Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maolú lessening
" B'fhéidir nach bhfuil an t-aitheantas atá tuillte aici faighte aici i measc a muintire féin ach ní dhéanfaidh sé sin maolú ar bith ar dhíograis na mná misniúla seo.
go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo that this threat will abate
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
maolú decrease
" Má ghlactar leis an stráitéis seo, beidh maolú ar an mbéim a bhí ar ghnéithe áithrid den turasóireacht - an cangarú, an cóála, an Sydney Opera House agus mar sin de.
maolú slowing down
" Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh maolú ar an chaitheamh rábach an Nollaig seo.
maolú reduction
"maolú mór déanta acu ar fhorálacha an Achta agus is iomaí constaic a bhíonn le sárú anois chun teacht ar bheagán eolais.
go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre that there would be a derogation of workers' rights in the country
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
tá na buiséid á maolú. the budgets are being reduced
" “Níl go leor oibre ann do chomhlachtaí neamhspleácha léirithe agus tá na buiséid á maolú.
bac ná maolú halt nor hindrance
" Is beag duine nár thuig go raibh foirgníocht tráchtála i dtrioblóid faoin am sin, ach bac ná maolú níor chuir an rialtóir ar na hiasachtaí mire seo.
maolú suntasach a remarkable shortfall
" Mar gheall ar na cláracha a mhaoineofar as an airgead sa tionscadal COAG, táthar ag súil go mbeidh maolú suntasach ar líon na ndaoine gan dídean taobh istigh de chúig bliana, agus go mbeidh deireadh go hiomlán le codladh garbh roimh 2020.
maolú lessening
" Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
maolú ease up
" Léirigh siad an aigne chéanna sin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh i gcoinne Phort Láirge nuair b’éasca dóibh maolú ar a gcuid iarrachtaí sa dara leath i ngeall ar a bheith chomh fada chun tosaigh is a bhí siad, ach ní raibh sé iontu é sin a dhéanamh.
ag maolú lessening
" Tá an díomá agus an fhearg ag maolú de réir a chéile.
Maolú Naimhdis lessening enemity
" Maolú Naimhdis le Téaltú na Teanga JW: An nglacann na pobail leis an obair seo nó an mbítear ag cur ina coinne ó thaobh na hidé-eolaíochta? Bhí comhrá agam le Lev Michael, ollamh eile in Berkeley atá ag obair ar theangacha bundúchasacha Pheiriú agus dúirt seisean nach mian le tuisimitheoirí áirithe go bhfoghlaimeodh na páistí an iomarca den teanga bhundúchasach uaireanta.
maolú falling off
" Chonaic an tIontaobhas maolú suntasach ar an drochamhras faoin teanga a bhíodh coitianta nuair a bunaíodh sinn i 1990, agus tá roinnt fianaise ann a thabharfadh tacaíocht don bhraistint sin.
maolú holding back, easing
" Anois cuimhnigh go raibh an chraobh áirithe sin buaite i bhfad roimh leath ama ag Cill Chainnigh, ach ina ainneoin sin ní raibh aon staonadh ná maolú ar a n-imirt fhíochmhar faoi mar a léirítear sa ghrianghraf.
maolú lessening
" Sea, bíonn maolú 67% tagtha ar rianta na hinchinne a bhíonn leagtha amach go huathúil agus ar fáil ag an fhoghlaimeoir teanga os cionn 14 bl.
maolú siar i dtreo an cheoil to fade back into music
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail dampens the public’s knowledge of the aesthetic
" Deir Rauterberg go ndéanann fógraíocht ionradh den chineál seo maolú ar fheasacht aeistéitiúil an phobail, rud a dhéanann fulangach agus géilliúil muid.
ag iarraidh maolú ar trying to water down
" Ach b’é an reachtaíocht céanna a thug na ceardchumann ag an mbord san LRC ag iarraidh maolú ar na téarmaí i socrú Pháirc an Chrócaigh II.
maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit the power of the state has greatly diminished
" Is é atá i gceist leis seo ná go bhfuil maolú mór tagtha ar chumhacht an Stáit i réimsí raidhsiúla mar thoradh ar an domhandú.
an maolú ar stádas the restriction of status
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
Ag Maolú na Déine easing the austerity
" Ag Maolú na Déine ======== Is cinnte gur éirigh leis an Lucht Oibre roinnt beartas de chuid Fine Gael a mhaolú.
maolú easing off
" An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?