Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
moilleadóireacht delaying
" B'iontach an tseachtain í an tseachtain seo caite, *Groundhog Day* ach le suímh éagsúla - mí-úsáid phoiblí pháistí Scoil na Croise Naofa; fíochmhaireacht an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste; buille eacnamaíochta don chomhlacht Shortts; moilleadóireacht an NIO fá stádas shos cogaidh na ndílseoirí agus, anois, dúnmharú iriseora a dhírigh solas geal ar an dlúthbhaint idir paramílitigh dílseacha agus drugaí.
na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta the same stifle and delay tactics
" D'fhéadfaí a rá go bhfuil ceannairí na heaglaise ag úsáid na mbeartaíochtaí céanna múchta agus moilleadóireachta i gcás VOTF is a d'úsáid siad nuair a tháinig na scannail ghnéis chun cinn.
moilleadóireacht delaying
" Is ionann sin is a rá, sula dtosaíonn tú ar chor ar bith, go mbeidh mí-éifeacht, moilleadóireacht agus easpa cinnireachta go mór i gceist má thagann lá an uafáis.
gan mhoilleadóireacht without delay
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Mar thoradh ar an Acht Teanga agus ar an aitheantas a thugtar anois don chomhionannas, tá súil agam go n-aithneoidh agus go n-éileoidh daoine a gcearta saol agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil gan dua, gan mhoilleadóireacht, gan mhasla agus ar chaighdeán chomh hard le nó níos airde ná an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla.
Moilleadóireachta procrastination
" (B’fhéidir gur cheart d’ollscoil éigin sa tír seo Ionad Náisiúnta Taighde Moilleadóireachta a chur ar bun!) Anuraidh, gealladh cinneadh faoin dara críochfort ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus gealladh arís é cúpla mí ó shin.
mhoilleadóireacht delaying
" Leis an stádas sin a bhaint amach, b’éigean deireadh a chur leis an IRA mar eagraíocht mhíleata, b’éigean fáil réitithe de na hairm, cinneadh a ghlac ceannaireacht na gluaiseachta blianta ó shin; Perfidious Albion ba chúis leis an mhoilleadóireacht, dar le Sinn Féin, ach tá an lá tagtha.
iarracht ar mhoilleadóireacht an attempt at delaying
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
mhoilleadóireacht delaying
" Tá an dainséar ann go n-éireoidh cuid de na poblachtánaigh mífhoighdeach nuair a fheicfidh siad an mhoilleadóireacht ar fad a bheas ann.
moilleadóireacht delaying
" Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe agus b'fhearr leis focal fada ná focal gearr, ach ba mhinic a léirigh Ervine an fhirinne lom agus moilleadóireacht ag dul ar aghaidh i measc a chomhghleacaithe sna páirtithe aontachtacha.
moilleadóireacht delay(ing) tactics
" Chleacht sé moilleadóireacht ón tús: ag bunú Coimisiún na Gaeltachta le moltaí a dhéanamh, coistí le staidéar a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún, staidéar eile le tíocht aníos le critéir teangeolaíoch agus coiste eile fós le breathnú ar na moltaí ón staidéar sin.
moilleadóireachta delay
" Chomh maith leis sin, is ceart gan an iomarca moilleadóireachta a dhéanamh lena daingniú: cé gurb intuigthe an mhaise don Aire tacaíocht pháirtithe an fhreasúra a ghnóthú, d’fhéadfadh éiginnteacht pholaitiúil nó olltoghchán gan choinne an straitéis a chur ó mhaith.
mhoilleadóireacht time wasting
" Is léir ó thaifead inmheánach de chuid Oifig an Ombudsman gur beag glacadh a bhí ag Ombudsman leis an leithscéal a tugadh faoin mhoilleadóireacht: *“I told him that no such excuse had ever been offered to us and that there was no reason why work could not continue on the draft scheme while the investigation was in progress.
Moilleadóireacht an stáit state delay(s)
" Moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí na húdair ba mhó a thit an cás as a chéile.
i bhfianaise na moilleadóireachta in light of the delay tactics
" Ag Sracadh in Aghaidh Moille =========== Níl mé dóchasach, áfach, go bhfaighfidh mé freagra gasta ón Oifig sin i bhfianaise na moilleadóireachta in achomharc atá déanta ag mo chomhghleacaí, Áine Lally, i leith eolas eile a dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta a thabhairt di faoin phróiseas cheapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta.
moilleadóireacht procrastination
" Tá go leor poblachtánach den bharúil, a deir Robert McMillen, go bhfuil moilleadóireacht ar bun ag na haontachtaithe sa phróiseas síochána de bharr go bhfuil imní orthu faoin mhéid a éireoidh le Sinn Féin a bhaint amach go polaitiúil.
mhoilleadóireacht procrastination
" Tá an DUP ag úsáid leithscéal na coiriúlachta chun nach gá dóibh suí síos i Stormont le Sinn Féin agus, dar le Robert McMillen, tá na meáin chumarsáide ó thuaidh agus ó dheas ag foilsiú scéalta atá ag cuidiú leis an pháirtí aontachtach leanstan orthu leis an mhoilleadóireacht.