Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lochtach faulty
" Chuala an fiosrúchán gur scríobh Shipman cúiseanna bréige ar 215 teastas eile ar an laghad agus dúirt Angela Woodruff go raibh sé ábalta leanúint ar aghaidh mar seo de bharr go raibh an córas lochtach agus nár chaith duine ar bith amhras air go dtí bás a máthar féin.
an gcomhpholasaí lochtach seo this faulty common policy
" ) In áit aon mhórleasú a dhéanamh ar an gcomhpholasaí lochtach seo, áfach, ní dhearna na hairí mara ach pleananna bainistíochta ilbhliana a thabhairt isteach (más mall is mithid) agus cúpla mionleasú eile.
córas lochtach faulty system
" córas lochtach ======= Ag croí na faidhbe tá an córas lochtach faoina shocraítear na cuotaí éisc san Aontas Eorpach.
lochtach faulty
" Bhí an tine lochtach agus de thairbhe gás ag éalú amach as tháinig cineál fanntaise ar Bhalor bocht.
lochtach faulty
" Ba léir go raibh roinnt den eolas a bhí ag na Coimisinéirí lochtach agus gur chuir bainisteoirí bainc comhairle mhí-ionraic ar dhaoine.
polasaí lochtach faulty policy
" Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
dá lochtaí é despite its faults
" Faoi láthair, dá lochtaí é, tá mud ag dul fríd thréimhse ina bhfuil go leor daoine a mharódh a chéile deich mbliana ó shin, sásta labhairt lena chéile.
lochtach faulty
" Is iad na saineolaithe ríomhaireachta is cúis leis an bhfadhb, idir na daoine a chuir bogearraí lochtacha ar fáil agus na daoine a bhíonn ag scríobh na víreas.
lochtach faulty
" Chuir Coimisiún na hEorpa tuarascáil ar fáil ar Charraig Mhaighin a léiríonn go sóiléir go raibh an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol lochtach.
lochtach faulty
" Tá dhá rogha agat: is féidir leat drochaisteoir a bhfuil togha na Gaeilge aige a roghnú nó sáraisteoir ag a bhfuil Gaeilge lochtach a fhostú.
lochtach faulty
" " Is léir ón taighde a rinne an Dochtúir Newman go bhfuil an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol (RTC) thar a bheith lochtach sa chás seo freisin.
lochtach faulty
" In ainneoin cé chomh lochtach is a bhí an fhaisnéis roimh an ionradh, dúirt an rialtas go ndéanfaidís an cleas céanna arís agus nach raibh aiféala ar bith orthu.
chóras lochtach faulty system
" Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
lochtach faulty
" Osama bin Laden ======= Ní ba luaithe sa chomhrá, dúirt sé go bhfeiceann daoine an t-aingeal i ndaoine a bhfuil siad mór leo, is cuma cé chomh lochtach is atá siad.
lochtach faulty
" Ní mór dóibh siúd dul i dtuilleamaí an chórais, fiú más lochtach an córas é.
lochtach faulty
" Ach nuair atá deireadh ráite is é an cur chuige (nó an easpa cur chuige) atá lochtach seachas an coincheap féin.
lochtach faulty
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
Béarla lochtach, faulty English,
" Is éacht é seo do bhean nach bhfuil ach 27 bliain aici agus Béarla lochtach, leis.
lochtach faulty
" Ritheann an cheist chéanna liom arís is arís eile agus mé ag breathnú orthu: cén sórt oideachais a fuair na daoine óga seo ó thaobh an cheoil de? Oideachas ceoilTuigim go maith nach bhfuair an chuid is mó acu oideachas foirmiúil ceoil riamh – agus ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil siad lochtach ó thaobh an cheoil de mar gheall ar an easpa sin.
lochtach faulty
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
bhain sin leis an gclár a bheith lochtach, that was because of the programme being weak
" Ach bhain sin leis an gclár a bheith lochtach, ní liomsa a bheith lochtach.
lochtach faulty
" “Le blianta anuas, táthar ag cumadh agus ceapadh "táirgí úra airgeadais" le fadhbanna a sheachaint nó a mhaolú ach táthar ag fáil amach go bhfuil na táirgí úra sin féin lochtach," ar sé liom i mbliana.
saormhargadh lochtach freemarket (is) faulty
" Fíorluach agus luach an mhargaidh Tá sé tuigthe ag eacnamaithe le fada an lá – nó ag cuid mhaith acu – go bhfuil an saormhargadh lochtach.
lochtach faulty
" Tá a leithéid de chóras lochtach, dar liom, agus is furasta don té atá mí-ionraic teacht i dtír air.
lochtach at fault
" Tá an chuma ar na hairí rialtais nach dtig leo admháil ón chroí amach go raibh siad lochtach.
bonn lochtach a faulty basis
" Braithim mar sin go bhfuil bonn lochtach faoin staidéar ón tús sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar an teoiric gur cheart go mbeadh ionannas agus cothromaíocht fostaíochta idir daoine le Gaeilge agus daoine le Béarla.
lochtach faulty
" Ar an drochuair, tá fianaise acu gur foras thar a bheith lochtach ag barr Chnoc an Anfa agus nach bhfuil an seanmhúnla seicteach briste agus córas úr a bhéarfadh dóchas do gach duine curtha ina áit.
