Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada putting this delicate question on the long finger
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
ar an méar fhada. on the long finger
" Stair Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada.
mhéar fhada long finger
" Ach dar le de Valera, b’amhlaidh gur thábhachtaí i bhfad é caomhnú na Gaeilge le linn géarchéime dá chineál siocair nach raibh sí i riocht sách láidir le go bhféadfaí an obair sin a chur ar an mhéar fhada: “Sa chaoi ina bhfuil an saol fá láthair, ta a lán neithe gur deacair dúinn gan suim, agus suim an-mhór do chur ionnta.
mhéar fhada long finger
" Tá claonadh aige nithe conspóideacha a chur ar an mhéar fhada.
mhéar fhada long finger
" Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint.
ar an méar fhada on the back boiler
" Tá an chraic seo ar bun aige le 10 mbliana anois, é ag cosaint go leor airgid ar mhaithe le cinneacha crua a chur ar an méar fhada.
ar an méar fhada kept in abeyance
" Chuir sé athbhreithniú na dteorannacha Gaeltachta ar an méar fhada, arís is arís, cheal misnigh.
curtha ar an mhéar fhada delayed
" Chiallódh sé sin nach mbeadh leasú stádas na Gaeilge ar an churaclam díbeartha den chlár oibre ach go mbeadh sé curtha ar an mhéar fhada.
ar an méar fhada in the slow lane
" Ní raibh an rún thuas ag déanamh iarrachta an dlí a athrú, de réir dealraimh, ach chuir sé brú ar na páirtithe móra an cheist a chíoradh go hoscailte, ábhar ab fhearr go mór leo a fhágáil ar an méar fhada.
ar an méar fhada being delayed
" Is mór an baol anois go gcuirfear an saghas reachtaíocht radacach sin atá riachtanach ar an méar fhada, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar dhreamanna a bhfuil bun mór acu sa chóras mar a bhfuil sé.
cuireadh an tionscadal ar an méar fhada the project was put the back burner
" Nuair a cailleadh Kerouac sa bhlian 1969, cheannaigh Coppola na cearta scannáin ach cuireadh an tionscadal ar an méar fhada arís.
conas an stair a chur ar an méar fhada how to delay the (feeling of) historical atmosphere
" Thug an drámadóir frith-Naitsíoch Bertholt Brecht Verfremdung (*‘making strange’*) ar an tseift seo, agus ní foláir nó gur fhoghlaim Milch óna chuid múinteoirí i Yale conas an stair a chur ar an méar fhada.
ar an méar fhada on the long finger
" Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.
ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada to put problematic matters on the long finger
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.