Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lastuaidh on the north side
" Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.
lastuaidh den to the north of the
" Choinnigh mé orm an bealach trí pháirceanna agus coillte lastuaidh den abhainn, agus cé go raibh sé deas, bhí sé cineál uaigneach fosta agus shíl mé gur ainm contráilte a bhí ann, Slí Ribble.
lastuaidh den Pháil to the north of the Pale
" Ba é an baile an t-aon dún a bhí ag na Sasanaigh lastuaidh den Pháil sa mheánaois; b'ann a tháinig an Rí Liam i dtír i 1690, tráth ar thábhachtaí é ná Béal Feirste; agus bhí an caisleán mar dhaingean ar feadh 150 bliain.
lastuaidh de to the north of
" Castar na Daoine Dá Chéile =============== Tá sé tamall beag de bhlianta anois ó bhí mé 3,000 méadar thuas ins na sléibhte lastuaidh de Aden.
lastuaidh den to the north of
" Tá sí lastuaidh den Phortaingéil, teorantach le cúigí logánta na Spáinne, mar atá Asturias, agus Castilla y León, ar an taobh thoir.
shloinnte lastuaidh surnames to the north
" Ní gá ach féachaint ar shloinnte lastuaidh den teorainn le mearbhall a chur ort féin i dtaca le sloinnte agus creideamh daoine.
lastuaidh de north of
" Nach raibh *Apple* ag Éabha? Sin ceann de na jócanna a chualathas sa seó aoir, *The Bible: The Complete Word of God (abridged)* de chuid an *Reduced Shakespeare Company* a bhí ar ardán *The Theatre at the Mill* i mBaile na Mainistreach, an baile beag a bhí sna cinnlínte lastuaidh de Bhéal Feirste ar feadh dhá oíche an tseachtain seo caite.
lastuaidh north of
" Is cinnte nach mbaineann an dearcadh sin leis an mBreatain amháin mar is maith is eol dúinn, faraor, an fhadhb ar an taobh seo de Mhuir Éireann – lastuaidh agus laisteas den teorainn.