Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
míreanna segments
" Is forbairt an-tábhachtach dar linn an suíomh gréasáin nó tugann sé deis dúinn freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeilge - tá an clár raidió laethúil ar fáil ansin 24 uair sa lá, tá cartlann de na míreanna raidió is fearr agus réimse maith d'ábhar nach iad.
míreanna faisin fashion items
" Cabhraíonn na geansaithe freisin chun an t-atmaisféar a chruthú agus is cineál "míreanna faisin" iad na geansaithe agus na léinte ar dhathanna na gcontaetha.
míreanna pieces
" Sa phíosa *"Celosias" *tá scáthlán casta ina bhfuil míreanna beaga adhmaid atá cearnógach agus fiarthrasna, iad fite fuaite fríd a chéile ar nós píosa ailtireachta Múraí.
míreanna mearaí jigsaw puzzle
" Thug sé an-sásamh dó an míreanna mearaí sin a chríochnú agus an vóta a tharrtháil.
achan chuid de na míreanna mearaí every part of the jigsaw
" Polaitíocht seachas foréigean ======= Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
míreanna items
" Go deimhin, craoladh slam míreanna ar nuacht RTÉ faoin "tSín nua" atá á forbairt faoi láthair, agus bhí an clár "Manchan sa tSín" ar TG4 chomh maith.
míreanna items
" “Bhí mé anseo ag obair mar thaighdeoir ar feadh bliana, agus bliain den scoth a bhí ann, ach bhí brú laethúil i gceist cionn is nach mbíonn ann ach taighdeoir amháin leis na hagallaimh agus na míreanna uilig a eagrú.
míreanna tráchtaireachta segments of commentary
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
na míreanna éagsúla the various items
" Bunaíodh an stáisiún seo le bheith ina fhoilsitheoir/craoltóir, le clársceideal a chur le chéile agus le dhul ansin go dtí áisíneachtaí eile leis na míreanna éagsúla atá sa gclársceideal sin a líonadh agus a léiriú dúinn.
míreanna items
" D’oibrigh na míreanna a rinneamar le Jean Butler.
míreanna segments
" Tá sé i gceist aige míreanna a úsáid as an agallamh chun a scannán féin – "The Return of the Real" – a dhéanamh, agus go mbeadh sé sin mar chuid den taispeántas sa Tate, chomh maith le sraitheanna eile atá déanta aige cheana féin.
míreanna den scannán segments of the film
" Léiríonn míreanna den scannán an chuairt a thug de Valera ar an gClár, ar Luimneach agus ar Ghaillimh.
na míreanna ceoil the segments of music
" Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, tugtar eolas i leabhrán maidir le príomhimeachtaí an scannáin agus na míreanna ceoil a bhaineann leo.
míreanna nuachta news items
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
míreanna nuachta news pieces
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
ábhar na míreanna a roghnú to choose the material for the segments
" Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar.
míreanna méaraí, jigsaws
" Bíonn imscrúduithe aerthionóiscí cosúil le míreanna méaraí, ach bíonn an jab níos fusa má mhaireann an fhoireann agus má thagann t-eitleán slán as an eachtra agus é in aon phíosa amháin go fóill.
míreanna ó seanscannáin excerpts from old films
" D'úsáid sé míreanna ó seanscannáin inar taispeánadh damhsóirí ón am a chuaigh thart.
míreanna níos práinní more urgent matters
" Caithfear a rá go raibh daoine go leor i measc na dtráchtairí ag an am a bhí den tuairim nach raibh i gceist ach bolscaireacht pholaitiúil, agus go dtabharfaí neamhaird ar na daoine gan dídean nuair a bheadh míreanna níos práinní ar chlár an rialtais nua.
míreanna móra large portions
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
míreanna pieces
" Bhíodh míreanna ann a chuireadh ar buile mé.
míreanna of snippets(!)
