Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht i méadaíocht growing up
" An Náisiúnachas Úr ======= Ba chomhartha é an ráiteas sin go raibh an "Náisiúnachas Úr" ag teacht i méadaíocht.
nuair a tháinig sé i méadaíocht when he grew up
" isteach sa FDNY nuair a tháinig sé i méadaíocht, agus rinne beirt dá mhic amhlaidh; chuaigh duine acu, Bill Bresnan, amach ar pinsean i mí Iúil 2001.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht as we grow up
" Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
a tháinig i méadaíocht grew, got bigger
" Ceird a saolaíodh, a tháinig i méadaíocht agus atá faoi rath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, baile dúchais na ceirde.
roimh theacht i méadaíocht. before they grow up.
" De réir staitisticí ó Oileán Muile, beirtear thart ar 20,000 uan ansin gach bliain agus faigheann thart ar 2,600 acu bás roimh theacht i méadaíocht.
Tá glúin úr tagtha i méadaíocht a new generation has grown up
" Tá glúin úr tagtha i méadaíocht in Éirinn a bhíonn ag dréim go mbeadh nuacht ar fáil ar líne am ar bith den lá saor in aisce.
atá tagtha i méadaíocht that has grown up
" Rud eile atá go maith ná go bhfuil an-chur amach ar an teicneolaíocht ag an nglúin atá tagtha i méadaíocht le deich mbliana anuas.
tagtha i méadaíocht grown up
" ” Ach tá scaoll tagtha faoin ngnáthdhuine, gan amhras – go háirithe faoin nglúin atá tagtha i méadaíocht le tríocha bliain anuas.
teacht i méadaíocht growing up
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
i méadaíocht grew up
" “A phobal dhílis,” a dúirt sé, “a sheas an fód liom riamh anall ó tháinig mé i méadaíocht mar cheannaire, an gníomh atá le déanamh agam, is agam féin atá sé le déanamh.
teacht i méadaíocht growing up
" Bhíodh clanna móra ann agus bhíodh ról mór ag an mhuintir ar fad – idir sheandaoine agus ghasúir eile a bhí ag teacht i méadaíocht – i gcúram na leanaí óga.
tháinig siad i méadaíocht they grew up
" ”* Turas a bhí ann do na taobhanna éagsúla fosta - próiseas seachas ócáid - inar tháinig siad i méadaíocht in imeacht ama.
don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht the next generation
" Óir tá teachtaireacht láidir á tabhairt ag na Gardaí don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair – ’sé sin go gcaithfidh siad a gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.
i méadaíocht grew
" Sin é an fáth gur tháinig gluaiseacht na gceardchumann i méadaíocht thart ar an am sin.
rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht described her growing up
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
aos óg atá ag teacht i méadaíocht the generation now growing up
" Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn.
bhí sé ag teacht i méadaíocht when he was growing up
" Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana.
tagtha i méadaíochta come forth
" Is bocht an teist ar an stát nach bhfuil glúin d'intleachtóirí tagtha i méadaíochta le 90 bliain anuas atá in innimh feidhmiú ins an dá theanga oifigiúil atá againn.
ag dul i méadaíocht le increasing with
" I ndiaidh seoladh na hoíche sa mbliain 2010, thosaigh clú an imeachta ag dul i méadaíocht le leaganacha ‘sean-nóis’ Miss Panti d’amhráin *Madonna* agus *Rhianna* le cloisteáil.
ag teacht i méadaíochta growing up
" Ní raibh an ghlúin úr a bhí ag teacht i méadaíochta i ndiaidh an chogaidh ábalta a gcuid sinsir a a leanstan chuig na longchlóis Cois Chluaidh.
ag dul i méadaíochta growing up
" An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.
tagtha i méadaíocht grown up
" Agus é tagtha i méadaíocht, áfach, chinn Conchobhar ar luí isteach ar fhoghlaim na teanga.