Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tithe leanna pubs
" Cuid mhaith acu is baintreacha agus daoine ina n-aonar iad nach dtaitníonn na tithe leanna leo agus a d'fhan sa bhaile roimhe seo.
Thigeadh lionn dubh air ó am go ham he used to get depressed from time to time
" Thigeadh lionn dubh air ó am go ham agus chaithfeadh sé go leor ama ag siúl leis féin ar an uaigneas.
dhá phionta leanna two pints of beer
" Chuir sé roimhe ansin, de shiúl scafánta cos, a chaipín casta siar, go dtí an sráidbhaile go n-ólfadh sé dhá phionta leanna.
teach leanna pub
" Le linn do Liam bheith i Meiriceá den dara huair, d'oscail teach leanna i Manhattan, Rocky Sullivan's, agus bhí aithne ag Liam ar na húinéirí.
ag ól cúpla galún leanna drinking a few gallons of beer
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
lionn dubh melancholy
" Love, fiú! Bhí lionn dubh ar mo chroí agus mé ag imeacht as an Maláiv, ní hamháin mar go raibh mé ag fágáil na mór-roinne is ansa liom, ach toisc go raibh mé ag fágáil cairde a bhí mar a bheadh teaghlach agam, agus ag fágáil tíre a bhí tar éis greim docht a fháil ar mo chroí.
Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi. It was worse than disappointment; she was depressed.
" Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi.
i dtithe leanna in pubs
" Is beag caint a tharraing sé i dtithe leanna ó cheann ceann na tíre.
lionn dubh melancholy
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
tionscal na dtithe leanna the pub industry
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
lionn dubh depression
" Tugann sé leid nó dhó dúinn go mbíonn lionn dubh air anois agus arís.
dteach leanna a pub
" Nuair atá faill acu craic a bheith acu leat i dteach leanna nó i gcaifé, labhróidh siad leat ionann is gur tógadh sa chomharsain chéanna sibh.
leanna booze, beer
" ‘*I only have the cúpla focal*,’ ar seisean, ‘*and that’s both of them*!’ Fós ní raibh ceoltóir ná amhránaí ná damhsóir as Éirinn feicthe agam, ach Meiriceánaigh agus Ceanadaigh le Fraincis ag saothrú leo go tréan ar na stáitsí móra, piontaí leanna fágtha ar tháblaí ina aice láimhe acu, agus iad uilig le bodhráin ina nglac agus iad á mbualadh go tréan agus go mírithimeach chun cuma Éireannach a chur orthu féin dar leo.
dtithe leanna pubs'
" Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.
toigh an leanna the pub
" Is iomaí oíche samhraidh a d’ordaigh mé toigh an leanna, "buidéal de Cidona Dhún na nGall, más é do thoil é".
lionn dubh depression
" Ceist Arastatail Agus chuir an fealsamh Arastatail an cheist cad chuige a raibh na fílí, na healaíontóirí agus na fealsúna is fearr ar fad luaite leis an lionn dubh? Ná déanaimis dearmad, ach oiread, dár bhfile buile féin, Suibhne Gealt, a d’imigh, i ndiaidh dó uafáis na cogaíochta a fheiceáil i gCath Mhaigh Rátha, ar seachrán mire ar fud sléibhte agus coillte na hÉireann an 7ú Céad, ag déanamh cónaí sna crainn agus ag fógairt áilleacht agus diamhracht an dúlra ó bharr na gcrann i bhfilíocht shnoite cheolmhar.
teach leanna pub
" Pádraic's Place an seanainm a bhíodh ar an teach leanna seo le barr measa ar an scríbhneoir Sean-Phádraic Ó Conaire a mhaítear a rugadh ar an láthair ar an 28 Feabhra 1882.
fear leanna an ale drinker
" Ní raibh ann ach gur thaispeáin Leno pictiúir den Taoiseach agus d'iarr ar an lucht féachana tomhas ar fear leanna, polaiteoir, nó fuirseoir é.
theach leanna pub(s)
" Tá dhá theach leanna deasa ann i gcónaí agus beatha den scoth le fáil i gceann acu.
gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air he felt a dead and heavy sadness overcoming him
" Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis.
lionn dubh depression
" D’admhaigh sé in agallamh leis an Hollywood Reporter go mbíonn an lionn dubh air agus b’fhéidir nach bhfuil an dóchas céanna ina shaothar dá bhrí sin, is a bhí ag a leitheidí Gene Roddenberry, cruthaitheoir saincheadúnas *Star Trek*, cuirim i gcás.
i dteach leanna éigin in some pub
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
teach leanna i lár an bhaile a pub in the middle of town
" Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
Sa teach leanna beoga in the lively pub
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
leanna a óltar of beer which are drank
" *“Ground Hog Day”* a deir Leamh Ó Cuinneagáin, agus é ag tagairt don mhéid céanna borgairí agus stéigeacha caoldroma a itear gach bliain agus don mhéid céanna piontaí leanna a óltar.
i dteach leanna in a pub
" Tharla gur cultúr éagosúil lena chéile iad, is féidir cairde a dhéanamh go furasta sa Spáinn ag dioscó nó i dteach leanna, ach sa tSín ní rachaidh siad chuig áit mar sin agus is doiligh aithne a chur ar dhaoine.
sa teach leanna in the pub
" Tharla comhrá Béarla amháin, iascaire coimhthíoch sa teach leanna, ar feadh leath uaire san achar trí seachtaine sin.
Athraíodh ainm an teach leanna the name of the pub was changed
" Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.
i dteach leanna i lár an lae in a pub in the middle of the day
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
dtithe leanna pubs
" Ar an lá eagraítear toscairí i moil, nó ‘huddles’, i dtithe leanna agus in óstáin timpeall an bhaile.
i dtithe leanna in pubs
" Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.
ach deoch glan leanna just non-alcoholic beers
" An moladh atá ag Balor ná go ngeallfadh an tUasal Fingers nach n-ólfadh sé ar feadh bliana ach deoch glan leanna.