Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ráta athraithe lucht oibre staff turnover rate
" Bhí an ráta athraithe lucht oibre iontach ard, ní nach ionadh.
lucht oibre Caitliceach Catholic working class
" " Ba dhuine de cheithre pháiste déag é athair McEvoy agus d'oibir sé mar dhoirseoir agus mar phluiméir i ngach cúinne de Greenwich Village, ar chomharsanacht den lucht oibre Caitliceach ba mhó a bhí ann ag an am.
phoblachtaí an lucht oibre workers' republics
" Leabhar faoi phoblachtaí an lucht oibre sa nGearmáin i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda atá ag fear na Sualainne; baineann saothar Kross le forlámhas na Rúise san Eastóin idir an dá chogadh; cur síos ar éirí amach sa gCréit in aghaidh na dTurcach thart ar 1870 atá i leabhar Galanaki.
lucht lorgtha oibre those seeking work
" Fuair mé léargas an-suimiúil ansin ar shaol an inimircigh - agus mise ó thír atá mar bhall den Aontas Eorpach! Níor mhaith liom a shamhlú cén crá a bhíonn i gceist i gcás lucht lorgtha oibre ó thíortha eile.
lucht oibre working class
" Is ceantar lucht oibre é Dingle, atá suite i ndeisceart na cathrach in aice le habhainn an Mersey.
lucht oibre working class
" "Bhí Jim Larkin ina dhuine lárnach i stair Bhaile Átha Cliath agus i stair Learphoill, agus bhí an frithdhúnadh i 1913 ar cheann de na samplaí ba mhó riamh de streachailt an lucht oibre,” ar seisean.
má loiceann Páirtí an Lucht Oibre orm if the Labour Party fails me
" Tá sé ráite agam go poiblí arís is arís eile, mar go bhfuil oiread bainte agam leis an bhfeachtas chun an mótarbhealach a stopadh ó dhul in aice le Teamhair, má loiceann Páirtí an Lucht Oibre orm sa gcás áirithe sin, má dhéanann siad cúlú ar bith, fágfaidh mé an páirtí.
saol an lucht oibre a fheabhsú to improve the life of the working class
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
in ómós don lucht oibre in homage to the workers
" Anseo in Éirinn is lá saoire bainc é Lá Bealtaine in ómós don lucht oibre.
an lucht oibre the working class
" Bhain siad leis an lucht oibre agus ní raibh aon difear eadrainn, le fírinne.
i gceantair lucht oibre Learphoill, in working class areas of Liverpool,
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
de chúlra lucht oibre of a working class background
" Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó.
a caitheadh ar son Pháirtí an Lucht Oibre which were cast on behalf of the Labor Party
" 6 faoin gcéad faoi líon na vótaí a caitheadh ar son Pháirtí an Lucht Oibre ón olltoghchán deireanach – an méadú is mó idir olltoghchán amháin agus ceann eile le 32 bliain anuas.
daoine geala de chuid an lucht oibre. white working class people
" Agus ní chuidíonn sé léi gurb na vótálaithe is mó a thugann tacaíocht di ná vótálaithe traidisiúnta an pháirtí – ní daoine óga agus toghlaigh nua de chuid an phobail ghoirm, ach daoine geala de chuid an lucht oibre.
Páirtí Lucht Oibre na hAstráile Australian Labor Party
" Cuireadh tús le beartas na coinneála éigeantaí sa bhliain 1992 agus Páirtí Lucht Oibre na hAstráile i réim.
Lucht Oibre Labour
" "Cúis náire don réigiún," a dúirt an Feisire Tony Lloyd (Páirtí an Lucht Oibre, Manchain Lár) nuair a toghadh Nick Griffin de chuid an British National Party (BNP) mar Feisire Eorpach d’Iarthuaisceart Shasana.
lucht oibre working class
" Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an dóigh a léiríonn sé saol an lucht oibre diúltach, mar ní thugann sé mórán aird ar ghnáthdhaoine ‘measúla’, daoine nach mbíonn ag eascainí nó ag ól barraíochta.
lucht oibre working class
" Anois, mar a deir muintir na polaitíochta, an bhfuil focheist ar bith agat, nó an bhfuil gné ar leith den pholaitíocht a bhfuil tú ag iarraidh soiléiriú a fháil uirthi?” “Bhuel, a dhaidí,” a d’fhreagair Balor Óg, “is minic mé ag éisteacht le focail nach dtuigim, leithéidí: caipitleachas, lucht oibre, todhchaí, rialtas, pobal, agus focail mhóra chasta mar sin.
Lucht Oibre na Breataine British Labour
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
chúlrá an lucht oibre a working class background
" Bhíodh Learpholl sa nuacht go rialta ag an t-am sin, leis an chonspóid idir Comhairle na Cathrach agus Rialtas Thatcher agus mar mhac léinn ó chúlrá an lucht oibre, thuig Jacques an teachtaireacht a bhí i scéal Noonan: *"Tressell is often seen as a rite of passage if you're involved with politics of a Leftist slant.
fréamhacha an lucht oibre working class roots
" Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre an-lag ar bhonn náisiúnta anseo.
lucht oibre na gcathracha the urban working class
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
lucht oibre working class
" Seo an cineál áite a fhaigheann The Irish Guards a gcuid fodar béal gunna - ceantar lucht oibre a bhfuil deacrachtaí dífhostaíochta ann.
Lucht Oibre Labour
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
an Lucht Oibre the Labour Party
" Comhdháil an Bhunreachta ======== Gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre araon go gcuirfidís athruithe móra ar an bhunreacht.
Ní raibh meas ar bith acu ar an lucht oibre they had no time for the working people
" Ní raibh meas ar bith acu ar an lucht oibre ach ba chuma cén t-oideachas a bhí ar fáil d'aos óg Dhoire, bhí an saol thart orthu réidh le pléascadh.
lucht oibre working class
" Ar an dea-uair, ní hionann ciall don duine agus i measc lucht oibre oirthear na cathrach, tá saint acu i leith na Gaeilge, an bean amháin sin ach go háirithe, Linda Ervine.
den lucht oibre ag uaigh of workers at the grave
" Ba mhór an feall é nach bhfuair muintir na Seanchille an deis iad féin a chur chun tosaigh ar bhonn aicme den lucht oibre ag uaigh Tone.
fad nár ghlac an Lucht Oibre while the Labour Party didn’t accept
" Cuirim i gcás go raibh Fine Gael ag iarraidh 3 mhíle milliúin a ghearradh an uair dheireanach fad nár ghlac an Lucht Oibre ach le 2.