Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag leathnú spreading
" Agus leis an teannas a thiocfaidh as sin, cad é tharlóidh do mholtaí Patten? A fhad is atá daoine ag iarraidh a theacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo, tá an ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste.
ag leathnú amach spreading out
" Tá an spiorad seo ag leathnú amach le blianta anuas, siar go lár na tíre anseo i Milwaukee agus bíonn cúrsaí ar fáil go rialta in Ollscoil Wisconsin anseo agus ag Craobh Churtin de Chonradh na Gaeilge.
leathnú expansion
" Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.
ag leathnú widening
" Tá an bhearna idir na bochtáin agus na daoine saibhre ag leathnú seachas a bheith ag cúngú.
a leathnú to spread
" Leanfar ar aghaidh le meon Willie an teanga agus an ceol Gaelach a leathnú agus a fhorbairt.
an cosc a leathnú to extend the ban
" Tá pleananna ann chun an cosc a leathnú go dtí an taobh Francach.
Leathnú mór a great broadening
" Leathnú mór ar ár bhfoinsí oibre.
Leathnaigh sé it spread
" (Leathnaigh sé go Corcaigh ar na mallaibh, agus tá baol ann go leathnóidh sé tuilleadh.
leathnú extending
" Ach creidim má tá an Cumann Lúthchleas Gael le bheith dáiríre faoi scaipeadh agus leathnú an chluiche go gcaithfidh siad plean cuimsitheach a chur le chéile a chinnteoidh é sin.
leathnú expansion
" Ach de bharr dhianiarrachtaí an phobail Éireannaigh agus leathnú na seirbhíse raidió sna hochtóidí, tugadh uair an chloig in aghaidh na seachtaine do "Chlár na Gaeilge" ar an ngréasán náisúnta.
caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta we have to be able to broaden our aims as well
" Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta.
leathnú expansion
" Ach de bharr dhianiarrachtaí an phobail Éireannaigh agus leathnú na seirbhíse raidió sna hochtóidí, tugadh uair an chloig in aghaidh na seachtaine do "Chlár na Gaeilge" ar an ngréasán náisúnta.
leathnaigh an stailc the strike spread
" D'éirigh an pobal níos radacaí nuair a chonaic siad mar a caitheadh leo go foréigneach, leathnaigh an stailc go cathracha eile sa tír agus d'éiligh siad go n-éireodh el Goni as.
á leathnú being widened
" Glacaim leis go bhfuil gá le bóithre ach tá an N2 á leathnú ag an am céanna agus níl an dá bhóthar ach 7-10 ciliméadar óna chéile; d'fhéadfaí iad a cheangal le chéile, mar sin.
leathnú expansion
" Dúirt grúpaí éagsúla nach raibh siad i gcoinne leathnú an Aontais agus nach grúpaí "frith-Eorpacha" iad, ach go raibh siad buartha faoin leagan amach a bhíonn ag institiúidí an Aontais maidir le cúrsaí eacnamúla, sóisialta agus comhshaoil, agus faoin easpa smachta a bhíonn ag an bpobal ar pholasaithe na n-institiúidí sin.
ag leathnú expanding
" Tá an tAontas Eorpach ag leathnú an t-am ar fad.
Leathnaímis let us widen
" Leathnaímis téarmaí tagartha an tsean-nóis seachas a bheith ag iarraidh muid féin a choinneáil scartha amach ón tsaol mór.
ag leathnú getting wider
" Tá pobal an Bhéil Bhinn ag leathnú an t-am ar fad agus fós tá mé cinnte go léifidh daoine an t-agallamh seo nár chuala go raibh a leithéid de thionscadal ar bun i mBré.
ag meadú agus ag leathnú increasing and expanding
" Tá mé dochásach go mbeidh forbairt mhór le feiceáil ar an Ghaeilge sna bailte, go háirithe anois agus an tAontas Eorpach ag meadú agus ag leathnú.
ag leathnú widening
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
leathnaíonn siad they spread
" leathnaíonn siadthey spread is tú ag dul tharstuas you pass them duine éicint dá shliochtone of his offspring éachtfeat ag maíomh asboasting about it brogús camphusacha sour-faced humourless person ina intinn míoltóigein his midge mind a mhalairtthe opposite próistethin, spindly person ag cur chuige ná uaidhbothering him a mhímhúineadhhis unmannerliness an ghráin shíoraídeep hatred faoi tharcaisneheld in contempt dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoineif people could undo what they had done seaftaíshafts corrdhuinethe odd person deargscabhaitéaraa total blackguard airdheed nuair a thitidíswhen they used to fall ag tochas a mhullaighscratching the top of his head rúnintention é a dhíbirtto drive him out go raibh diomar airthat there was something wrong with him plódaícrowds Ag tairiscint breabanna.
thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe the holy ground of the expanded Serbia
" Níor leor gach Moslamach a mharú, chaithfí gach rian díobh is dá gcultúr a ghlanadh ó thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe.
an margadh a leathnú amach to expand the market
" “Tá Bord na Leabhar Gaeilge ag tacú go maith linn, caithfidh mé a rá, agus tá siad ag tacú go speisialta linn ó thaobh an margadh a leathnú amach, tuilleadh poiblíochta a dhéanamh do na leabhair agus tuilleadh díolacháin a dhéanamh.
chun stór focal a aimsiú nó a leathnú to find or expand vocabulary
" Is iontach an rud é téama éigin, mar shampla, an grá, a leanúint trí na hamhráin chun stór focal a aimsiú nó a leathnú, mar bíonn athrá sna hamhráin go minic; cloistear na frásaí céanna arís agus arís eile.
Leathnaíonn an dátheangachas an intleacht. Bilingualism expands the intellect.
" Leathnaíonn an dátheangachas an intleacht.
caomhnú agus leathnú na Gaeilge the preservation and extending
" In Alt 8 den Acht, tá ráiteas a deir “déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh-mheán chumarsáide a *spreagadh*.
é a leathnú amach beagán to broaden it a bit
" An ag cur leis an méid sin a bheas tú, nó an bhfuil i gceist agat dul treo eile?* TC: Tá mé chun é a leathnú amach beagán an uair seo agus cuid d’oirthear an Chláir a thógáil isteach anois.
a leathnú to expand
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
í a fhorbairt agus a leathnú amach to develop and broaden it
" Deir Mairi McLeod, Oifigeach Tionscadal na hAlban Cholmcille, “D’éirigh thar cionn leis an bhféile i nGleann Cholm Chille anuraidh agus tá sé i gceist againn í a fhorbairt agus a leathnú amach i mbliana.
go bhféadfaimis í a leathnú amach. that we could broaden it.
" Nuair a chonaic muid chomh éifeachtach is a bhí an scéim phíolótach, bhí a fhios againn go bhféadfaimis í a leathnú amach.
ag leathnú amach spreding out
" An bhfuil an Léann Éireannach folláin faoi láthair? Deir sé go bhfuil sé ag fás i gcónaí, é ag leathnú amach i Meiriceá agus i gCeanada, agus fiú in áiteanna san Eoraip mar an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir.
an Pháil a leathnú amach, to extend the Pale,
" Ach bhí an Rí John ag iarraidh an Pháil a leathnú amach, agus mar sin bhí port daingean de dhíth air le lónta a chur chuig a fhórsaí in Éirinn.
ag leathnú na scéime amach expanding the scheme
" Anois, tá an Rialtas ag leathnú na scéime amach do phoirt eile sa tír, Learpholl san áireamh, agus beidh siad ag tabhairt amach 90,000 lionsa Fresnel sa bhreis sa bhliain úr.
Táthar ag súil nach leathnóidh sé aneas. it is hoped that it won't spread from the south
leathnaithe go mór, greatly expanded,
" Tá liosta na ngníomhaíochtaí míleata a bheadh ceadaithe leathnaithe go mór, ó bhunú na síochána agus gníomhaíocht dhaonna go dtí gníomhaíochtaí míleata de chineál ar bith.
a leathnú to expand
" Bunaíodh an ciste seo chun cumas taighde na n-institiúidí a leathnú agus a fhorbairt.
leathnaigh phearsanta personal pages
" Tá sé beagáinín cosúil le YouTube, ach tá leathnaigh phearsanta i gceist.
leathnú to spread
" Léiríonn na scéalta seo go bhfuil saineolaithe ag féachaint le coincheap an mhargaidh a leathnú ionas go mbeidh an luach comhshaoil intuigthe i ngach praghas a íoctar ar tháirgí agus ar sheirbhísí.
leathnú the spread
" Tugtar an chreidiúint do Cholm Cille agus don 12 manach a bhunaigh an mainistir ar Í in éindí leis, as leathnú na Críostaíochta i measc na gCruithean agus tugtar ómós dá réir ar fud na hAlban do ‘Cholumba’, an bunainm Laidine a thugtar in Albain ar Cholm Cille sin againne.
leathnú spreading
" Theastaigh obair an Údaráis a roinnt idir cúrsaí teanga sa Ghaeltacht agus cruthú fostaíochta, le béim níos treise ar an bpríomhchúram faoin Acht atá ar an Údarás: an Ghaeilge a chaomhnú is a leathnú sa Ghaeltacht mar ghnáth-theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta.
leathnú spread
" Scéal Phádraig agus a pháirt i leathnú na críostaíochta go hÉirinn a bhí á scagadh againn le linn an chúrsa.
Leathnú broadening, spreading
" Cúngú nó Leathnú ======== Shíl mé féin go raibh Clann na hÉireann cineál cúng mar eagraíocht.
leathnú widening
" De réir na bpobalbhreitheanna, tá an bhearna idir Dilma Rousseff, iarrthóir Pháirtí na nOibrithe (PT) agus na hiarrthóirí eile ag leathnú.
leathnú to spread out
" - Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais - Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de - Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú - Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge - Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar - Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm -5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
leathnú na teanga spreading the language
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
leathnaithe expansion
" Theith comhpháirtí Khodorkovsky sa choireacht, Leonid Nevzlin, go hIosrael sula bhfuarthas ciontach in absentia é as ordú dúnmharuithe polaiteoirí agus lucht gnó a chuir isteach ar phleananna leathnaithe Yukos.
é a leathnú amach open it out
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
leathnú amach spread out
" **SMM: Ar cheart do bhailte eile eagras áitiúil ar nós Gael-Taca agus Gaillimh le Gaeilge a thosú agus ar chuimhnigh sibh leathnú amach go dtí bailte eile i nGaillimh ar nós Ghort Inse Guaire agus Bhéal Átha na Slua?** BNC: Obair Ghael-Taca, Ghaillimh le Gaeilge, Ghnó Mhaigh Eo, Cheatharlach le Gaeilge, ba cheart a leathnú amach.
leathnú na teanga spread the language
" Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
leathnaithe spread
" ** Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith.
leathnú spread
" Bhí sé i gceist bualadh isteach go hOileán Í, áit ar bhunaigh Colm Cille an mhainistir, as ar deineadh an chríostaíocht a leathnú isteach go hAlbain.
á leathnú expanding
" Níl aon amhras ach chomh beag go mbeidh uirlisí na meán úr á leathnú!
Leathnaíodh was broadened
" Leathnaíodh ról na huachtaránachta ar bhealach suntasach faoi réimeas Mary Robinson.
leathnú amach to roll (it) out
" Agus, ag smaoineamh siar air, nach mór an suaimhneas a bhí againn sa tír seo ó balbhaíodh Éamó? An chéad uair eile a bheidh Balor ar cuairt ar Enda Álainn, beidh sé ag moladh dó an balbhú a leathnú amach ar fud na tíre, agus b’fhéidir nach aon dochar é Cúistiúnacht a bhunú sa tír seo, agus an phríomhoifig a bheith i dTithe an Rialtais.
ag leathnú ar spreading
leathnú na gné seo the spread of this aspect
" Cad a thiocfaidh as leathnú na gné seo den chultúr Éireannach? An gcuirfidh sé le cúis lucht na scarúna, agus an mbeidh ábhar bolscaireachta eile acu dá bharr? An ndéanfar tionscal eile de? An mbeidh foirne cumasacha sna baill seo amach anseo? Is maith an scéalaí an aimsir, ar ndóigh.
an choimhlint ansin a leathnú amach to broaden the conflict there
" Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
leathnófaí an cleachtas the practice would be more widespread
" Ceapaim go bhfuil fiúntas sa moladh a dhéantar sa tuarascáil go leathnófaí an cleachtas a bhíonn ag roinnt láithreoirí ar nós Marian Richardson, John Creedon agus fiú amháin Pat Kenny beagán Ghaeilge a úsáid sa gcur i láthair a dhéanann siad ina gcuid cláracha, ach admhaíodh ‘go raibh cuid den fhoireann raidió diúltach faoin gcleachtas sin’.
leathnú an ghaineamhlaigh dá réir the resulting desertification
" Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.
ar leathnaigh became more widespread
" I ndiaidh Muirthéacht 1776 d'éirigh na stáit ó thuaidh as sclábhaíocht ar fad, ach cuireadh go mór leis ó dheas, áit ar leathnaigh sclábhaíocht amach i gcríocha nua Alabama agus Mississippi.
leathnófaí ar shuim dhaoine peoples’ interest would be broadened
" Thiocfadh as sin, b’fhéidir, go leathnófaí ar shuim dhaoine, agus leis sin rannpháirtíocht daoine, sna cluichí Gaelacha timpeall an domhain trí chraoladh na gcluichí ar Sky TV.
ag leathnú amach spreading out to
" Ó ainmníodh í mar dhuine de na mná is cumhachtaí ar líne sa Bhreatain, tá an foréigean sin ag leathnú amach go dtí na gréasáin shóisialta ar líne agus admhaíonn Bates go bhfuil bagairtí báis á bhfáil aici go rialta.
i leathnú na Gaeilge in the spreading of Irish
" Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobail nó an leanfar leis an seanchur chuige céanna.