Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laochas heroism
" Ach dúirt sé gur cheart go mbeadh siad siúd a thabharfadh cuairt ar an leacht a thógfaí "ábalta ainmneacha na n-oibrithe tarrthála a léamh, go mbeadh a fhios acu cad é a rinne siad, go bhfaigheadh siad tuiscint ar a laochas, go spreagfadh a n-íobairt iad, agus go ndéanfaí iad a áireamh mar eiseamláirí don chéad ghlúin eile a bheas ár gcosaint go léir.
laochas heroism
" Misneach nó mí-ádh? Mullaí nó marthanas? Milis nó searbh? Stuif na hóige is ea an laochas.
bearta laochais heroic deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
laochas heroism
" Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.
dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine celebrates the heroism of the ordinary person
" ” Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine.
na scéalta laochais hero tales
" Scéalta faoi dhíbeartaigh, smuigléirí agus dreamanna imeallacha ar nós na chéad Chríostaithe ag lorg tearmainn is ea a bhformhór; is féidir iad a áireamh i measc na scéalta laochais chomh maith.
laochas heroics
" Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh".
seanscéalta laochais old heroic tales
" ‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.
de laochas na litríochta agus an bhéaloidis of heroic tale in literature and in folklore
" Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.
léamh an laochais the understanding of heroism
" Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.