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
míreanna snippets
" Futa Fata Tá difear miontláith idir an pobal atá á chothú ag Futa Fata ar Facebook agus an dream a bhíonn istigh ar Gharraí Johnny Mhorgan: tá an leathanach ar Facebook dátheangach, a bheag nó a mhór, a fhad is atá an blag beagnach i nGaeilge amháin le míreanna níos faide rud a thugann le fios go dtuigeann Futa Fata an t-am atá ag lucht úsáide an dhá mheán.
míreanna pieces
" Éiríonn leis an gcuid is fearr de na craoltóirí an cluiche a dhéanamh níos suimiúla nó níos bríomhaire ná mar a bhíonn go minic trí thagairtí breise a dhéanamh do chúlra imreoirí nó míreanna breise eolais a sholáthar nach mbeadh ar eolas ag an ngnáthdhuine.
míreanna excerpts
" ’Sé sin, go nglacann sé míreanna fada aon-seat, agus, nuair a chuirtear le chéile iad, cruthaítear an seachmall go dtiteann an scéal amach i bhfíoram, os ár gcomhair féin le linn fhad an scannáin sa cineama, gan seift ná cleas ná eagarthóireacht d’aon tsaghas eile ag teacht idir an léiritheoir agus a phobal.
míreanna snippets
" Tá na painéil maisithe le sreang dheilgneach agus míreanna gearrtha as páipéir nuachta chomh maith le portráidí de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, graffito de shaighdiúr Sasanach, radharcanna sráide as ceantar dílseach i mBéal Feirste agus pictiúr d’amhrastach IRA scaoilte.
míreanna eolais snippets of information
" I ndeireadh an lae, sin atá i Sunday Miscellany chomh maith, gur míreanna eolais atá i gceist, slámanna staire, sleachta dialainne, gach aon chineál scríbhneora, polaitíocht le ‘p’ beag, is dóigh agus taisteal, gach aon chineál ruda.
neart míreanna spéisiúla plenty of interesting snippets
" Is féidir podchraoltaí a fháil de sheanchláir agus bíonn neart míreanna spéisiúla ar fáil ar www.
Téann míreanna amach segments go out/are broadcast
na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar snippets showing up on fcbook
" Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.
sholáthraíonn míreanna gearra eolais provides short snippets of information
" ** Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae.
míreanna ceamar a few piece to camera recordings
" “Is cuimhin liom go maith gasúr beag amháin a tháinig aníos chugam nuair a bhí mé ag déanamh ‘míreanna ceamar “piece to camera” a rachadh amach ar Nuacht a Seacht ar TG4, agus dúirt sé “come over here, come over here, there's bodies behind my house,” agus thaispeáin sé olluaigh dúinn a bhí ar chúl a thí.
taispeántar míreanna excerpts are shown
" Pléitear peil na mban agus an chamógaíocht go rialta ar an irischlár, Seó Spóirt, le Dara Ó Cinnéide ar TG4 chomh maith, agus ar RTÉ, taispeántar míreanna as cluichí na mban ar a gclár an ‘Sunday Game’.
na míreanna sin a goideadh those pieces which were stolen
" Cé leis iad? Cén áit is ceart na hoibreacha ealaíne ón ré Naitsíoch a choinneáil nó an ceart iad a chaomhnú nó a thaispeáint go poiblí ar chor ar bith? Ar ndóigh, is ceist chonspóideach eile í an bunús a bhí le saothar ealaíne áirithe agus cé leo anois iad – go mór mór i gcás na míreanna sin a goideadh ó na Giúdaigh agus ó mhionlaigh eile agus atá i seilbh daoine eile anois.
na míreanna ab fhearr the best pieces
" Bhí Gael Linn díreach tosaithe ar shraith nua scéimeanna, oidhreacht Shlógadh más maith leat – na míreanna ab fhearr ar éirigh leo ag Slógadh.
le haghaidh míreanna spéisiúla for interesting snippets
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.