Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
míle murdair hell to pay
" Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.
ina mhurdar dearg a matter of great strife
" Bíodh is nach bhfuil aon agó ach go raibh foréigean fuilteach i gceist, tá an cogadh ina mhurdar dearg idir na staraithe.
ag bagairt míle murdar threatening to slaughter
" Níos measa fós, tá siad ag brúchtadh amach thar theorainneacha agus ag bagairt míle murdar sa tSiria, sa Liobáin agus sa Túirc freisin.
agartha an mhíle mhurdar calling for blue murder
" Tá Maidhc Ó Cathail in amhras faoi Yousef Al-Khattab, fear conriochtúil, fear agartha an mhíle mhurdar, más fíor dó féin tráth a mbeidh ceamara FoxNews ag dearcadh isteach faoin smut aige.