Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar gheall ar mhíreanna maithe físe about good video excerpts
" I measc na mbuntáistí atá ann do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí físeáin a fhoilsiú ar an idirlíon tá (a) an costas íseal a bhaineann leo (má tá físeán nó fógra cruthaithe acu cheana féin ní chosnaíonn sé mórán é a chur ar fáil do lucht féachana domhanda ar an idirlíon) agus (b) an phoiblíocht chumhachtach (insíonn daoine dá chéile mar gheall ar mhíreanna maithe físe agus mar sin tugann daoine níos mó airde orthu).
mar gheall ar choir chiníoch because of a racist crime
" Gearradh téarma príosúin ar Mick i 1979 mar gheall ar choir chiníoch a rinne sé agus d’éirigh sé as an British Movement i 1983.
mar gheall ar fhianaise bhréagach because of false evidence
" Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire agus araile fós sa phríosún le blianta fada mar gheall ar fhianaise bhréagach, a chruthaigh na póilíní.
mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu because of the scoring opportunities they lost
" Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne.
mar gheall ar an bhfuacht amháin because of the cold only
" Ghlac mise leis go raibh siad á gcaitheamh mar gheall ar an bhfuacht amháin, ach tá bríonna éagsúla sóisialta ag baint leis na dathanna agus an stíl ina gcaitear iad.
mar gheall ar mo bhlas. because of my accent.
" Uair amháin bhí mé ar Bhóthar na Seanchille i ndiaidh buamála agus bhí eagla orm labhairt mar go raibh seans go ndíreofaí orm mar gheall ar mo bhlas.
mar gheall ar shaint chorparáideach about corporate greed
" Ach seachas míshuaimhneas leis an athrú seo, ní go ró-mhaitha caitheadh le Justine i mí na Samhna seo caite agus colún scríofaaici mar gheall ar shaint chorparáideach i gcomhthéacs aighneas BháidFharantóireachta na hÉireann.
mar gheall ar dhóchúlachtaí about probabilities
" Ar dtús beidh ráflaí ag dul thart mar gheall ar ráflaí agus ansin mar gheall ar dhóchúlachtaí agus ansin mar gheall ar chinnteachtaí agus ansin fógrófar an t-olltoghchán.
mar gheall ar shárú cearta daonna. because of human rights violations.
" Bunaithe ar bhonn díth chéadfach, níor lean an príosún seo, darbh ainm Katingal, ach dhá bhliain sular dúnadh é mar gheall ar shárú cearta daonna.
Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach as a result of the sensory deprivation treatment
" Mar gheall ar an gcóireáil díth chéadfach a cuireadh air agus é i bpríosún, is cosúil go bhfuil sé imithe glan as a mheabhair anois, agus nach mbeifear in ann leanacht ar aghaidh lena thriail.
mar gheall ar gur shaothraigh sé airgead because it earned money
" Bhí daoine sásta go ndéanfainn sin, ach ní mar gheall ar go raibh na teangacha i mbaol, ach mar gheall ar gur shaothraigh sé airgead (don ollscoil).
ní mar gheall ar fhaitíos roimh Shasana, not because of fear of England,
" ” Aisteach go leor, ritheadh an leasú seo, ní mar gheall ar fhaitíos roimh Shasana, ach mar gheall ar fhaitíos roimh rialtas cónaidhmeach na Stát féin.
mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, because of the threat of Nazism,
" Is garmhac é de sheanmháistir na síceolaíochta Sigmund Freud agus, cé gur saolaíodh i mBeirlín i 1922 é, bhog an teaghlach go Londain i 1933 mar gheall ar bhagairt an Naitsíochais, agus is i Sasana a fuair sé a chuid oiliúna agus a bhfuil cónaí air go fóill.
mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard because of the way they sing out loud
" Níor fhág sin ach 11,000 don ghnáthlucht tacaíochta, daoine a bhíonn ag freastal ar gach cluiche i rith an bliana agus atá molta ag an bhainisteoir Raphael Benitez mar an “12ú himreoir” mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard i rith gach cluiche.
Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, not because her choice of clothes was relevant,
" Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, ach mar gheall ar go raibh a fhios ag na nuachtáin go raibh suim as cuimse ag an bpobal sa triail áirithe sin.
mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre because of the instability of the country
" Tá beagnach 4,000 saighdiúir Meiriceánach marbh sa chogadh díchéillí seo, agus na céadta míle Iarácach marbh mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre ó tharla ionruathar Mheiriceá.
mar gheall ar an chinedheighilt reiligiúnach because of the religious apartheid
" Níl mé eolach ach ar an tríú cuid, b’fhéidir, de mo chathair dhúchais mar gheall ar an chinedheighilt reiligiúnach atá i bhfeidhm leis na céadta bliain.
mar gheall ar an bhfiabhras peile. about the football fever.
" Ach tá acmhainn mhaith grinn ag muintir Victoria agus bíonn siad ábalta scéalta grinn a chumadh mar gheall ar an bhfiabhras peile.
mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, because of the ageing of the population of Australia,
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
mar gheall ar about the
" Ní raibh bua róchompordach ag an Rialtas i gcás na tairisceana seo ach oiread mar gheall ar go raibh naonúr Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil as láthair.
mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna. because of the old walls of the unversities' buildings.
" Roghnaíodh an t-ainm seo mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna.
mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid. because of the 90,000 extra people who fill the stadium.
" In Nebraska, mar shampla, déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, baile na hollscoile stáit, ar laethanta na gcluichí peile, mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid.
mar gheall ar chomh salach is a bhí a gcuid saorimeartha. because of how dirty their play was
" Dar le foireann Átha Cliath, “dáréag aspal” a bhí iontu, ach dé réir leagan fhoireann na Gaillimhe den scéal, is cinnte go dtabharfaí “dáréag lofa” ar imreoirí Bhaile Átha Cliath mar gheall ar chomh salach is a bhí a gcuid saorimeartha.
ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, not only because of the death threats that I received
" Bhraith mé go mór faoi ionsaí – ní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, ach mar gheall ar gur bhraith mé gur loic m’fhoireann eagarthóireachta orm go huile is go hiomlán.
mar gheall ar dhúshaothrú about exploitation
" Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na ceoltóirí.
mar gheall ar an fhonnadóir. regarding the singer.
" ” Cé nach raibh fonn rómhór ar Liam mórán airde a tharraingt ar phósadh ná ar chlann Uí Éanaí, ní raibh drogall air nithe diúltacha a chur i gcló a dúirt daoine éagsúla mar gheall ar an fhonnadóir.
mar gheall ar dhornálaíocht na mban about women's boxing
" Tá sé ráite acu siúd atá eolach mar gheall ar dhornálaíocht na mban gurb í Katie an dornálaí amaitéarach mná is fearr, punt ar phunt, ar domhan.
mar gheall ar Bhrian na mBromanna, about Brian of the Farts,
" Thuigfeá cad as a dtagann an spraoi a bhaineann le Fíbín dá gcaithfeá uair nó dhó ina chomhluadar – ag tús ár gcomhrá insíonn sé dom mar gheall ar Bhrian na mBromanna, carachtar a bhfuil “fadhb gáis” aige ón tsraith atá á léiriú aige do Raidió na Life faoi láthair.
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, because there is so much interest being shown in it
" Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo because the semantics are so important in this particular case
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi because of an hour long programme being made about him
" Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte. it is through the music that an insight is gio ven on the feelings of the two people
" Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air that there is information available online about it
" Má tá comhairle uait maidir leis an mbealach is fearr le rud ar leith a dhéanamh, is cinnte go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar Google.
mar gheall ar an bpáirt lárnach because of the central role
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
mar gheall ar a hinscne, because of her gender
" Bítear ag maíomh go rialta agus a leithéid ag titim amach go bhfuil comharthacht ar siúl agus go bhfuil an post faighte ag pé bean atá i gceist mar gheall ar a hinscne, seachas ar a cumas.
Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, because of the lobbying of the arms companies
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
mar gheall ar thaighde Beger because of Berger's research
" Maraíodh os cionn 100 duine mar gheall ar thaighde Beger i ndiaidh dóibh a bheith treascartha ag gás nimhe.
mar gheall ar líon na ndathanna because of the amount of colours
" ” Dathanna spleodrachaBíonn NWC ar oscailt idir 1 Márta agus 30 Meán Fómhair, agus is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar an ionad mar gheall ar líon na ndathanna agus ar éagsúlacht na bplandaí a bhíonn le feiceáil ansin.
mar gheall ar an damhsa comhaimseartha regarding contemporary dance
" *Ok*, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt.
mar gheall ar líon na mianach talún because of the number of landmines
" Bíonn idir fhrídíní agus phléascáin – más fíor do chur síos Cowen i dtaca leis an Roinn Sláinte a bheith cosúil le hAngóla mar gheall ar líon na mianach talún atá scaipthe ar fud na háite – á crá.
mar gheall ar gur bhraith sí because she felt
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí because bullies can be cowards
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo because of the standard and breadth of these works
" Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin.
imní mar gheall ar an bhféiniúlacht Éireannach. worry about Irish identity
" " Ní raibh aon bhrú i gceist, mar sin!In eagrán *Beo!* na míosa seo, tá anailís déanta ag Ciarán Mac Aonghusa ar na fáthanna ar vótáil muintir na hÉireann i gcoinne an Chonartha agus luann sé rud ar leith ba cheart a bheith curtha ar liosta an Taoisigh: imní mar gheall ar an bhféiniúlacht Éireannach.
mar gheall ar a cháil because of his reputation
" Environment” mar gheall ar a cháil mar chomhshaolaí mór le rá – bainteach le scannal comhshaoil chomh maith.
mar gheall ar an tionchar about the influence
" Is as Inis, Contae an Chláir – baile na Fleidhe Nua – do Kieran, agus d'inis sé don lucht éisteachta mar gheall ar an tionchar a bhí ag The Liverpool Céilí Band air agus é ag fás aníos ansin sna seascaidí: "*The big excitement at every Fleadh Nua was when the Liverpool Céilí Band came over and played.
mar gheall ar as a result of
" Is bundúchasach é Dodson agus tugtar ‘Athair Athmhuintearais’ air mar gheall ar an tsárobair atá déanta aige le fada an lá le hathmhuintearas idir bundúchasaigh agus muintir eile na tíre a chur chun cinn.
mar gheall ar because of
" Lena chois sin, is údar é a bhfuil meas air cheana mar gheall ar dhá leabhar eile dá chuid, The Ownership Solution agus Democracy at Risk.
mar gheall ar dhrochshláinte due to reasons of bad health
" Mar atá cúrsaí, caithfidh an gnáthshaoránach íoc as a chostaisí sláinte féin, agus is minic a dhiúltaíonn na comhlachtaí árachais don iarratasóir mar gheall ar dhrochshláinte a bheith air cheana féin.
mar gheall ar because of
" Tá foirne Shasana ar na cinn is fearr ar domhan, mar gheall ar airgead go príomha: tá siad in acmhainn na himreoirí is fearr as tíortha eile a cheannach is a choinneáil.
mar gheall ar because of
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
mar gheall ar because of
" ” Mar a tharla, cuireadh fios ar Pelosi mar gheall ar an gcomhrá idir Harman agus an gníomhaire Iosraelach, agus ní bhfuair Harman an post tábhachtach ó thaobh slándála de.
Mar gheall ar because of
" Mar gheall ar an mbagairt seo, ba chóir do SAM córas cosanta ar dhiúracán a fhorbairt, dar le Perle, a bhfuil baint mhór aige leis an tionscal míleata i SAM agus san Iosrael.
mar gheall ar san about that
" Bhí an aimsir go deas i gcónaí agus tá rud éigin ana-dheas mar gheall ar san.
Mar gheall ar because of
" Mar gheall ar aer fliuch na farraige a bheith á tharraingt tríd an mbearna, déantar scamaill mhóra ann, a scaipeann arís chomh uain is a thagann siad amach ar an taobh eile.
mar gheall ar as a result
" Ba mar gheall ar chomhairle an Leas-Rúnaí Cosanta i rialtas Bush, nó Foirceadal Wolfowitz, a d’ionsaigh SAM an Iaráic.
Mar gheall ar because of
" Mar gheall ar ainmniúchán George Bush, tá tromlach cúigear sa naonúr breithiúna atá claonta i dtreo na heite deise.
ní mar gheall ar not because of
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
mar gheall ar because of
" 5 billiún sa bhreis i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an deighilt i soláthar seirbhísí poiblí don dá phobal scartha.
mórán mar gheall ar an locht almost because of the fault
" (Bhraith muintir na Polainne locht gramadaí áirithe ar chaint Lech Wałęsa, ceardchumannaí longchlóis, nuair a d’fhógair sé na blianta siar go rithfeadh sé i dtoghchán le haghaidh na huachtaránachta sa Pholainn, ach thogh siad é, mórán mar gheall ar an locht.
mar gheall ar about
" ”* Is iomaí leabhar atá scríofa mar gheall ar an Síónachas ar ndóigh, ach díríonn leabhar Alam ar ghné faoi leith den cheist.
mar gheall ar because of
" Bhí sí ann, freisin, nuair a chuir báisteach throm deireadh leis an triomach, ach chonaic sí an tuile a tharla mar gheall ar an mbáisteach in Gunnedah, sa cheantar máguaird agus i dtuilemhá na habhann.
Mar gheall ar because of
" Dílis do Fhine Gael ========= Mar gheall ar an gcíorthuathail ina bhfuil cúrsaí polaitíochta, tá deis iontach tugtha don Lucht Oibre, duine cumasach ón eite chlé a chur i gceannas an chéad rialtas eile.
mar gheall ar because of
" Cháin tráchtairí áirithe an dámhachtain go géar mar gheall ar an mbéim a cuireadh ar aitheantas idirnáisiúnta sna slata tomhais.
mar gheall ar because
" Cén fáth an diamhracht go léir faoi na seanadóirí teifeacha? Téann sé ar ais sé mhí nó mar sin, nuair a bhí Meiriceá agus an Páirtí Daonlathach in ísle brí mar gheall ar thitim an gheilleagair.
mar gheall ar because of
" Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG.
mar gheall ar because
" Shocraigh muid mar gheall ar sin dul go Gealcharn (926m), ag tosnú ó Garbhachadh Bridge ag 10r.
mar gheall ar because of
" Ach, mar gheall ar an Dáil, is boichte go mór an áit sin gan na Glasraí.
Mar gheall ar because of
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
mar gheall ar because of
" Daoine a bhí ina gcónaí in áit a raibh ainm Gaeilge, chuaigh siad i dteangmháil linn le naíonraí, in ionad crèche, a bhunú mar gheall ar an ainm Gaeilge.
mar gheall ar because of
" Bhí ainm an Cheallaigh in airde arís le déanaí mar gheall ar thaispeántas ollmhór, atá ar siúl in Iarsmalann Náisiúnta na hAstráile, Canberra, dar teideal: Not Just Ned: A true history of the Irish in Australia.
mar gheall ar because of
" Ach tá siad i mbéal lucht polaitíochta na hEorpa inniu mar gheall ar an naoi suíochán déag is fiche a bhain siad amach san olltoghchán cúpla seachtain ó shoin, rud a fhágann ar an tríú páirtí is mó sa tír iad.
mar gheall ar because of
" ) Is léir go mbíonn an mhallréir ar an othar ach ní chuirfidh sé isteach ar an duine ar feadh ceithre bliana mar gheall ar na rianta lioganna breise a bhíonn ag feidhmiú in inchinn an duine a bhfuil dhá theanga ar a thoil aige.
Mar gheall ar because of
" Mar gheall ar an gcorás imirceach i dToronto, tagann 107,000 imirceach idirnáisiúnta anseo as gach cearn den domhan chuile bhliain.
mar gheall ar because of
" Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfá a rá gurb é an t-aos óg is mó a bhfuil agus a mbeidh orthu imeacht as an tír sa tóir ar fhostaíocht mar gheall ar a bhfuil déanta ag an nglúin os a gcionn de dheasca díomailt airgid.
mar gheall ar because of
" Cé gur mharaigh sé Ian Tomlinson i solas an lae, os comhair scaifte póilíní eile, ní raibh ach aon duine amháin díobh faoi imní mar gheall ar an eachtra - scríobh PC Kerry Smith nóta faoin ionsaí agus dúirt sí leis an choiste: *"He (Tomlinson) sat up and looked towards us and he said 'I just wanted to go home'.
mar gheall ar because of
" Tá seans ann anois nach mbeidh muid in ann bualadh isteach go hOileán Í mar gheall ar an aimsir.
mar gheall ar because of
" Ó thaobh athchóiriú geilleagair de, chuir Obama an milleán ar “geilleagair iata” mar gheall ar chuid mhaith de na fadhbanna atá ag na daoine sa réigiún.
mar gheall ar because of
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
mar gheall ar because of
" Is é an míniú a thugtar ar laoch sa bhFoclóir Beag (An Gúm 1991) ná ‘duine misniúil, cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán’.
mar gheall ar because of
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
crua a chur orainn féin mar gheall ar we have to force ourselves in relation to
" Beidh orainn ár gcuid luachanna agus ár gcuid spriocanna a mheas mar phobal, agus beidh orainn bunchlocha ár leasa a aithint, agus nuair a bheidh sé sin déanta againn, beidh orainn obair go dian agus crua a chur orainn féin mar gheall ar na rudaí is ansa linn.
mar gheall ar about
" Máirtín === **CF: Tá an méid sin déanta agat! Sular tháinig an leabhar amach in éineacht le dlúthdhiosca mar gheall ar Shorcha Ní Ghuairim, chuir tú na hamhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain faoi chaibidil agus tá leabhar ann faoi.
mar gheall ar bhagairt because of the threat
" Cúig bliana roimh Oibríocht Shaoirse na hIaráice, scríobh PNAC litir oscailte chuig Uachtarán Clinton ag impí air deireadh a chur le réimeas Saddam Hussein mar gheall ar bhagairt na n-arm ollscriosúil nárbh ann dóibh.
mar gheall ar because of
" Is eol do mhórán daoine iarthuaisceart na Spáinne mar gheall ar Santiago de Compostela na n-oilithreach.
mar gheall ar because of
" Níl aon dul as, áfach, ach go bhfuil smál ar chraobh an tsacair san Úcráin mar gheall ar gheimhliú iar-Phríomh-Aire na tíre sin, Yulia Tymoshenko.
mar gheall ar an ráchairt because of the demand
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
mar gheall ar cháipéisí bréige because of false documentation
" Trasnaíonn na hinimircigh seo an teorainn go folaitheach uaireanta, nó tugtar inimirceach ar dhuine mar gheall ar cháipéisí bréige.
mar gheall ar because of
" Dúirt sí linn go raibh an cósta sin molta go forleathan agus tá clú air mar gheall ar an fhilíocht a scríobh Byron faoi.
mar gheall ar bhá ársa because of the ancient sympathy
" Mhúin leabhair Hubert Butler ceachtanna tábhachtacha dó mar gheall ar bhá ársa na hEaglaise Caitlicí don fhaisisteachas frithchumannach, ceachtanna dár cíoraíodh go gairmiúil le déanaí i leabhar breá Robert Tobin, *The Minority Voice: Hubert Butler and Southern Irish Protestants (Oxford, 2012)*.
mar gheall ar because of
" Is mar gheall ar an Tea Party atá an méid sin suíochán chomh neamhchinnte sin.
mar gheall ar chiorruithe deontais because of grant cutbacks
" Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin.
Eisean a labhair go líofa mar gheall ar it was he who spoke eloquently about
" Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.
Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas a loss of affection through ignorance
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar important questions about
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
mar gheall ar because of
" Is mar gheall ar gur theip ar Raidió Éireann freastal ceart a dhéanamh ar an nGaeltacht a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus mar gur theip ar an RTÉ freastal ar riachtanais na dteaghlach a bhí ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge a troideadh an feachtas le TG4 a chur ar bun.
amhrasach go maith mar gheall ar doubtful enough about
" Chríochnaigh an lá agus muid faoi stiúir ag traenálaí gáire, pé rud é sin a deir tú! Caithfidh mé a admháil go raibh mise agus mo chomhghleacaithe amhrasach go maith mar gheall ar an seisiún áirithe sin.
mar gheall ar eachtra thromchúiseach due to some serious incident
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
mar gheall ar d’óige about your childhood
" Coláiste na bhFiann ======= **CF: Abair liom mar gheall ar d’óige ar dtús agus an spreagadh a fuair tú i leith na Gaeilge ach go háirithe.
mar gheall ar because of
" Gríosaíonn tráchtairí raidió mar Rush Limbaugh agus Glenn Beck na daoine seo (a dtugtar "*Preppers*" orthu, mar gheall ar na "*preparations*" atá á ndéanamh acu do dheireadh an domhain) agus is mór an ráchairt atá ar na cláracha raidió úd.