Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Maoiniú méadaithe increased funding
méadaithe faoi dheich multiplied by ten
" Smaoinigh ar an tocht agus ar an fhearg a bhí ort ag breathnú ar thórraimh íobartaigh bhuama na hÓmaí méadaithe faoi dheich.
méadaithe increased
" An fhoireann a bheith méadaithe le gur féidir an obair uile atá le déanamh a chur i gcrích.
méadaithe increased
" Líon na gcoistí a bheith méadaithe.
méadaithe enlarged
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
méadaithe expanded
" An margadh a bheith méadaithe go mór sa chaoi is go mbeadh rith cló de 4,000 mar mheán againn don chuid is mó d'ár dteidil.
méadaithe go mór greatly increased
" Tá mo mheas ar thaistealaithe agus ar thaiscealaithe méadaithe go mór.
san aontas méadaithe in the expanded union
" Deir Prodi go bhféadfaí suas le 400,000 post a chruthú san aontas méadaithe chuile bhliain as seo go dtí 2020, de bharr na hoibre seo ar fad.
méadaithe expanded
" Beidh an líon daoine san Aontas a bheas ag labhairt teangacha eile seachas na príomhtheangacha ina chéatadán an-ard den iomlán agus, dá n-éireodh leis an Ghaeilge stádas oifigiúil a bhaint amach, bheadh lucht na teanga ábalta maoiniú ceart agus tacaíocht láidir a fháil laistigh de chórais na hEorpa méadaithe.
méadaithe increased
" "Tá díolachán na ndeochanna meisciúla méadaithe 60% agus díolachán an bhia i ndiaidh dúblú," arsa Jones.
méadaithe increased
" Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
méadaithe as cuimse greatly enlarged
" Ní gnáthléarscáil atá ann, áfach, ach ceann a bhfuil roinnt áiteanna méadaithe as cuimse air.
méadaithe increased
" 5% le deich mbliana anuas, ach níl an fhoireann ná na seirbhísí méadaithe dá réir.
méadaithe expanded
" Thuigeas ní ba dhéanaí, ar leibhéal an-domhain, go raibh an fonn méadaithe aige.
méadaithe enlarged
" Agus nuair a chuirtear gnáthíomhá teilifíse ar scáileán ollmhór ní bhíonn cuma ródheas air toisc go bhfuil gach picteilín méadaithe ann.
méadaithe go mór greatly increased
" Is fíor go bhfuil rogha na mbeoracha i Méiriceá méadaithe go mór le déanaí, go háirithe mar go bhfuil tá an t-óltóir sásta taiscéalaíocht a dhéanamh agus triail a bhaint as tábhairní nua atá á n-oscailt ar fud na háite.
a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas having undergone unprecedented growth in the last number of years
" Maítear go bhfuil gá lena leithéid mar thoradh ar an tAontas Eorpach a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas - tá 27 ballstát ann faoi láthair.
méadaithe expanded
" Mhair sé go dtí seo leis na ballstáit nua agus tá taighde déanta ag Ollscoil Science-Politique i bPáras a léiríonn go bhfuil an tAontas Eorpach méadaithe ag feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí anois le 27 ballstát ná mar a bhí sé ag feidhmiú sa dá bhliain roimh an leathnú le 15 ballstát.
méadaithe increased
" Déantar athchóiriú ar an táirge féin bunaithe ar an aiseolas méadaithe de bharr na bhfeidhmeanna nua.
méadaithe enlarged
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
méadaithe increased
" Iontach go leor, toghchán thar a bheith maith a bhí ann do gach páirtí seachas Fianna Fáil agus na Glasaigh a ndearnadh sléacht orthu, agus do líon méadaitheach na n-iarrthóirí neamhspleácha.
méadaithe increased
" Faoi dheireadh a uachtaránachta bhí sé méadaithe go dtí 3 thrilliún, agus faoin dara uachtarán Bush, bhí an 10 dtrilliún sáraithe ag an tír.
méadaithe go mór greatly enlarged
" Bhí a chuid súile méadaithe go mór ag an gloine thiubh.
dócmhainneachtaí comhlachtaí méadaithe company insolvencies increased
" Tá dócmhainneachtai i measc daoine aonair méadaithe faoi dhó ó bhí 2007 ann agus dócmhainneachtaí comhlachtaí méadaithe ag an ráta céanna.
méadaithe increased
" Tá líon na mbuaf cána méadaithe go mór san Astráil ó bhí na tríochaidí ann agus anois tá iarrachtaí ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.