Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oibriú agitation
" Bhog sé go Baile Átha Cliath in Earrach na bliana 1905 chun a bheith páirteach san oibriú polaitiúil agus cultúrtha in Éirinn.
ag oibriú fud fad an phobail operating throughout the community
" "Dá mbeadh 'fíorsheicteachas' le fáil go forleathan," arsa Mike Rosie, "tchífeadh duine é ag oibriú fud fad an phobail.
oibriú to work
" “Tá sibhse anois dífhostaithe agus díomhaoin, ach caithfidh sibh oibriú níos déine ná mar a rinne sibh riamh roimhe chun airgead a chruinniú do Shinn Féin.
ag oibriú mar ba chóir dó working as it should
" Dúirt an CSIRO, atá i bhfábhar modhnú géiniteach i gcoitinne, gur thaispeáin sé seo go raibh an córas ag oibriú mar ba chóir dó agus nach raibh aon bhaol ann don phobal.
ag oibriú working
" Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú.
ag oibriú working
" Sular shuigh mé síos d’fhiafraigh mé den fhreastalaí an raibh an gréasán gan sreang ag oibriú.
Níl an seanstuif ag oibriú. The old stuff is not working.
" Níl an seanstuif ag oibriú.
blianta breise a oibriú to work extra years
" Chuir sé fearg ar Mhuireann agus ar go leor daoine eile gur dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do na blianta sin a d’oibrigh Mícheál gan pá ón Stát agus, dá bharr sin, go raibh air blianta breise a oibriú nuair a bhain sé aois an phinsin amach.
chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú to operate the new weapon systems
" In ainneoin dianfheachtas earcaíochta a bheith ar siúl ag Roinn na Cosanta Náisiúnta (ní raibh aon éalú ó na fógraí ar theilifís Cheanada i rith Chorn an Domhain), ní fios an mbeidh speisialtóirí san arm féin chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú.
fós ag oibriú still working
" Cuireadh iontas orthu nuair a bhí breis is 300 acu ann, ina measc cuid de na cinn a bhí páirteach i 1956 agus iad fós ag oibriú.
oibriú saor in aisce to work free of charge
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
oibriú go dian to work hard
" Ní fheadar ar athraigh daoine a n-aigne tar éis dóibh féachaint ar an nuacht? Agus cén todhchaí a bheidh rompu nuair a fhágfaidh siad an ollscoil lena gcáilíochtaí ríomhaireachta? Iomaíocht Is léir go bhfuil tíortha san Áis in ann gnó a mhealladh agus is léir freisin gur gá dúinn oibriú go dian chun dul in iomaíocht leo mar thír.
oibriú amach to work out
" “Bhí mé sáite i gcúrsaí ceoil agus bhí mé ag iarraidh oibriú amach cad é mar a thiocfadh liom dul go hÉirinn.
gur mian liom oibriú ar phort atá aige, that I want to work on a tune he has,
" Deirim leis gur mian liom oibriú ar phort atá aige, atá go hiontach dar liomsa, agus a gcloisim an saghas tionlacain atá ar "Come Together" leis na Beatles taobh thiar de.
ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte working on a new open operating system
" Tá siad ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte le 30 comhlacht eile.
ag iarraidh oibriú amach trying to figure out
" Bíonn cuma chomh fríd a chéile orthu; bíonn cuma orthu, chóir a bheith, go bhfuil siad i bpian, ag iarraidh oibriú amach cad é faoi Dhia atá á rá agat.
oibriú le heagraíochtaí Stáit to work with State agencies
" ” Dúirt sé nach raibh ach triúr nó ceathrar a raibh suim acu scaradh ón Stát, agus go raibh a bhformhór ag iarraidh oibriú le heagraíochtaí Stáit ar thionscadail eacnamaíocha.
