Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le teacht i bhfeidhm come into being
" com" cláraithe anois, tá scata ainmneacha fearainn nua le teacht i bhfeidhm ag deireadh na bliana.
le teacht i dtír ar to take advantage of
" Is ó stáit eile formhór na ndaoine atá ag cur fúthu san áit, agus tagann daoine ó thíortha eile, fiú, le teacht i dtír ar na háiseanna agus ar an stíl mhaireachtála a chuireann The Villages ar fáil.
le teacht ar an bhfód set to emerge
" Seirbhísí den tríú glúin ======= Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.
nach bhfuil ag teacht le chéile that are conflicting
" " Mar a léiríonn na tuairimí go léir nach bhfuil ag teacht le chéile ar tagraíodh dóibh san alt seo, tá gaol fíorchasta ag an duine daonna le bia.
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann to take advantage of the support systems which exist
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
le teacht i gcomharbacht ar to succeed
" Marc: B- *Seán (Jackie) Ó Droighneáin (AMICUS)* Ní dheachaigh sé i bhfeidhm rómhór ar an bhord ó ceapadh anuraidh é le teacht i gcomharbacht ar Phól Ó Foighil.
Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, with the coming of mobile phones, computers and the internet,
" Le teacht na nguthán soghluaiste, na ríomhairí agus an idirlín, tá barr feabhais curtha ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais; ach de réir mar atá an líon daoine atá ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua-aimseartha ag méadú, is amhlaidh go bhfuil fadhbanna á gcruthú agus baol úr curtha os ár gcomhair.
na glúnta atá le theacht future generations
" Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theacht ná timpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.
má bhí rath le theacht ar na hiarrachtaí le rialtas logánta a athbhunú if the efforts to re-establish local government were to succeed
" Ba é dearcadh an rialtais thall go gcaithfí comhdhearcadh níos leithne a chruthú má bhí rath le theacht ar na hiarrachtaí le rialtas logánta a athbhunú ó thuaidh.
san am atá le teacht. in the future
" Agus b’fhéidir gurb iad leithéidí Live Nation agus Starbucks a bheidh i measc na gcomhlachtaí móra san am atá le teacht.
le teacht ar shocrú to come to an arrangement
" Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.
sna glúnta atá le teacht in coming generations
" Agus chuile sheans go mbeidh áit chomh lárnach ag carachtair mar Bhrian na mBromanna i saol na bpáistí sna glúnta atá le teacht is a bhí ag Judge agus Sneaky the Snake agus Foxy i saol na ndaoine atá ar comhaois liomsa.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
ag teacht le chéile coming together
" Deir sé go mbeidh Moving Hearts ag teacht le chéile ag deireadh na bliana seo arís agus ar an bhliain seo chugainn chomh maith agus go b’fhéidir go ndéanfaidh Planxty roinnt ceolchoirmeacha sna blianta atá amach romhainn fosta.
le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh. so that they can reach a decision.
" An raibh sé iontach deacair cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin? “Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh.
le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch to take advantage of the innovative service
" Má tá fonn ort anois cliceáil ar an gcnaipe nascleanúna le héalú ón alt scanrúil seo, ná déan! Ní gá tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch atá curtha ar fáil acu siúd atá i mbun an tionscadail.
atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. which is in line with international standards
" ” Tugann an clár seo an t-eolas agus na scileanna a bheidh ag teastáil ó na rannpháirtithe lena chinntiú go soláthrófar don phobal seirbhís ardcháilíochta dhátheangach atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.
Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid it was to get around constraints on use
" **OpenStreetMap ** Ba le teacht timpeall ar shrianta ar úsáid a bunaíodh OpenStreetMap ((www.
ár ndomhain ag teacht le chéile our worlds are coming together
" Déanann muid gáire le chéile, ag rá gurb éard atá ag tarlú ná go bhfuil ár ndomhain ag teacht le chéile – na heilimintí uilig ag bualadh i gcoinne a chéile; tintreach agus toirneach, scamaill agus báisteach.
le teacht roimh to get the better of
" An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
atá ag teacht le in keeping with
" Tá nuathéarmaíocht aici anois atá ag teacht le saol na linne.
teacht le cheile get together
" Agus bhí an ceart ar fad aige! An tráthnóna céanna agus an chéad lá caite againn, tugadh deis dúinn bualadh le cuid eile den lucht saoire ag teacht le cheile beag a eagraíodh i halla an bhaile.
san am atá le theacht another time
" 
Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht), is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl.
le teacht ar so as to find
" Níl le déanamh ag an té atá gafa le cultúr na gceiliúrán ach dul ar líne le teacht ar ainmneacha na ndaoine cáiliúla ar bronnadh urghairí orthu.
ag teacht le agrees with
" Tá Balor ag teacht le Donncha Ó hÉallaithe ar an cheist.
