Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht labhartha na teanga speakers of the language
" An fhadhb a bhí agam i gcónaí, áfach, ná go raibh mé ag iarraidh a bheith ag foghlaim na Gaeilge gan teagmháil a bheith agam le lucht labhartha na teanga.
lucht labhartha na Gaeilge Irish speakers
" Tá impleachtaí fuaimintiúla i gceist anseo a bhaineann le pobal na hÉireann ar fad, agus ní le lucht labhartha na Gaeilge amháin.
Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha the Director of Spoken Irish
" Cathain a bunaíodh Áras Mháirtín Uí Chadhain agus cé a bhunaigh é? D'oscail Coláiste na hOllscoile Gaillimh go páirtaimseartha é i 1977 agus go lánaimseartha i 1985, faoi scáth Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha sa choláiste, Peadar Mac an Iomaire.
ghné labhartha oral aspect
" Tá an ghné labhartha mar chuid thábhachtach den damhsa seo agus, ós rud é go raibh an damhsa i gcónaí lárnach sna féilte traidisiúnta, chabhraigh seo leis an teanga a choimeád beo.
phatrúin labhartha teanga language speech patterns
" Ar an gcaoi sin mheas sí go raibh sí in ann eolas éigin a fháil ar phatrúin labhartha teanga 439 duine eile - is é sin, daoine nár chuir sí agallamh orthu ach a chuir sí san áireamh sa staidéar.
cumas labhartha ability to speak
" Bainim le glúin atá an-bháúil léi, ach nach bhfuil cumas labhartha againn.
an oiread sin dá lucht labhartha so many of its speakers
" (Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d'fheilfeadh go mór d'úsáid na teanga agus an oiread sin dá lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.
gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil who have an interest in the future of the Irish language as an everyday spoken language
" Cinntí iad a thabharfaidh ardú croí d'éinne gur cás leis todhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha laethúil.
gurb í an príomh-theanga labhartha í that it is the main spoken language
" Ní féidir le duine ar bith a rá a thuilleadh gurb í an príomh-theanga labhartha í i measc an aoisghrúpa ar a dtugtar déagóirí.
dea-labhartha well-spoken
" Gan amhras, is Éireannach é Kennedy – spleodrach, saibhir agus dea-labhartha – a mbeadh sé furasta cion a bheith agat air.
chumas labhartha speaking ability
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
Gaeilge labhartha spoken Irish
" Cé nach raibh Gaeilge labhartha le cloisint go minic ar na sráideanna, chuala mé corrfhocal ó am go chéile.
chumas labhartha speaking ability
" Is ar chumas labhartha sa Ghaeilge go príomha a dhíríonn an bonnleibhéal agus an gnáthleibhéal agus tá an inniúlacht a lorgaítear an-teoranta.
mo chumas labhartha Gaeilge my ability to speak Irish
" Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge.
scríofa nó labhartha written or spoken
" An deacracht is mó ná nach bhfuil mé in ann abairtí fada – scríofa nó labhartha – a thuiscint.
caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí the teenagers' standard of spoken Irish
" Go mbeadh caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.
Gaeilge labhartha spoken Irish
" “Tá ciorcal comhrá á eagrú againn agus is é an aidhm atá leis an tionscadal sin ná muinín a spreagadh sna foghlaimeoirí lena gcuid Gaeilge labhartha a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga.
cearta labhartha, creidimh, agus cruinnithe. rights of speech, faith and assembly.
" Sa bhille seo, tugadh “cearta” breise do phoblacht na Stát Aontaithe, ina measc cearta labhartha, creidimh, agus cruinnithe.
dá lucht labhartha to its speakers
" Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh sé lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga nó ar na nithe atá ina n-údair imní – agus ina n-údair bhróid – dá lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.
focal labhartha the spoken word
" Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.
an teanga is mó labhartha sa tír, the most widely spoken language in the country
" Is í Chichewa an teanga is mó labhartha sa tír, ach labhraítear Chitumbuka agus Chitonga sna ceantair ina raibh mise lonnaithe.
lucht labhartha na Gaeilge Irish speakers
" Anois, is iad na naimhde atá á n-ionsaí acu ná lucht an chomhshaoil, na heolaithe agus lucht labhartha na Gaeilge.
dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró to tackle the spoken language without difficulty
" Tá teicneolaíocht nua forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, áfach, a chuirfidh ar chumas an dreama sin dul i ngleic leis an teanga labhartha gan stró.
deiseanna labhartha opportunities for speaking
" Cuireadh tús le *Oieghyn Gaelgagh* (Oícheanta Gaelacha) ar fud an oileáin chun deiseanna labhartha a thabhairt d’fhoghlaimeoirí.
