Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lúbadh bending
" Ní bhíodh cead ag na Bráithre iománaíocht ná peil a imirt taobh amuigh de chomhluadar na mBráithre, ach tá go leor scéalta ann faoi lúbadh na rialacha áirithe sin.
a lúbadh is a mhúnlú to bend and to shape
" In áit an córas a athrú, áfach, déantar iarracht na daltaí a lúbadh is a mhúnlú mar a tharla i gcás aíonna Phrocustes.
Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh they were looped and remixed
" Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh agus ansin chuir sé rithimí eile ina mullach.
ag lúbadh twisting
" Bhí an stoirm olldóiteáin a tháinig trasna an bhláir cosúil le liathróid tine, a bhí ag lúbadh mar a chasann tornádó.
lúbadh go teann bending tensely
" Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann.
lúbadh bending, twisting
" Agus is cuma cé mhéid lúbadh atá á dhéanamh ag iriseoirí spídiúla ar na staidrimh - agus in ainneoin iarrachtaí lucht cosanta na teanga na hionsaithe a fhreagairt go macánta le figiúirí agus le fírinne - chaithfeá a adhmháil go bhfuil a dteachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar sciar mhaith den phobal.
lúbadh a mbealaigh wind their way
" I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá? Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
lúbadh to bend
" Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd.
ag lúbadh go cleasach twisting remarkably
" Ach cén fáth? Oíche néalghealaí idir dhá Nollaig, an ghaoth ag éirí, bóthar an tsléibhe ag lúbadh go cleasach os ár gcomhair, agus brádán báistí ag cur craicinn shleamhain air.
lúbadh bending
" Na matáin agus an cholainn ar fad ansin, í á dtarraingt agus á lúbadh go dtí gur shíl mé go gcaithfí mé a iompar amach as an áit.
ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall roaring an writhing over and back
" Tá Santa Marbh 7 Tá Dia ar Shiúl ============= Faoin am a bhí an phóg dheireanach léite ag Santa bhí Balor ar fhleasc a dhroma ar an urlár, a dhá chois in airde aige agus é ag béicíl agus ag lúbadh anonn is anall le teann gáire.
lúbadh twisting
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!