teacht a chuidiú le to come to the assistance
" Fuair beirt Thaoiseach litreacha éagsúla a smuigleáileadh ó phríosún ardslándála i Sasana ag deireadh na seachtóidí agus tús ag na n-ochtóidí ag impí orthu teacht a chuidiú le beirt phríosúnach ó Ghaeltacht Dhún na nGall.
le teacht i gcomharbacht ar to take the place of
" Ba sa bhliain 1980 a bunaíodh an tÚdarás le teacht i gcomharbacht ar an áisíneacht forbartha ghnó Gaeltarra Éireann a bhí ar an fhód le breis is scór bliain roimhe sin.
tuilleadh le theacht more on the way
" Tháinig athruithe mór agus tá tuilleadh le theacht! Cumann Lúthchleas Gael ========== **SÓC: Tuigim gur imir tú ag an Chomórtas, go raibh tú mar bhainisteoir aige agus gur chuidigh tú lena reáchtáil?** MMGE: Ní raibh mé go rómhaith mar imreoir! Bhí mé mar bhainisteoir ar fhoireann Chill Chartha i ’75 nuair a ghlac muid páirt sna cluichí ceannais agus i mo Chathaoirleach ar an Chomórtas idir 1977-79.
le teacht gar do fhírinne an scéil to come near the truth of the matter
" An bhfuil bunús eile ag Dílseoirí thar Aontachtóirí nárbh bhain le ceist an aicmeachais amháin? Ba chóir taighde trasphobail a dhéanamh am éicint le teacht gar do fhírinne an scéil.
a bhí le theacht which was yet to come
" Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
bheith réidh le teacht roimh to be prepared for
" Is féidir na fadhbanna seo a sheachaint trí aire cheart a thabhairt do do charr – agus a bheith réidh le teacht roimh na fadhbanna.
le teacht anuas uaidh to descend through
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
spreag an teacht le chéile tochtmhar seo this emotional meeting inspired
" Bhí deora i súile Luigi nuair a bhuail sé lena ghrá gheal beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha óna chéile agus spreag an teacht le chéile tochtmhar seo na dealbhóirí, Oleksandr Morgatsky agus Gregory Kostjukov saothar a chruthú le comóradh a dhéanamh ar a gcaidreamh.
chruthódh a leithéid de theacht le chéile folús such a coming together would create a vacuum
" Cothaíonn agus beathaíonn an dá pháirtí a chéile agus chruthódh a leithéid de theacht le chéile folús don eite chlé a bheadh ina údar imní dá lucht leanta.
le teacht an with the arrival of
" Braithim go bhfuil rud éigin caillte agam anois le teacht an Kindle i mo shaol, ach ní fhéadfainn a shéanadh chomh feidhmiúil is atá an uirlis bheag seo agus, ar ndóigh, tá ceann uaim féin anois.
le teacht ar an bhfód with the arrival on the scene of
" EUROSUR agus Teorainneacha Seachtracha Cliste an Aontais Eorpaigh ========================= Déanfar an tAE níos daingne fós le teacht ar an bhfód EUROSUR, an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha.
teacht chomh fada le doras na háite to come anywhere near us
" De réir úinéara na háite in agallamh le The Northern Standard, bhí sé an-churtha amach faoi: ‘Dá mbeadh sé ar eolas agam an cineál comórtais a bhí i gceist leis - ní ligfinn cead ar bith leo teacht chomh fada le doras na háite.
le teacht i bhfeidhm ar to come into effect on
" Cealú Maoinithe ====== Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo.
Taobh Fiáin den saol atá le teacht the wild side of life to come
" Sin Séamus bocht Heaney ag éisteacht go fadfhulangach le Lou Reed atá ag geabadh gan scíth faoi Taobh Fiáin den saol atá le teacht – nó an saol in bhfuil muid anois, a Mhaggie.
san am atá le teacht in the future
" Tháinig daoine ó bhreis is 75 náisiún éagsúla chuig an chathair i rith na bliana seo agus ní raibh bliain inchurtha leis ag na hóstáin riamh ó thaobh gnó de, agus tá dóchas ann go gcuideodh an toradh seo le margaíocht na cathrach san am atá le teacht agus go mbeidh tionchar aige seo ar gheilleagar agus ar fhostaíocht sa chathair.
san am atá le teacht in the future
" An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.
le teacht ar ghíogscéalta to read tweets
" Tá nuachtán an lae inné tigh Roseanne Smith gan léamh aici go fóill, ach tá cosán dearg déanta aici chuig an ríomhaire le teacht ar ghíogscéalta nó ar Facebook, thejournal.
le teacht ar to find
" Bhí Laoise Ní Chléirigh ag fuirseadh faoi thearmann do Chlann Mhic Conghaola, an Irish Seal Sanctuary, le teacht ar an eolas faoin ainmhí diamhrach seo.