fear labhartha na dánlainne the gallery spokesperson
" “Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!” Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
lucht a labhartha its speakers
" Thosaigh an Ghéarleanúint ansin sna 1690í, reachtanna i ndiaidh reachta a cheil oideachas agus céim aníos, dá laghad, ar Chaitlicigh, móramh mór na tíre, agus níl mé a rá gur bhisigh sin a raibh i ndán don teanga ná do lucht a labhartha.
ngnáthláthair a labhartha where it's usually spoken
" Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha.
saoirse labhartha freedom of speech
" Mí Eanáir 2010, tháinig cás os comhair na Cúirte Uachtaraí a raibh saoirse labhartha agus ról ghnó sa phróiséas polaitíochta mar cheisteanna lárnacha.
ghnáth-theanga labhartha vernacular
" Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
teanga labhartha spoken tongue
" Ó thaobh comhréire agus fuaimeanna de, bíonn sé furasta go leor dul i ngleic leis an teanga labhartha.
lucht a labhartha its speakers
" Céard faoi Shinn Féin? Thar aon pháirtí eile shílfeá, leis an méid cainte a bhíonn ar bun ag Sinn Féin faoin nGaeilge, go mbeadh an oiread sin measa acu ar an dteanga is ar lucht a labhartha is go roghnóidís duine le Gaeilge le seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.
deiseanna labhartha opportunities to speak
" “Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt.
lucht labhartha speakers
" “Tá an bonneagar atá riachtanach chun freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge ar tí a scriosta!” Sin téacs na teachtaireachta atá ag dul thart ó dhuine go duine i saol na Gaeilge san am i láthair mar a bheadh spideog ag eitilt ó chrann go crann.
lucht labhartha na Gearmáinise the German speakers
" Baineann cuid mhaith den ábhar le hoirthear na hEorpa agus leis an athlonnú a rinneadh ar lucht labhartha na Gearmáinise nuair a cloíodh Hitler agus an tríú Reich.
cumas labhartha ability to speak
" Cé go maíonn 43% den aoisghrúpa idir 20 agus 24 bhliain d’aois go bhfuil cumas labhartha Ghaeilge acu, níl ach 1.
mar ghnáth-theanga labhartha as a lingua franca
" Tá na mílte bliain de fhorbairt déanta ar an oileán seo ag an nGaeilge chomh maith, mar ghnáth-theanga labhartha, á seacadadh ó ghlúin go glúin sa nGaeltacht.
faoi lucht labhartha na teanga about Irish speakers
" ”* Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
do chaighdeán na Gaeilge labhartha for the standard of spoken Irish
" Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.
agus as lucht a labhartha and its speakers
" Síleann lucht na Gaeilge, áfach, go dtuigeann siad na hÉireannaigh gan Ghaeilge a bhíos ag spochadh as an teanga seo agus as lucht a labhartha.
lucht labhartha na Breatnaise of Welsh speakers
" Seachas oíche ar bith d'oícheanta an tsaoil, bhí lán a' tí de lucht labhartha na Breatnaise tagtha i láthair don Schubertiade.
i measc lucht labhartha na Gaeilge amongst Irish speakers
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
Mar gheall ar stair lucht a labhartha because of the history of its speakers
" Mar gheall ar stair lucht a labhartha, fanfaidh rian a staire agus a ndearcadh saoil mar chuid inmheánach den teanga, más iniompar agus más inláimshithe é.
lucht labhartha na Gaeilge Irish speakers
" Léirigh an eachtra sin sa tacsaí i nGlaschú roimh Nollaig arís na deacrachtaí atá ann do lucht labhartha na Gaeilge.
lucht labhartha speakers
" Bhí Tríonóid sa lucht éisteachta - lucht labhartha na Gaeilge a bhí ag iarraidh an Gàidhlig a chluinstin; Preispitéirigh a bhí ansin leis an chantaireacht a chluinstin agus baicle nár Ghaeilgeoirí nó Phreispitéirigh iad ach a bhí ann leis an ealaín shaoithiúil andúchasach seo a chluinstin.
an teanga labhartha the spoken language
" Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
an teanga labhartha the spoken language
" Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.
lucht labhartha na dteangacha sin speakers of those languages
" Cé go bhfuiltear ag déanamh iarrachta stádas oifigiúil a thabhairt don Bhéarla sna Stáit Aontaithe, agus céim síos a thabhairt don Spáinnis agus do theangacha eile, tá go leor de lucht labhartha na dteangacha sin ar nós cuma liom faoin gceist, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
lucht labhartha na Gaeilge Irish speakers
" Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
lucht labhartha speakers
" Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.