Pota Focal Intergaelic
bloc | lioc | lo | loca | loch
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Loic daoine orainn People let us down
" Loic daoine orainn cúpla uair - cuireadh turas amháin ar ceal gan míniú ar bith, mar shampla, agus dá bharr sin ní fhaca muid Cayo Largo, oileán beag ar an chósta ó dheas agus ceann de na hionaid saoire is deise i gCúba, deirtear.
gur loic na polaiteoirí orthu that the politicians let them down
" Mothaíonn siad gur loic na polaiteoirí orthu," a dúirt sí.
gur loic an príomhchraoltóir náisiúnta orainn that the main national broadcaster failed us
" Ach ní hamháin gur loic an príomhchraoltóir náisiúnta orainn maidir le fógraíocht do pháistí, ach tá sé ag loiceadh go leanúnach orainn maidir le hábhar na gcláracha féin.
locadh bó rounding up of cattle
" Bhí locadh bó ar siúl achan tráthnóna ar feadh seachtaine agus bhí ceol beo sa chearnóg achan oíche den tseachtain fosta.
loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo Irish diplomats failed the fishermen of this country
" Níl aon dabht ach gur loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo an lá a ghlac siad leis an socrú áirithe seo.
ag loic ar a gcomhimreoirí letting down their fellow players
" Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí.
iad féin a loic orthu féin they let themselves down
" Ach iad féin a loic orthu féin mar bhí an oiread seansanna curtha amú acu sa chéad leath (aon cheann déag) go raibh aiféala mór orthu dá mbarr ag deireadh an chluiche.
as loic ar na geallúintí for going back on the promises
" Ba léir ó na cláracha raidió le linn na bliana go raibh an pobal an-díomách leis an rialtas as loic ar na geallúintí a rinneadar roimh an toghchán deireanach.
ag loic ar na nGaeilge failing the Irish language
" " Cuirtear i leith RTÉ go minic go bhfuil an stáisiún ag loic ar na nGaeilge agus gur beag clár teilifíse as Gaeilge atá le feiceáil ar an stáisiún na laethanta seo.
ag loic ar letting down
" "Tá sé ag loic ar gach naíonán, páiste agus duine fásta i Sasana," a dúirt sé.
a loic go dona air who let him down badly
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
a loic go dona air who let him down badly
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
a loic ar go leor daoine, which failed a lot of people,
" Scoil, dar liom, a loic ar go leor daoine, daoine nach raibh ábalta cur suas leis an réim a bhí ar bun san áit agus a d’fhág é.
Cé gur loic siad orthu féin although they let themselves down
" Cé gur loic siad orthu féin i Staid Semple, loic an córas orthu freisin.
loic an córas orthu the system failed them
" Cé gur loic siad orthu féin i Staid Semple, loic an córas orthu freisin.
thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh. they started to shut in the Jewish inhabitants.
" Agus forlámhas glactha ag na Naitsígh ar an gcathair i Meán Fómhair 1939, thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh.
loic faulted/failed
" ”Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, loic an t-uachtarán nuathofa.
loic failed
" Ba léir go raibh go leor daoine, go háirithe ar an eite dheis, a sheas go láidir in aghaidh réimeas nua na nDaonlathach, agus a shíl gur loic an réimeas a bhí ann ar feadh ocht mbliana, réimeas George Bush agus na bPoblachtach, orthu freisin.
Loic muid we failed
" Loic muid ar ár lucht tacaíochta fadbhunaithe agus rinne muid cairdeas le forbróirí móra agus le lucht na mbanc.
nár loic riamh never forsook
" Fear uasal nár loic riamh ar a chomh-Éireannaigh.
Loic sé orthu agus é i gclár na mionn he let them down in the witness box
" Loic sé orthu agus é i gclár na mionn, áfach.
Nár loic tú ar an ghealltanas didn’t you go back on the promise
" Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?” “Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo.
gur loic Éire ar a comhghleacaithe that Ireland failed on its friends
" Mhothaigh an rialtas abhus dá bharr, dála na dtíortha eile sa Chomhlathas, gur loic Éire ar a comhghleacaithe in am an ghátair.
tar éis loic orthu have let them down
" Braitheann muintir Galicia go bhfuil an rialtas áitiúil agus Rialtas na Spáinne tar éis loic orthu ó tharla tubaiste an Prestige i mí na Samhna, dar le Carmen Rodríguez.
go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach that the Government has badly let down the Rossport Five
" Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.
Loic an Eaglais Chaitliceach the Catholic Church failed
" Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.
an fear nár loic is nár lúib the guy who neither failed nor flinched
" Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.