Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lúthchleasaíocht athletics
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
lúthchleasaíocht athletics
" Is maith liom an lúthchleasaíocht chomh maith.
lúthchleasaíochta athletics
" Ach ní taobh le peil amháin atá muintir Chamuis ó thaobh caithimh aimsire de mar tá cumann láidir dornálaíochta ann le blianta fada agus tá traidisiún na lúthchleasaíochta ann chomh maith.
lúthchleasaíocht athletics
" Ní gá ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn sna páipéir faoi na cluichí Gaelacha, faoi shacar Shasana, faoi rugbaí agus faoi rásaí capall i gcomórtas leis an méid a scríobhtar faoi lúthchleasaíocht, leadóg, dornálaíocht, cispheil agus na spóirt eile ar fad a thagann inár láthair gach ceathrú bliain.
lúthchleasaíocht athletics
" Bíonn lear mór gníomhaíochtaí i gceist, idir rásaíocht, dhamhsa, aclaíocht, lúthchleasaíocht agus spraoi, agus baintear úsáid as an gceol agus as rannta beaga chun na páistí a spreagadh.
an pháirc lúthchleasaíochta the athletics field
" Le cois na n-éachtaí ar fad ar an pháirc lúthchleasaíochta, bhí paisean níos príobháidí ag McEneaney, a bhí sé tar éis a chothú ó bhí sé san ardscoil in Elmont: an fhilíocht.
lúthchleasaíocht athletics
" Tuigim go bhfuil neart daoine ann nach bhfeiceann aon chiall le peil, iomáint, galf, leadóg, lúthchleasaíocht, etc.
lúthchleasaíocht, athletics
" Ós rud é gurb iad cluichí CLG, an sacar agus an rugbaí is mó a mheallann buachaillí agus cailíní chun a bheith páirteach iontu, bíonn linn éadoimhne fear agus ban fágtha ó thaobh na spórt Oilimpeach de – lúthchleasaíocht, dornálaíocht, an tseoltóireacht, an snámh agus araile.
lúthchleasaíocht athletics
" Is iad na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl lena linn ná cluichí troma páirce, lúthchleasaíocht, píobaireacht, damhsa Gàidhealach agus seoltóireacht.
gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain world athletics finals
" Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.