Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le meon na ndaoine a thuiscint to understand the way the people are thinking
" Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin le meon na ndaoine a thuiscint.
níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú the people of the countryside used not show appreciation
" Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
thug sí le tuiscint she gave people to understand
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
Le tuiscint so as to understand
" Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!” Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
le barr tuisceana from a measured understanding
" B'fhéidir gur le barr tuisceana, seachas fonn diabhlaíochta amháin, a chaith sé spalla beag neamhurchóideach leis an rí.
ag tabhairt le tuiscint were sending out the message
" Ba chóir aird a thabhairt mar sin ar thuairisc a d’eisigh Teach na dTiarnaí roimh an Nollaig a mhaígh go raibh gníomhartha an rialtais ag tabhairt le tuiscint nach bhfuil fáilte roimh mhic léinn idirnáisiúnta sa Bhreatain.
le réimsí na tuisceana with realms of reason
" Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor.
bhí le tuiscint it was given to understand
" Don chéad uair ó bunaíodh an stát, bhí le tuiscint nár theip ar an Éireannach náisiún breá rathúil a chruthú.
cur le tuiscint an uafáis increase an understanding
" (Is ionann an Treas Domhan ar ndóigh, agus Domhan Céad Fhoinse gach saibhris!) Tuigeann Máire Nic Róibín go mbeidh na milliúin ag fáil bháis den ocras fós faoin am a bhfaighe sí féin bás, nach dtig léi an scéal a leigheas, ach gur féidir léi roinnt éicint a thabhairt slán agus gur féidir cur le tuiscint an uafáis i measc níos mó daoine i rith an achair.
le tuiscint, dhá ainm two names, to be read from it
" Tá cloch oghaim sa séipéal in aice na mainistreach a bhfuil idir Ghaeilge ársa agus Laidin uirthi: tá an dá fhocal 'Sagranus' agus 'Cunotami' le tuiscint, dhá ainm.
le tuiscint (let it) be known
" Ina aitheasc oscailte thug an Cathaoirleach áitiúil, Joe Steve Ó Neachtain, le tuiscint do na daoine a bhí i láthair céard a bhí bainte amach ag an gceantar.
le barr tuisceana because they understood
" Bhí dáréag glic a d'fhan in uaimh le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine.