Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
Ní chuireann Mac Grifín fiacail ann Mac Grifín doesn't mince his words
níor chuir sé fiacail ann riamh he never minced his words
" Bhíodh cruinnithe spreagúla ann i gcónaí nuair a bhíodh sé i láthair agus níor chuir sé fiacail ann riamh.
níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo he didn't mince his words this time
" Bhíodh dearcadh rómánsúil, soineanta fiú, ag King i leith na gluaiseachta ach níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo nuair a d'éiligh sé go neamhbhalbh go scorfaí an IRA.
Gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Gan fiacail a chur ann, níl cuma ná caoi ar Shlí an Iarthair.
Níor chuir sé fiacail ann he didn't mince his words
" Níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann siad ceithre bliana déag á foghlaim.
ciolar chiot mince-meat
" ) Tá ciolar chiot déanta de chúrsaí ach leanann Gregory Campbell de bheith ag tabhairt tacaíochta agus spreagtha do lucht aisling bhréige na hUltaise.
pióga mionra mince pies
" N’fheadar an mbeidh ár ndóthain pióga mionra do chách? N’fheadar an dtaitneoidh stocaí Manchester United le m’uncail? N’fheadar an mbeidh leithscéal agam gan a ghabháil ar cuairt chuig an leadránaí sin arís i mbliana? N’fheadar céard a tharlóidh ar Chlár *Downtown Abbey* Lá Nollag? Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann na ceisteanna sin ar fad a fhreagairt ach, ar nós síofra San Nioclás, tá cúpla áiseanna ar líne agus soghluaiste aimsithe agam a chabhróidh leat an cloigeann a choinneáil ceart le linn féile na Nollag.
go neamhbhalbh without mincing the words, to our face
" Nárbh fhearr gan aird ar bith a thabhairt orthu?** Páidí: Ar léigh tusa stair na hÉireann riamh, a Bhaloir? An bhfuil scéal do shinsir ar eolas agat? Naomh Colm Cille, Pádraig Sairséal, Wolfe Tone, Dónall Ó Conaill agus Pádraig Mac Piarais a dúirt linn go neamhbhalbh ina gcuid scríbhinní gan ligean don lucht buí cos a chur ar thalamh naofa Ard Eoin.
Ní chuireann Gibney oiread agus braon meala ar an bhfiacail G. doesn’t mince his words at all
" Ní chuireann Gibney oiread agus braon meala ar an bhfiacail.
Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina BC didn't mince his (words)
" Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina chuid cainte agus é ag trácht ar chluiche na gCat in éadan Áth Cliath.