Seapánacha a laghdú.
líon mór big number
" Tá imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.
cuireadh líon mór a great Éireannach a great amount of Irish were buried
" Tá cuntas ag Caitríona Ní Chonchúir ar an ngaol ar leith atá ag Halifax le hÉirinn, tharla gur cuireadh líon mór Éireannach faoin bhfód ann céad bliain is an t-am seo agus gur cuireadh líon nach beag díobh amuigh ar an bhfarraige freisin.