Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
loscadh sléibhe wildfire
" Ó Oíche Nollag, nuair a thosaigh an loscadh sléibhe, bhí sé níos mó ná trí seachtainí sula raibh na tinte ar fad ceansaithe.
loscadh na n-eiriceach stóinsithe the burning of the stubborn heretics
" Ba é an cur síos ar an eachtra seo i leabhar sheanuncail Bhalor a spreag na scéalta in *The Da Vinci Code *faoi loscadh na n-eiriceach stóinsithe.
liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe the grey of the ashes of the Celtic jersey after it has been burnt
" Agus Tír Eoghain – nach bhfuil an lámh dhearg mar shuaitheantas acu, mar atá againn féin? Nach muidne a bhí bródúil nuair a chonacthas an lámh dhearg in airde ar fud Pháirc an Chrócaigh lá an chraobhchluiche! Lámh Dhearg abú! Agus amharc ar na dathanna a chaitheann na himreoirí: dearg agus bán, agus dath gorm ar fhobhríste gach aon duine de na himreoirí – dearg, bán is gorm: dathanna na Ríochta Aontaithe – na dathanna is ansa le gach dílseoir beo nó marbh (seachas oráiste, dar ndóigh – agus ór bhonn an phuint sterling, agus dubh an Guinness, agus donn an ispín fhriochta, agus liath luaith gheansaí Celtic i ndiaidh a loiscthe.
loscadh sléibhe wild fire
" Is cuid de nádúr na tíre seo an loscadh sléibhe, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 10, Feabhra 2002).
loscadh fire
" Is cuid de nádúr na tíre seo an loscadh sléibhe, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 10, Feabhra 2002).
loscadh burning
" Más aisteach féin é, ach bhí tuaisceart na hAstráile faoi thuile ag an am céanna a raibh an deisceart ag loscadh.
ina loscadh sléibhe like wild fire
" Scaip an galar eacnamaíoch ina loscadh sléibhe ar fud an domhain mhóir.
loscadh shoot
" Tá gach duine sa tuaisceart faoi bhagairt an bháis ag dream nach dtig leo glacadh leis go bhfuil am an fhoréigin thart agus a chreideann, ainneoin na fianaise uilig ina éadan, gur féidir Éire a aontú fríd urchar a loscadh i gcloigne daoine.
An Scéal ina Loscadh Sléibhe news moving fast
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
loscadh burning
" Ar an teilifís, bhí cláracha ar loscadh Shráid Bombay ag drong dílseoirí i 1969 agus ar Bhúistéirí na Seanchille, dream dílseoirí síceapatacha a d’fhuadaigh, a chiapaigh agus a mharaigh ar a laghad 30 duine - Protastúnaigh ina measc - ag gearradh sceadamán na n-íobartach go minic.
créacht agus loscadh cléibh eile another hurt and sadness
"créacht agus loscadh cléibh eile ag creimeadh misnigh óg is aosta, in Éirinn go háirithe, agus braithim, ceart nó mícheart, go bhfuil ciúnas aduain ina thaobh.
ar tí a loiscthe about to flare up
" Ach is dócha gurb í an chúis ba mhó go raibh Glaschú ar tí a loiscthe ná gurb ann a bhí an ráig ba nimhní den tseicteachas ins an Bhreatain.