Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag leagan amach making out
" Is ionann 'llifo' eile na Breatnaise (= llifanu), tá mé ag leagan amach, agus an 'líomhadh' s'againne, agus 'livery' an Bhéarla chomh maith le 'liver' ('geir' le haghaidh snasú).
leagan amach layout
" Cuireann tú píosa in alt a chéile, cuireann tú leis, baineann tú de, athraíonn tú an leagan amach srl.
leagan amach amharclainne theatre layout
" Is ionad an-deas é mar tá leagan amach amharclainne air.
leagan amach layout
" Creideann suas le 50% de ghnáthdhaoine go bhfuil i bhfad níos mó tábhachta ag baint le rudaí ar nós an leagan amach agus na dathanna atá ar shuíomh.
leagan amach layout
" Féachann sé i bhfad níos deacra ná uirlisí eile, b'fhéidir, toisc go bhfuil cnaipí ar an dá thaobh agus níl cuma chomh simplí ar an leagan amach i gcomparáid leis an mbosca ceoil nó leis an bpianó agus a leithéid.
leagan amach layout
" Thugas faoi deara go raibh an suíomh difriúil ina leagan amach.
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit the likely layout of the place
" Léiríonn an mhionsamhail an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit.
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit the likely layout of the place
" Léiríonn an mhionsamhail an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit.
an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit the likely layout of the place
" Léiríonn an mhionsamhail an leagan amach a mheastar a bhí ar an áit.
leagan amach layout
"leagan amach an leabhair go hálainn, agus grianghraif ann a ghlac Ciara Conway.
leagan amach an leabhair. the layout of the book.
" AOF: Cén cineál leagain amach atá ar an bpacáiste? TMU: Go bunúsach leanann na dlúthdhioscaí leagan amach an leabhair.
rialacháin a leagan amach lay down regulations
" Is cosúil ón acht go gciallaíonn “forordú” ná go gcaithfeadh an t-aire rialacháin a leagan amach agus iad a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid.
leagan amach a view
" An léacht ba spéisiúla domsa ag an gcomhdháil, ba é an léargas a thug an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín ar an leagan amach a bhí ag Palladius ar chúrsaí rachmais.
leagan amach view, attitude
" Tá tíreolas an-tábhachtach in aistriú na vótaí, beagnach chomh tábhachtach céanna le leagan amach polaitíochta.
leagan amach view
" Is cóngaraí Richard Wright d’aigne Wilde agus Kant ná do leagan amach Duchamp.
leagan amach plan
" Is ann atá an caisleán a bhíodh ag an rí, ar iarsmalann anois é, agus is timpeall ar an gcaisleán seo a d’fhás an baile a bhfuil leagan amach na Meánaoise air, idir shráideanna cúnga agus thithe arda caola.
leagan amach planning
" Is iad na hathruithe a bhaineann le riaradh agus le leagan amach na gcraobhchomórtas sinsear peile agus iomána is mó a bhíonn faoi chaibidil agus ní bréag a rá nach bhfuil gach duine sásta lena bhfuil ag tarlú.
leagan amach an arrangement
" Cóiríonn de Caires Taylor ansin iad ar dhóigheanna suimiúla - fear ar rothar, fágaim, nó ciorcal figiúirí ina seasamh agus greim acu ar lámh a chéile – leagan amach a ligean do thumadóirí mara snámh thart timpeall orthu go furasta agus a ligean don solas ón bharr bualadh go haislingeach orthu.
leagan amach (Lula’s) take, version
" Ag tús a feachtais, rinne Rousseff geallúint go leanfadh sí de dhúnghaois sóisialta agus de leagan amach geilleagair Lula agus ní dhearna an gheallúint sin aon dochar di.
leagan amach plan, lay out
" Chuaigh an bothán sin agus leagan amach an tsráidbhaile féin go mór i bhfeidhm orm toisc go raibh a leithéid feicthe agam sa Pháirc Oidhreachta Náisiúnta i Loch Garman cheana, áit a bhfuil macasamhlacha de na ráthanna agus de na crannóga ina gcónaíodh muintir na hÉireann beagnach dhá mhíle bliain ó shin ann.
leagan amach version
" Cé nach bhfuil eolaithe polaitíochta ar aon intinn ar cén leagan amach is fearr a bheith ar an innealra daonlathach, is cosúil go nglactar go forleathan leis go dtig le teach amháin a bheith feiliúnach i dtír bheag, aonchineálach.
leagan amach model, plan
" Ar ndóigh, thosaigh an leagan amach seo sách déanach in Éirinn.
Is é a leagan amach it’s their view
" Is é a leagan amach i dtaobh an Aontais Eorpaigh, áfach, is mó a tharraing aird na gceannairí eachtrannacha.
éagsúlacht leagan amach variety of structure
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
leagan amach samhlaíoch imaginative layout
" Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.
leagan amach nua a new layout
" Cé nár fhan sé i bhfad sa phost, chruthaigh sé leagan amach nua, ceann de mholtaí eile na meithle, chun go bhféadfadh Coiste an Chontae bonn úr a chur faoin iomáint sa chontae.
an leagan amach ghlan a clean knock out
" Cé nár bhua den scoth a bhí ann in éagmais an leagan amach ghlan a chinnteodh a leithéid, lean ceiliúradh mór bua Mhic Giolla Chomhaill i measc mhuintir Mhaigh Eo ach go háirithe.
leagan amach saíochta agus polaitíochta cultural and political view
" Tá ealaíontóirí roghnaithe ag Castro agus Viveros- Fauné atá clúiteach ina gcáilíocht féin agus a bhfuil dearcadh domhanda ag baint leis an leagan amach saíochta agus polaitíochta atá le fáil ina saothar.
leagan amach structure
" Mhaígh siad go raibh seirbhísí dlí róchostasach agus go raibh athleasú mór de dhíth ar leagan amach agus ar rialú na gairme dlí in Éirinn.
leagan amach a structure
" Mhaigh saineolaithe an domhandaithe i bhfad ó shin go gcuirfeadh sé brú mór ar na seanchórais pholaitiúla atá bunaithe ar leagan amach a bhí feiliúnach céad bliain ó shin ach a bhfuil seanchuma mhífheidhmiúil orthu anois.
an leagan amach the policies
" Ach d’fhéadfadh an comóradh seo níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh don Lucht Oibre ar an gcúis seo: tabharfaidh sé neart deise do Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach, Richard Boyd Barrett ón gComhghualaíocht Aontaithe ar Chlé agus do Gerry Adams ó Shinn Féin a mheabhrú don phobal gur mór an difríocht idir an leagan amach atá ag an Lucht Oibre i 2012 faoi cheannas Gilmore agus Burton agus an leagan amach a bhí ag an bpáirtí a bhunaigh Connolly agus Larkin.
córas úr maoinithe a leagan amach setting out a new system of funding
" Is ag tagairt atá mé don phróiseas atá acurtha ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le hathbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus don phróiseas comhairliúcháin atá ar siúl ag Foras na Gaeilge maidir le córas úr maoinithe a leagan amach do na heagrais dheonacha Ghaeilge.
leagan amach an gheilleagair economic structures
" Mealladh infheistíocht Mheiriceánach, léirscaoileadh gnóthaí tráchtála, agus cuireadh athruithe ar leagan amach an gheilleagair.
chun an tslí a leagan amach to lay out the pathway
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
leagan amach geilleagair de version of economics
" Tá iarrthóir uachtaránachta acu, Mitt Romney, atá ina bhall den Eaglais Mhormannach (eaglais a bhfuil go leor Meiriceánach in amhras faoi), agus nár chualathas mórán faoi in aon chor go dtí earrach na bliana seo, agus tá iarrthóir leasuachtaránachta acu, Paul Ryan, atá i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh Críostaíochta agus leagan amach geilleagair de.
córas deilbhíochta a leagan amach to prepare a system of form
" Is díol spéise a bhfuil le rá sa réamhrá, áit a dtugtar léargas ar an iarracht mhacánta a rinne an Rannóg chun a gcearta a thabhairt do na canúintí éagsúla agus chun tuairimí an phobail a chur san áireamh: Sa bhliain 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge – Caighdeán Rannóg an Aistriúcháin d’fhonn go bhfaighfí tuairimí agus moltaí ón bpobal a chuideodh leis an Rannóg córas deilbhíochta a leagan amach a bheadh oiriúnach lena ghlacadh mar chaighdeán comhchoiteann.
