Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go díreach mar atá the same as there is
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
cúrsaí mar atá siad matters as they stand
" An é nach féidir an fhís a thabhairt i gcrích, go bhfuil traidisiún níos láidre ná pleanáil agus scéimeanna ar bith nó an é nach bhfuil an toil ann dáiríre? Tá go leor daoine sa Chumann Lúthchleas Gael atá sásta le cúrsaí mar atá siad agus nach bhfeiceann gur chóir airgead agus fuinneamh a chur "amú" ar scéimeanna "gan dealramh".
le hais mar atá siad anois compared to how they are now
" "Bhí rudaí an-difriúil le hais mar atá siad anois.
faoi mar atá sé as things stand
bíodh sin mar atá be that as it may
" Ach, bíodh sin mar atá, bhí jab le déanamh, agus sháith Síle péire *Marigolds *uirthi féin agus chuaigh i gcionn na hoibre.
mar atá tú i ndáiríre as you really are
" “Ar líne, is féidir leat tú féin a chur i láthair mar atá tú i ndáiríre, gan an imní shóisialta a bhrath a bhíonn i gceist agus tú ag iarraidh déanamh amach cén dóigh a bhfuil tú ag dul i bhfeidhm ar dhuine.
mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe as a lot of economists are predicting
" Fadhb ollmhór a bheas ann amach anseo má chuireann an ECB leis an mhéadú seo agus má ardaíonn rátaí úis na tíre seo go 3%, fé mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe.
cad é mar atá ag éirí leat how are you getting on
" Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat? SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m'fhear céile.
mar atá sé eagraithe as it is organised
" Níl sé ag oibriú mar atá sé eagraithe agus ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.
chomh tábhachtach is atá áiteanna mar an Picket how important places like the Picket are
" Cé go bhfuil siad lonnaithe i Sheffield anois, tuigeann siad chomh tábhachtach is atá áiteanna mar an Picket do cheoltóirí óga.
mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí. as activities that are normal amonst people in general in society.
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
thar mar atá de dhíth orthu, over and above what they need,
" " FéidearthachtaíIn Éirinn an lae inniu, is léir go bhfuil cuid mhór daoine a bhfuil airgead acu, thar mar atá de dhíth orthu, agus go bhfuil féidearthachtaí ann deontóirí a mhealladh a bheadh sásta airgead a dheonú ar earnáil na gaelscolaíochta.
mar bhainisteoir margaíochta na mbialann agus na mbeár atá aige as marketing manager of the restaurants and bars he has
" ” Ní foláir nó go raibh CV iontach ar fad ag Izabela mar gur thug Fox post di mar bhainisteoir margaíochta na mbialann agus na mbeár atá aige sa phríomhchathair.
atá mar theideal ar an saothar seo, is the title of this work
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
Bíodh sin mar atá, be that as it may
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu which are governments organised exactly as if they were small countries
" Ar an gcéad leibhéal eile – leibhéal an stáit – toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí – a fheidhmíonn mar uachtaráin – seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist.
Mar chuid den scéim teanga atá forbartha as part of the language scheme which has been developed
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
Bíodh sin mar atá so be it
" Níl aon sainmhíniú tugtha sa cháipéis ar cad is ‘pseudo elitism’ ann (nó cén dóigh lena sheachaint) agus b'fhéidir gurbh fhiú an €3m é sin ann féin! Bíodh sin mar atá, shílfeá go gcaithfidh sé go raibh cás láidir curtha le chéile acu i mbliana leis an oiread sin airgid a shú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag am nuair atá na cianógaí gann.
mar atá molta as advised
" go gcaithfear leasuithe a chur i bhfeidhm ar an gcóras pinsin, bíodh sé mar atá molta ag an rialtas nó mura mbíodh.
Bíodh sin mar atá be it so
" Bíodh sin mar atá, baineadh stangadh as go leor daoine nuair a fógraíodh an tairiscint is flaithiúla riamh le déanaí.
Bíodh sin mar atá be that as it may
" Ag Santú Scéil ======== Bíodh sin mar atá, is cinnte nach fada uainn an chéad ‘sárurghaire’ ins an tír seo mar go bhfuil na nuachtáin thablóideacha ag baint na sála dá chéile ag iarraidh teacht ar an shalachar is gránna faoi mhórphearsain áirithe.
mar atá ceaptha as planned
" Má fheidhmíonn an córas nua mar atá ceaptha ag Alan Shatter, tiocfaidh titim shuntasach ar na táillí a bhaineann na dlíodóirí amach.
ná mar atá riachtanach than necessary
" ”* Thug sé le fios fosta nach gcoinnítear príosúnaigh i gCatagóir A níos faide ná mar atá riachtanach.
mar atá earraíocht á baint as an bpeil how football is being used
" Mar sin féin, is spéisiúil mar atá earraíocht á baint as an bpeil.
mar bhunaidhm atá ann as its basic purpose
" ie/?p=4543> Ach tá Instagram rud beag neamhchoitianta mar ghréasán agus ar ndóigh, ní áis é le pleanáil imeachtaí mar bhunaidhm atá ann.
mar shóisialach is mó atá aithne ar mostly known as a socialist
" Dorset i mBaile Átha Cliath ach is mar shóisialach is mó atá aithne ar O Casey an fear polaitiúil.
le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn signs to entice us with hints
" Tugann Vermeer cuireadh dúinn ciall a bhaint as an phictiúr le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn.
atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha which is a central part of contemporary life
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
Is mar siúd atá an t-idirlíon that’s how the internet is
córas mar atá luaite agam thuas a system like I mentioned above
" Cén fáth go gcuireann aon iris, idirlíon nó eile, scríbhneoir (le bean agus clann) faoi bhrú mar sin? Caithfear córas mar atá luaite agam thuas a thabhairt isteach.
atá mar sciúirse ar which are the scourge
" I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.
atá mar bhunchloch na bunreachta who are a foundation stone of the constitution
" Is minic le tamall anuas an feachtas agóide “*Idle No More*”, a throideann ar son cearta polaitiúla agus cumhachta na nDúchasach i gCeanada (atá mar bhunchloch na bunreachta i gCeanada) i mbéal an phobail- go háirithe anseo i bpríomhchathair na tíre Ottawa.
mar atá ann i ndáiríre which it really is
" Bhí sé ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre.
atá mar rannóg faisnéise Culture which forms the intelligence section of C.
" Lonnaithe i sibhialtacht an “*Culture*” tá an chuid is mó de na leabhair gafa le dream darb ainm “*Contact*” atá mar rannóg faisnéise Culture.
mar is abhus amháin atá siad i dteideal because it is only here that they’re entitled to
" Ag Socrú Síos Abhus ===== Na Polannaigh atá linn le breis is ceithre bliana, tá siad le fanacht mar is abhus amháin atá siad i dteideal íocaíochtaí leas sóisialta.
ná mar atá cuaillí aibhléise than electricity poles are
" Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre.
de réir mar atá na hollúna is cáilithe according as the most qualified professors
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
Orainn féin atá an locht mar phobal we ourselves as people are to blame
" Orainn féin atá an locht mar phobal mura bhfuil sé ar ár gcumas ceannairí na tire agus a gcuid dúnghaoisí a mheas i gceart.
mar atá thall as they are in Britain
" 
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.
mar atá mínithe ag as explained by
" Ní raibh iontas orm a fheiceáil nach raibh foinsí Gaeilge i leabharliosta Belcham, agus sin fadhb atá ag a lán staraithe in Éirinn féin, fiú amháin, mar atá mínithe ag Breandán Delap i mBeo na míosa a chuaigh thart.
ní mar gheall ar an leas atá ann féin not because of it being the right thing to do
" Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide, d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
de réir mar atá eolas ag teacht chun solais according as information comes to light
" Agus de réir mar atá eolas ag teacht chun solais faoi rannpháirtíocht na bhfórsaí ‘slándála’ sa sceimhlitheoireacht, tuigfidh tú cén fáth.
mar an tseoid luachmhar atá fós ann as the precious gem still tangible
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.
mar atá beartaithe as planned
" a chailleadh leis mura n-oibríonn sé mar atá beartaithe acu.
mar sin atá leagan coitianta staire such is the common version of history
" Roghnaítear idir chuimhní agus dhíchuimhní nuair is gar don chnámh a théann an scéal agus mar sin atá leagan coitianta staire na hAstráile dar le Bearnaí Ó Doibhlin.