Pota Focal Intergaelic
luaigh | la | Luan | luar | luas | ua
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is ar éigean gur fiú é a lua it's barely worth mentioning
" Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua.
á lua leis féin being mentioned to himself
" Deir de Róiste gur cuimhin leis an t-ainm á lua leis féin go minic freisin.
níl mé ag gabháil a lua I'm only going to mention
" *Ar charraig na ndeor is dó gur chaill mé mo radharc, Is go dtéighe mé faoi fhód ní thógfad m'aigneadh ' do dhiaidh ("An Chéad Mháirt d'Fhómhar ")* Scríbhneoirí ======= Tá ceithre cloigeann déag as Rann na Feirste a bhfuil a saothar foilsithe, ach níl mé ag gabháil a lua ach triúr anseo, triúr deartháireacha Mhic Grianna.
á lua being mentioned
" Bhíodh Miller á lua sna tuairiscí a bhíodh le léamh agus le cluinstin ar chogaí na critice sna hacadaimh léinn, sna Stáit Aontaithe go háirithe, aimsir na conspóide fá theoiricí na díthógála tamall nach bhfuil chomh fada sin ó shin.
gan a n-ainm a lua anonymously
" Is cinnte go bhfuil rudaí scríofa ar an suíomh a ghoilleann go mór ar mhúinteoirí ach is é an rud is mó atá ag cur as do roinnt mhaith acu ná an chaoi ar féidir le scoláirí nithe a chur ar an suíomh gan a n-ainm a lua agus ansin gur féidir le haon duine – comharsana, baill den teaghlach, cairde – féachaint ar na ráitis sin.
á lua mentioning it
" Níl mé ag rá gurb ionann an cineál sin “coiriúlachta” agus a bhfuil ag titim amach i measc na bparaimíleatach, ach tá mé á lua mar chomhartha nár thosaigh an smuigleáil leis na Provies.
á lua being mentioned
" B’fhéidir nach aon ionadh mar sin go mbíonn an cam a imríodh ar an bPolainn ag Yalta fós á lua ag Polannaigh sa lá atá inniu ann.
a lua to mention
" Fuair 61 acu bás sa Bhriogáid Idirnáisiúnta agus gortaíodh Ó Ríordáin féin le linn Chath Ebro, cé go raibh sé ró-chúthail leis an eachtra seo a lua ina leabhar.
ní mór a lua it should be mentioned
" Bhíodar an-mhúinte i gcás na Meiriceánach leis, ní mór a lua.
a lua to mention
" ***TÓU: Sílim nach féidir Craobh Naithí a lua gan Michael Tubridy a lua freisin.
á lua mentioning them
" Bhínn ag tabhairt rudaí beaga faoi deara agus bhínn á lua sin le Breandán Breathnach.
lua mention
" Is féidir go bhfuil mo nideog san áit a bhfuil an nascadh idir luachanna na teibíochta agus luachanna an mhargaidh.
ag lua mentioning
" Sa bhliain 1993, d’eisigh an tAturnae Dúiche i San Francisco 700 leathanach de dhoiciméid ag lua an ADL le spiaireacht ar 10,000 Meiriceánach agus 600 eagraíochtaí a bhí in aghaidh Apartheid san Afraic Theas agus polasaithe Iosrael sa chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil, agus an t-eolas fúthu a thabhairt do na rialtais sin.
á lua being mentioned
" Ach cheana féin tá an straitéis cheilte seo á lua mar an gníomh is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát.
lua to menion
" Is iad na ‘grandes écoles’ - an École Nationale d’Administration (riarachán agus bainistíocht), an École Nationale des Ponts et Chaussées (innealtóireacht) nó an Institut Supérieur de l’Aéronautique et de l’Espace i gcathair Toulouse, gan ach trí cinn acu a lua - na forais a bhfuil an rachairt is mó orthu.
lua to mention
" Is réabhlóid mhór é seo ón am a raibh drogall orm mo chuid oibre a lua ar mo bhlag go dtí an lá atá inniu ann nuair atá comhlachtaí ag guí le cúpla líne ó bhlagadóirí faoina seirbhísí nó faoina dtairgí nua gan chaint ar na comhlachtaí atá ag tabhairt faoina mblag féin gan aon agó.
lua mention(ed)
" Bímís buíoch nach bhfuil Leabhar Ceanannais ná Dealg na Teamhrach curtha ar ceant ag údair na tuarascála seo mar is beag luach atá curtha acu ar chúrsaí cultúrtha, agus an teanga ach go háirithe.
lua mention
" Tá mé ag déanamh go n-aontódh sibh go bhfuil oidhreacht luachmhar ar fáil i ‘dtobar na Gaeilge’ agus is fiú go mór í a chaomhnú.
lua mention
" Tá eagarthóir s’againne, Seosamh Mac Slua Muirí, ina fhál cosanta idir muid agus cruatan an tsaoil, bail ó Chrom Dubh air.
lua to mention
" Ach a luaithe is a luaitear ‘stáisiún eithneach’, cuimhnítear láithreach ar na heachtraí a tharla i Three Mile Island in 1979 agus i Chernobyl in 1986 nó ar an gconspóid ar fad faoin stáisiún eithneach i Sellafield (sea, < Windscale) ar chósta thiar Shasana.
gan an mhóin a lua not to mention turf
" ’ Ó tógadh faoin tuath mé ní fhéadaim gan an mhóin a lua agus mé ag trácht ar an gheimhreadh.
gan a lua not to mention
" Agus mar fhocal scoir, bheadh sé neamartach gan a lua go bhfuair an rialtas luach maith as a gcuid airgid ar dhá ócáid inar eitil bunús na comhaireachta lena chéile.
lua mention
" Is ceart dom a lua sa chéad dul síos nach bhfuil aon saineolas faoi leith agam ar an ábhar seo seachas an t-eolas atá agat féin, a léitheoir.
lua to mention
" ” B’iad na húdair, áfach, a roghnaigh “*linguistic elite*” a lua i dteideal dá bpáipéir seachas “*linguistic advantage*” nuair a foilsíodh é in “*The Economic and Social Review*, Eagrán 40, Uimhir.
