Pota Focal Intergaelic
ais | maig | mair | maise | maois
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Nach holc an mhaise duit Isn't it bad of you
" "Nach holc an mhaise duit a bheith ag baint grinn asam agus mé sa dóigh a bhfuil mé.
Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin wouldn't it be nice if that lasted
" Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin.
B'amaideach an mhaise do dhaoine a mhalairt a cheapadh. It would be foolish of people to think the opposite.
" B'amaideach an mhaise do dhaoine a mhalairt a cheapadh.
Ba bhocht an mhaise it would be a bad thing
" Ba bhocht an mhaise dá dtarlódh sé sin mar is amhlaidh gur ag cuidiú leis na múinteoirí a bheadh sí.
b’olc an mhaise aici it was bad of her
" ” “Is dócha go bhfuil an ceart agat, ach ina dhiaidh sin agus eile, b’olc an mhaise aici a leithéid a dhéanamh.
athbhliain faoi mhaise. a prosperous new year.
" Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, mar sin, Nollaig faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise.
Is suarach an mhaise é this is atrocious behaviour
" Is suarach an mhaise é seo do stát a bhíonn de shíor ag maíomh faoi ‘gheilleagar eolasbhunaithe na hÉireann’ agus is cinneadh é a íocfar go daor as lá níos faide anonn.
ba chaillte an mhaise dhúinn it would ill become us
" Mar sin de, ba chaillte an mhaise dhúinn é agus ba mhór an dearmad é obair na hAithbheochana do leigean ar ceal nó í do chur ar leathtaoibh go dtí ‘go mbeidh deireadh leis an gcogadh’ nó ‘go dtí am éigin ar ball is fearr deis agus faill’.
Ba shuarach an mhaise é it ill became him
" Ba shuarach an mhaise é, áfach, stop a chur le forbairt ionad uathachais trasteorann, de cheal airgid.
ag cur maise ar improving
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
Athbhliain fé mhaise a Prosperous New Year
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.
ba mhaith an mhaise would be well served
" Mar sin, ba mhaith an mhaise don rialtas a rogha ar son Údarás na Gaeilge a mhíniú.
Ba mhór an mhaise looked brilliant
" Ba mhór an mhaise ar Halla an Bhaile an crann Nollag maorga agus na soilse niamhracha taobh amuigh, ach ba dheise fós an taobh istigh leis an staighre marmair agus na coinnleoirí craobhacha agus na pictiúir a bhí ar crochadh ar na ballaí.
ba dhána an mhaise it’d be a brave move
" An Maith an Mhaith Dhéanach an Iarraidh Seo? =============== Ba iad na chéad sé mhí den bhliain seo an tréimhse is teo a taifeadadh riamh, agus ba dhána an mhaise d'aon duine a shéanadh go bhfuil iarmhairtí athrú aeráide á mbrath againn faoi láthair.
maise ar sheilf na adorning the shelf
" Nach maise ar sheilf na nDVD-anna agam féin le fada é an fhoireann boscaí a cheannaíos san Astráil ón ndáilitheoir Madman Cinema, sa tsraith *‘Director’s Suite’*, a thugann *‘The Wind Will Carry Us’*, *‘Ten’* agus *‘Taste of Cherry’* le Kiarostami dúinn.
gur dána an mhaise domsa it’s bold on my part
" * Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal ===================== Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu.
ach maise na háille other than the adornment of beauty
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
nár mhaise do it was unbecoming of
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
Ba mhaith an mhaise dúinne freisin it would also be to our benefit
" Ba mhaith an mhaise dúinne freisin go ndéanfaí cíoradh air sa díospóireacht chéanna in Éirinn amach anseo.
Bliain úr faoi mhaise daoibh happy new year
" Bliain úr faoi mhaise daoibh, a léitheoirí dílse.
ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo it spoke well of these new patrons
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
Ba dhána an mhaise don té a déarfadh gur it would be audacious to suggest that
" Ba dhána an mhaise don té a déarfadh gur mó éacht Uí Ifearnáin ná éacht an reathaí 100 agus 200 méadar, Usain Bolt, cuir i gcás.
Ba ghránna an mhaise dóibh it ill became them
" Ba ghránna an mhaise dóibh a leithéid a dhéanamh, ach, mar a scríobh Phillips ag an am, bhí an t-ár riachtanach “*…to infuse an universal terror*” le cos a bhualadh ar fhrithsheasmhacht an mhuintir dhúchais.
le bliain úr faoi mhaise a nice New Year
" San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.
mar mhaise ar cheol na cruite ornamenting the harp music
" I ndiaidh aifreann na maidine, bhí scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite.