Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad the pursuit of Western things really terrible
" Ach an fada eile a leanfaidh an traidisiún sin? An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad.
Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir the news of his death really shocked all of us
" Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir a raibh cion agus meas againn air.
morgáiste mór millteach a aisíoc to repay a huge mortgage
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
bhloc mór millteach leac oighir a great big block of ice
" Tar éis siúl suas an staighre álainn grástúil sa chéad ghrád agus ansin síos go dtí na buncanna cúnga sa tríú grád, agus fuaimeanna an ama agus na háite i mo chluasa, ba é an dúshlán ná feiceáil cé chomh fada is a d'fhéadfainn mo lámh a fhágáil brúite ar bhloc mór millteach leac oighir - a bhí ag an teocht nó an fuacht ag a raibh an t-uisce agus na cnoic oighir an oíche dhuairc sin a ndeachaigh an long mhaorga go tóin poill.
nathair mhór mhillteach a great big snake
" Cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí ar an 8 Eanáir le taispeántas mórthaibhseach radharcach dar teideal *Awakening* ina bhfeicfear nathair mhór mhillteach, cruthaithe as tine, soilse, piriteicnic agus ceol, ag teacht chun beatha agus ag síneadh amach a coirp leis na trí dhroichead sa chathair a thrasnú.
stór millteach amhrán a great store of songs
" B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige.
stór millteach amhrán a great store of songs
" B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige.
stór millteach amhrán a great store of songs
" B’amhránaí den chéad scoth é Frank agus bhí stór millteach amhrán aige.
tithe móra millteacha huge mansions
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
misneach millteach it gave me great heart
" Thug sé misneach millteach dom.
béim mhillteach a great emphasis
" “Nuair a bhíomarna ar scoil chuir sé béim mhillteach ar aon rud a bhí bainteach le stair nó ealaín nó nádúr.
rian millteach terrible mark
" Saol crua a bhí ag Polannaigh mar fhostát sóisialach de chuid an Aontais Shóivéadaigh agus cé gur tír dhaonlathach neamhspleách anois í an Pholainn, atá ina ball de NATO agus den Aontas Eorpach, tá rian millteach ré an chumannachais fós le haithint ar an tír agus ar na daoine.
mór millteach massive
" “Chuaigh mé ar an mbunscoil i mBearna agus ba *culture shock* mór millteach é sin.
meangadh mór millteach a great big smile
" Cairde agus féile Thóg Duncan agus Lawrence amach ag rince muid oíche amháin agus b’iontach an taithí é – bíonn sé deacair go leor coinneáil suas leis na hAfracaigh agus iad ag rince! Chuir an cairdeas agus an fhéile a taispeánadh dúinn na laethanta sin meangadh mór millteach ar m’aghaidh, agus ní bhaineann na dea-chuimhní ar fad atá agam ar Livingstone le Victoria Falls nó leis na cóisirí sa bhrú óige, ach leis na daoine a casadh orm sa mhargadh sin.
millteach huge
" B’athrú mór millteach i mo shaolsa é dul ar mheánscoil ina raibh an rugbaí mar phríomhspórt na scoile.
leacht cuimhneacháin millteach mór an extremely big memorial
" Gar don phríomhbhóthar a thugann cuairteoirí go dtí an sluachampa géibhinn seo tá leacht cuimhneacháin millteach mór a tógadh i 1969 chun comóradh a dhéanamh ar an bhfuascailt a rinne an tArm Dearg ar an áit 25 bliain roimhe sin.
másailéam millteach a huge mausoleum
" In aice leis an gcréamatóiriam tá másailéam millteach ina bhfuil luaithreach roinnt de na daoine a dúnmharaíodh in Majdanek.
millteach destructive
" “Is é mana na lads ná ‘all for one, one for all’, agus bhí coincheap na buíne cairde an-tábhachtach sa scéal ach bhí sé millteach fosta – ní dhearna an bhuíon aon dul chun cinn ina saol.
na fathaigh mhóra mhillteacha the big huge giants
" Tá ag teip ar na comhlachtaí móra, na fathaigh mhóra mhillteacha a bhfuil goile ollmhór craosach acu.
mór millteach huge
" Ach éacht ar leith – éacht mór millteach – is ea é an tríú craobh as a chéile a ghnóthú.
millteacha terrible
" Gheall sé cáin a chur ar dhé-ocsaíd charbóin agus gásanna millteacha eile, agus is cinnte go dtabharfadh sé sin airgead mór don rialtas, maille le feabhas a chur ar an timpeallacht láithreach.
tionchar millteach terrible effect
" D’éirigh thar barr leis na cait sa ról seo, ach bhí tionchar millteach acu ar an éanlaith, ar an drochuair.
millteach massive
" Meascán de dhathanna gorma agus glasa atá sa mhórsceir agus is léir ón spéir gur órgánach beo mór millteach í.
tsuim mhór mhillteach intense interest
" Agus an tsuim mhór mhillteach atá ag muintir na hÉireann sa spórt (rud a thuigeann lucht TG4 go rímhaith) bheadh duine ag ceapadh go dtabharfadh lucht foilsitheoireachta leabhair Ghaeilge cuireadh do scríbhneoir(í) Gaeilge tabhairt faoi ábhar éigin spóirt.
coire mór millteach great large pot
" Chríochnaigh muid an lá éagsúil seo le seacláid the as coire mór millteach i siopa seacláide sa bhaile mór – fianaise eile go raibh an aimsir i bhfad níb fhuaire ná aimsir na hAstráile um Nollaig.
bhí sé millteach it was terrible
" Lean sé sin ar feadh tamaill agus bhí an cogadh ar siúl agus bhí sé millteach.
sin rud mór millteach that’s something incredible
" Thar aon rud eile, léiríonn sé gur teanga bheo atá inti agus sin rud mór millteach.
an dúil mhór mhillteach a crazy appetite
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
mhillteach terrible
" Níl an t-oileán ach trí mhíle ar fad agus níos lú ná míle ar leithead, ach dá laghad é, tá áilleacht ann, áilleacht fhiáin iargúlta na mbeann agus áilleacht mhillteach na farraige.
móra millteacha incredibly large
" I mbeagán focal, scriosfaí an radharc nuair nach mbeadh le feiceáil soir nó siar ach muilte móra millteacha.
le gearradh siar mór millteach a dhéanamh to make a massive cutback
" Anois céard déarfá! Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh! Caoinfhulaingt na Gaeilge: ============ ‘Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil.
slua mór millteach a really large crowd
Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach a massive marketing campaign is needed
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
suim mhillteach a great interest
" Ní áibhéil a rá, dar ndóigh, go bhfuil suim mhillteach i measc mhuintir na hÉireann i gcúrsaí Manchester United agus an chúis is mó leis sin, is dóigh, ná gur imir formhór na bpeileadóirí ab fhearr de chuid na tíre seo leis an gclub cáiliúil sin – Johnny Carey, Johnny Giles, Roy Keane, Paul McGrath agus George Best, gan ach dornán beag a luadh.
na cillíní móra millteacha seo these giant churches
" Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.
slua mór millteach i láthair a great big crowd present
" Bhí slua mór millteach i láthair, naoi gcéad duine nó mar sin, agus ba spleodrach, ghlórach an imeacht í idir choirm agus cheol, aithisc agus dhamhsa, á gcur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Marty Ó Muirgheasa.
scéal mór millteach really big news
" Ach ’sí eochair na réabhlóide i ndáiríre ná *YouTube Live*, atá ag tarlú go ciúin cheana féin ach a bheas ina scéal mór millteach an bhliain seo chugainn.
mórtas millteach an immense pride
" Bhí mórtas millteach ar Chomhaltas Charraig Mhachaire Róis, an cumann is gaire do Mhachaire Cluaine cion is go raibh siadsan in ann a bheith bainteach le comóradh an tsárchruitire seo.
gnólacht mór, millteach a massively large business
" Cad a cheapaimse? Is dóigh liom go gcaithfidh bainistíocht an CLG a bheith fíorchúramach agus gan dearmad a dhéanamh nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG agus tosaíochtaí *Sky TV*, gnólacht mór, millteach nach iad an spórt ná cluichí na nGael is cás dóibh ach brabach.