Is cóir a lua it’s correct to mention
" Is cóir a lua ar eagla na míthuisceana, go bhfuil tír is talamh faoi chomaoin mhór ag foireann RnaG agus TG4 as an tseirbhís ar dóigh agus as an tsaibhreas aisteach mhiorúilteach Ghaeilge a roinneann siad linn ó cheann ceann na bliana.
lua mention
" Straitéis margaíochta fíorfheidhmiúil atá ann ar ndóigh toisc go dtarraingíonn an Beaujolais Nouveau aird ar na fíonta eile as réigiún an Beaujolais, réigiún atá idir Macon agus Lyon ina dtáirgtear fíonta cáiliúla ar nós Fleurie, Brouilly agus Juliénas, gan ach cuid acu a lua, fíonta a mbíonn díol maith orthu in Éirinn toisc blas éadrom torthaí a bheith orthu.
lua leo mention to them
" Is féidir cuirithe a chur amach chuig cairde ar leith agus sa chuireadh is féidir ábhar ar leith a lua leo.
Gan ach sampla a lua just to mention one example
" Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga.
á lua léi being mentioned with it
" *We are a different people* - Is pobal ar leith muidne – (Nan Joyce, údar Traveller (Farmar Publishing 1985) Nuair a phléitear litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann is minic an ‘t-imeallachas’ á lua léi.
Ba cheart a lua it ought to be mentioned
" Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
lua mention
" Cruas Croí ===== Ní féidir cúrsa casta an fhichiú haois a lua gan Stalin agus Hitler a chur leis.
a lua mentioning
" Gan ach cúis amháin a lua, ní féidir do neach daonna a bheith neamhdhleathach.
Ní miste a lua it’s no harm to mention
" Ní miste a lua gur do dhaoine ó thíortha lasmuigh den AE amháin atáimid ag tagairt agus ceist na hinimirce neamhdhleathaí san AE á plé.
Gné is fiú a lua a matter worth mentioning
cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta to spell out the reasons for refusing the naturalization
" Chuaigh Mallak i muinín an dlí chun iallach a chur ar an Aire cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta.
Is fiú a lua freisin it’s worth mention also
" Is fiú a lua freisin go bhfuil líon na gcimí ag méadú.
Cad chuige a bhfuil mé á lua seo why do I mention this
" Cad chuige a bhfuil mé á lua seo? Cionn is go léiríonn sé a laige is atá ceannaireacht don phobal aontachtach is mó atá faoi mhíbhuntáiste.
Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc he was particularly careful to mention in his speech
" Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc a thug sé nuair a fógraíodh ainmneacha na haireachta go raibh an líon ba mhó ban inti le hais aon rialtas eile i stair na hAstráile.
Is fiú a lua it’s worth mentioning
" Is fiú a lua gur athbhreithniú seachas fiosrúchán a d'fhógair Coimisinéir an Gharda i mí Aibreáin seo caite.
a lua seachas to mention other than
" Ba mhór an t-éacht é a bheith ábalta beagnach gach duine eile sa halla, gan trácht ar an chontae, a lua seachas Pearsa Dhún na nGall na Bliana.
lua mention
" Is fiú dhá shampla a lua: (i) tugann mír 9(h) don Acht Oideachais 1998, cosaint thábhachtach don Ghaeilge mar mheán teagaisc i scoileanna na Gaeltachta agus is faoi mhír 31 a bunaíodh is a mhaoinítear COGG; (ii) leagann mír 10.
lua mention
" Ní gá ach féachaint ar chinneadh an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirí as a phost toisc easpa suime an Rialtais le fada maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga agus easpa dul chun cinn i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla gan ach cúpla bunfhadhb a lua.
nár chóir flúirseacht an Stáit a lua state generosity shouldn’t be mentioned
" Souter go feargach nár chóir flúirseacht an Stáit a lua chun ionsaí a dhéanamh ar ghealltanas gan córas creidimh a mhaoiniú: *“direct public funding of core sectarian activities, even if accomplished pursuant to an evenhanded program, would be entirely inconsistent with the Establishment Clause (sé sin an cosc ginearálta Meiricéanach ar mhaoiniú creideamhach sa Chéad Leasú de chuid Bhunreacht na Stát Aontaithe), and would strike at the very heart of the Clause’s protection”.
Gan ainmneacha a lua not mentioning names
" Gan ainmneacha a lua, is féidir a rá go bhfuil seachtar nó ochtar de na peileadóirí is fearr sa tír ag Áth Cliath, peileadóirí a bheadh ionchurtha lena macasamhla as ré ar bith eile.
cúramach gan an t-ábhar sin a lua careful not to mention that matter
" Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin? Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta.
gan ainm úsáideora an duine a lua without mentioning the person’s user name
" Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.
lua mention(ed)
" Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua.
lua mention
" Bhí Seosamh Mac Muirí i measc an tslua agus bhuail sé leis coicís ó shin lena cheistiú faoi shaol Éire na linne seo agus faoi roinnt de na tuairimí spéisiúla a nocht sé sa leabhar is deireanaí óna láimh ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F.