Glas lochtach a faulty lock
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
is é an córas athá lochtach it’s the system that's at fault
" Mar a chimse é, i ndáiríre, cé acu laistigh nó taobh amuigh den €uro, is é an córas athá lochtach agus a fhaid agus a bheidh an córas caipitleach agus an córas airgeadais faoi mar athá, beidh na tíortha úd i ngéarchéim.
lochtach faulty
" Má tá an Bord atá ann faoi láthair lochtach, bheadh Bord den chineál sin níos measa fós, im’ thuairimse.
lochtach at fault
" An freasúra ag déanamh tréaniarrachta freisin ach a gcuid iarrachtaí sin os comhair an chúil againne lochtach mar gheall ar bhrú ár gcuid tacaithe.
lochtach faulty
" Anois dá mbeadh an obair cheamara lochtach, ní ghlacfadh siad leis, ní chraolfadh siad é! Dá mbeadh an fhuaim lochtach, ní chraolfadh siad é, ach craolfaidh siad an drochthráchtaireacht lofa, an fear atá ag cur an chláir i láthair nó ag déanamh an cheangail.
lochtach at fault
" Má bhí na ceannairí seo lochtach áfach, bhí na córais rialachais ar bhain siad leo lochtach fosta.
lochtach faulty
" Nach é seo an t-am le Peter Robinson seasamh taobh thiar de na daoine sin a bheas thíos le cur chuige geilleagair atá chomh lochtach sin, dar le saineolaithe airgeadais an FT féin.
lochtach faulty
" Thug tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann le fios go bhfuil ár gcóras oideachais lochtach ó thaobh teangacha de.
lochtach faulty
lochtach faulty
" É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil.
go hiomlán lochtach entirely erroneous
" Bunaíodh coimisiún ríoga leis an gcás a scagadh agus léiríodh ann go raibh an fhianaise fhóiréinseach thuas go hiomlán lochtach.
lochtach faulty
" Thuigeamar leis go bhféadfadh an córas moltóireachta a bheith lochtach faoi mar a bhí ar uairibh san am a caitheadh.
lochtach faulty
" Cé go bhfuil an tAcht Gaeltachta lochtach, tá áthas an domhain orm go bhfuil an cúram ar na comhlachtaí pobalbhunaithe.
tuiscint lochtach mearathalach a faulty mistaken understanding
" Nuair a d’fhógair Mikołaj Kopernik (1473-1543) don saol gur tuiscint lochtach mearathalach ab ea an tuiscint cheannasach cosmeolaíochta a bhí suas lena linnse .
d’údaráis lochtacha faulty authorities
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
lochtach faulty
" Tá ganntanas póilíní ann, tá an soláthar uisce agus an tseirbhís bhailiúchán bruscair lochtach.
córais oideachais agus shláinte lochtacha faulty education and health systems
" Liosta gan áireamh a bhí sna cúiseanna gearáin acu: costas ard an iompair phoiblí, caimiléireacht, córais oideachais agus shláinte lochtacha, foréigean na bpóilíní agus míle rud eile.
Reachtaíocht Lochtach faulty legislation
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur Reachtaíocht Lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
an chrág lochtach the clutch faulty
" Deirtear go mbíonn an chrág lochtach.
chomh lochtach céanna just as much at fault
" Caithfidh mé a admháil go bhfuilim chomh lochtach céanna le fear ar bith eile sna cúrsaí seo mar i gcaitheamh na mblianta a bhfuil an t-alt seo á scríobh agam do Beo.
lochtach faulty
" Ach cionn is go bhfuil sé gasta in áit a bheith mall, agus go bhfuil sé garbh in áit a bheith cruinn, is minic a bhíonn sé lochtach.
a lochtaí is atá réasúnaíocht how faulty (human) reasoning is
" Léiríonn Kahneman tríd a chuid turgnamh féin agus na céadta eile a rinne taighdeoirí ar fud an domhain a lochtaí is atá réasúnaíocht, nó eagna, an duine.
a lochtaí is atá eagna an duine how faulty human wisdom is
" Muid Féin Araon ====== Cuireann Kahneman síos ar go leor leor turgnamh mar seo ina léiríonn sé a lochtaí is atá eagna an duine.
a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach the judges’ work method is faulty
" Tugann Kahneman léargas dúinn ar an dóigh a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach, agus an dóigh ar féidir feabhas a chur ar chóir phianmhar leighis, agus ar an dóigh nach bhfuil in obair na “dtiarnaí airgeadais” ach feallaireacht agus cur i gcéill.
lochtach faulty
" Tá an daonlathas liobrálach lochtach gan amhras agus tá an córas caipitlíoch míchothrom.
bhí an chuimhne s’acu lochtach their memory was faulty
" Ach má bhí, bhí an chuimhne s’acu lochtach.
teicneolaíocht atá lochtach technology is at fault
" Schwartz ina alt faoi, ní hí an teicneolaíocht atá lochtach ach iad siúd atá á chur i bhfeidhm: “*Many developers, however, have used implicit flows when they should be using code flows, and many sites have allowed them to do so.
lochtach faulty
" Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.
an-lochtach very faulty
" Measann Tony Birtill go bhfuil leabhar nua faoi na hÉireannaigh i Learpholl, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, an-lochtach de bhrí gur thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge.