Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
easpa maoirseachta lack of supervision
" Bhí na rudaí céanna i gceist sa dá chás: saint, mímhacántacht agus easpa maoirseachta.
maoirseacht supervising
" Is é príomhaidhm MBT ná ionaid chultúrtha agus spáis phoiblí a chothú sa cheantar, maoirseacht a dhéanamh orthu agus iad a chur ar fáil d'ealaíontóirí.
maoirseacht supervising
" Déanfar na táirgí féin a thástáil in Ollscoil Luimnigh, agus is é Foras na Gaeilge a dhéanfaidh maoirseacht ar chaighdeán an aistriúcháin.
lucht slándála agus maoirseachta security people and stewards
" Bíonn gá le lucht slándála agus maoirseachta freisin agus is gá iad a íoc.
Tá maoirseacht de dhíth supervision is required
" Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin.
maoirseacht supervision
" Maraon lena chairde ar Wall Street, bhí ríméad ar Greenspan nuair a chuir rialtas Clinton deireadh leis an maoirseacht bheag a bhí orthu go dtí sin, agus mhol sé é mar ‘réabhlóid in airgeadas.
maoirseachta command
" Brian Cowen (An Taoiseach) Easpa cinnireachta agus easpa maoirseachta léirithe aige.
Maoirseacht supervising
" Maoirseacht agus monatóireacht Cé a bheidh freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na straitéise agus cé a chinnteoidh go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir a bhriathair? Ba cheist choitianta í seo ag na cruinnithe leis an gcoiste.
mhaoirseacht managing
" Nílim cinnte go bhfuil an mhaoirseacht cheart á déanamh ar na tosca éagsúla timpeall ar na cluichí a bhfuil smacht nó tiarnas ag na húdaráis chuí orthu nó ba chóir a bheith orthu.
mhaoirseacht fhaichilleach careful management
" Maíonn an iris freisin go bhfuil geilleagar na hAstráile níos láidre ná beagnach gach geilleagar eile i measc na dtíortha sárfhorbartha mar gheall ar “mhaoirseacht fhaichilleach an Aire”.
ar mhaoirseacht na rialach how the regulation is enforced
" Ach is ar mhaoirseacht na rialach atá an bhéim leagtha.
maoirseacht a dhéanamh ar to supervise
" Beidh orthu fosta maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna sin.