Ní raibh fadhb ar bith ag an Roinn le sin ach scríobh Stiúrthóir Ginearálta Oifig an Ombudsman, Pat Whelan, ar an 13 Bealtaine 2009 chuig Príomhoifigeach na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag meabhrú dó gur cuireadh an dréachtscéim faoi bhráid na Roinne sé mhí roimhe sin: “
Cruthaíonn an mhoill seo deacrachtaí dúinn ó thaobh bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn faoi láthair,” a scríobh an tUasal Whelan.