baineadh amach é sa leagan it was removed from the version
" (Le bheith faireáilte le *Stillwater Communications*, bhí roinnt den eolas thuasluaite sa tuarascáil a cuireadh ar fáil do RTÉ ach baineadh amach é sa leagan a cuireadh ar fáil don pobal, ar chúis nach dtuigim.
ina leagan amach polaitíochta in his political view
" mar sin tharla gur Phoblachtánach é ina leagan amach polaitíochta, gur Ghael é ina theanga agus nuair a d’áirigh sé a chreideamh, cúlra staire a mhuintire, taobh tíre a thógála srl.
nuair a thoisíof ag leagan amach mapaí na háite when local maps were being drawn up
" Tharla an rud céanna anseobh blianta fada fada fada ó shin nuair a thoisíof ag leagan amach mapaí na háite, nuair a tugadh síos na logainmneacha ar léarscáileannaí.
Ghlac mé leis an leagan amach a bhí aige I accepted his view
" Ghlac mé leis an leagan amach a bhí aige ar cheist na Gaeilge: nach raibh mórán dul chun cinn déanta, in ainneoin na n-iarrachtaí móra a bhí déanta ó bunaíodh Conradh na Gaeilge 1893.
leagan amach an roghchláir the chooser program layout
" Tugann leagan amach an roghchláir bealach isteach duit mar a bhfuil an mhear-athbhreithniú nó an mhion-anailís, mar shampla, aon áit ina n-úsáideann tú do fhón cliste nó do thaibléad: sa bhaile, sa rang, ar an mbus, fiú ar do shlí go dtí an scrúdú.
rinne an leagan amach agus clóghrafaíocht did the design and typography
" Is é an t-ealaíontóir Dara McGee a rinne an ealaíon don leabhar agus Sinéad Ní Chadhain a rinne an leagan amach agus clóghrafaíocht.
Leagan Amach Cliste well planned
" Leagan Amach Cliste ========= Chun ticéad a fháil caithfear páipéar a scríobh i bhfoirm blagmhír (seo m’iontráil http://bit.
Cuireann an leagan amach seo olc ar this set up frustrates
" Cuireann an leagan amach seo olc ar Dhara ach níl fhios aige cad is féidir leis nó lena chomhghleacaithe a dhéanamh faoi.
roimh an leagan amach nua the new layout
" Seachas an méid sin, leanfaimid ag obair sna réimsí a bhí i gcónaí ann: an ceol, foilseacháin scoile, cistíocht nó bailiú airgid (ar mhaithe le foireann a fhostú) - níl ár ndóthain maoine/airgid againn agus ní bheidh go deo is dóigh! Tús Maith & Spreagadh na nAontachtach ================ **CMacS: An bhfáiltíonn tú roimh an leagan amach nua?** AÓC: Fáiltím roimh dheireadh an phróisis! Fáiltím roimh an gcinnteacht a thugann sé tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa cheo; cúig bliana as an straitéis fiche bliain don Ghaeilge.
leagan Ghaeilge a chur amach to issue an Irish version
" 3 den Bhunreacht céanna go mbíonn ar an stát leagan Ghaeilge a chur amach de gach dlí a achtaítear i mBéarla.
an leagan amach seanaimsearach leadránach the old style, boring layout
" De ghnáth nuair a éiríonn liom Comhar nó Feasta a cheannach bíonn alltacht orm leis an leagan amach seanaimsearach leadránach, a bhíonn orthu.
mar aon le treoirlínte a leagan amach as well as setting out guidelines
" 75 milliún san iomlán caite ar chomharthaíocht bealaí – idir thógáil, dhearadh, chur in airde mar aon le treoirlínte a leagan amach maidir le crochadh na gcomharthaí.
ina leagan amach system
" Tá an Astráil ag athrú ina leagan amach cumachta agus freagrachta ón rialtas láir/náisiúnta anuas go dtí na rialtais stáit.
ag leagan amach reckons
" Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.
leagan amach version
" De réir Raidió na Gaeltachta faoin 16 Feabhra 2011, bhí leagan amach an Taoisigh, agus Fine Gael dá réir, athraithe go port eile: “nuair a bheidh an taighde déanta”.
aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach in seeing any progress being made by his ideology
" Tá líomhaintí déanta ag Ciarán Mac Aonghusa san alt seo a chaithfear a chur ar shúile do chaon duine den eite chlé ar spéis leis aon dul chun cinn a fheiceáil á dhéanamh ag a leagan amach san am atá le theacht.