Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Lucht Múchta Tine firefighters
" Lucht Múchta Tine ======= Ar an Máirt chinniúnach san agus na mílte ag teitheadh lena n-anam ón dá Thúr anuas, bhí Lucht Múchta Tine Nua-Eabhrac ag dul suas i gcoinne an tráchta.
múchta go deo quenched forever
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta the same stifle and delay tactics
" D'fhéadfaí a rá go bhfuil ceannairí na heaglaise ag úsáid na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta i gcás VOTF is a d'úsáid siad nuair a tháinig na scannail ghnéis chun cinn.
múchta extinguished
" Cuireadh an tÉirí Amach faoi chois, ach ní marbh nó múchta atá an spiorad a ghin é.
múchta turned off
" ” Agus an téipthaifeadán múchta, tagann sceitimíní ar Étaoin agus í thar a bheith sásta go mbeidh sé de dheis ag Setanta, ar deireadh thiar thall, ceann dá cuid agallamh a léamh ar lá a fhoilsithe tharla go mbíonn BEO beo ar an idirlíon.
múchta (turned) off
" Mé suite go compórdach anois, mo fón póca bainte, an ríomhaire múchta.
múchta turned off
" Cé go gcuireann an-chuid mná meabhrúcháin ina gcuid guthán tríd an bhféilire, nó tríd an gclog, ní oibreoidh an guthán múchta ina dhiaidh sin, agus is minic an guthán múchta againn.
i gcontúirt a múchta endangered, facing extinction
" Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010).
tart múchta thirst was quenched
" Agus má bhí an tart múchta ag an uisce, thuig mé an nóiméad sin go raibh mo bholg an geonaíl leis an ocras.
Tá macalla na spéire múchta inti it’s dead to the world
" Tá macalla na spéire múchta inti.
múchta go leor iontu féin in low spirits
" Bhí an grúpa múchta go leor iontu féin.
anois múchta now quenched
" Tá na paidreacha maoithneacha mainséaracha ráite agus na coinnle lasta anois múchta.
coinneal múchta a quenched candle
" Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
go ciúin agus múchta iontu féin looking grim
" Chaolaíodar leo i ngan fhios don tsaol, duine ar dhuine amach an doras a bhí foscailte ag Jim dóibh, agus iad go léir go ciúin agus múchta iontu féin.
múchta le dorcadas closed in with the dark
" Is fuath liom tiomáint i bhfad oíche gheimhridh, múchta le dorcadas.