Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.
Ach tá siad i mbéal lucht polaitíochta na hEorpa inniu mar gheall ar an naoi suíochán déag is fiche a bhain siad amach san olltoghchán cúpla seachtain ó shoin, rud a fhágann ar an tríú páirtí is mó sa tír iad.
Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.