oibriú the workings
" Deir Premier Exhibitions go léiríonn an fhíorshuim seo atá ag an phobal go bhfuil fonn láidir ar dhaoine tuiscint níos fearr a bheith acu ar oibriú an choirp agus go ndíríonn a gcuid oibre aird ar chúrsaí sláinte – tá, mar shampla, cuid den taispéantas dírithe ar na scamhóga agus an tionchar a bhíonn ag toitíní orthu.
an cloigeann a oibriú 'work the head'
" Bhí sé in ann an cloigeann a oibriú agus an rang go léir a mhúnlú dá thoil féin.
oibriú amach working out
" An Fo-Chomhfhios Luíonn croí an scannáin seo in oibriú amach na ciontachta fo-chomhfhiosaí sin a thiomáin í chuig na gníomhartha uafáis a d’imir sí uirthi féin is ar a fear istigh sa choill.
oibriú the workings
" San Earrach, tar éis an gheimhridh a bhíonn go hiondúil, agus go háirithe i mbliana, an-fhuar, faighimid an deis faire ar oibriú saol úrnua an dúlra thart orainn.
oibriú as láimh a chéile work together
" Dar liomsa go bhfuil foireann eile ar an bpáirc ag leibhéal idir chontae, an réiteoir agus na maoir, agus caithfidh an fhoireann sin oibriú as láimh a chéile faoi cheannaireacht an réiteora.
oibriú anseo work here
" An rud is mó a thug sí dom, go raibh mé in ann oibriú anseo i mo theanga dhúchais.
oibriú na hinchinne the workings of the brain
" Is ag cur lenár dtuiscint ar oibriú na hinchinne atá saol na heolaíochta.
oibriú amach to work out
" 
Léigh mé comhrá ar an idirlíon ina raibh daoine ag iarraidh oibriú amach cé a chéadchum an téarma ‘Taliban Lite’ le cur síos ar an DUP agus creidim go bhfuil an gradam sin tuillte agam féin - scríobh mé faoi na DUPs agus na Wee Frees mar ‘Taliban Lite’ - ar beo.
ag oibriú an chórais working the system
" Sílim go bhfuil siad glic, go bhfuil siad ag oibriú an chórais, go mbeidh siad istigh.
ag oibriú go mífheidhmiúil working effectively
" Bíodh sé fíor nó bréagach, ach cuireann a leithéid de chonspóid leis an tuairimíocht go bhfuil eagraíocht atá ag oibriú go mífheidhmiúil ag iarraidh deireadh a chur le heagraíochtaí eile nach bhfuil baol ar bith chomh mífheidhmiúil céanna leis.
oibriú go feidhmiúil operate effectively
" Chinnteodh sé sin go mbeadh baicle Gardaí ag teacht amach as an Teampall Mór achan bhliain a bheadh in innimh oibriú go feidhmiúil i ndúiche ar bith ina bhfuil limistéar Gaeltachta.
oibriú faoi choim work away unknown
" Is measa an ghoin nach mbraitear mar gur féidir leis oibriú faoi choim agus gor a dhéanamh i ngan fhios.
bhfuil sé doiligh a oibriú amach it’s hard to work out
" Sin an fáth go bhfuil sé doiligh a oibriú amach cad é tá le gnothú ag Sinn Féin as vóta nó reifreann ar an teorainn a iarraidh.
ag oibriú na méar working his fingers
" “Cén rithim é féin meas tú?” ar sé agus é ag oibriú na méar.
oibriú amach go fo-chomhfhiosach work out subconsciously
" Mar shampla, ceist diúide mar "An bhfaca tú an cluiche mór inné?" Ag brath ar an duine a bhfuil tú ag caint leis, caithfidh tú oibriú amach go fo-chomhfhiosach agus go hiontach gasta an bhfuiltear ag caint ar *Manchester United* in éadan *Arsenal* nó ar Thír Eoghain in éadan Bhaile Átha Cliath sa Chraobh.
Oibriú na Draide using the teeth
" Oibriú na Draide ======= Sílim go n-aontódh go leor daoine gur measa go mór plaic a bhaint as imreoir eile ná é a bhualadh le dorn nó le ball eile den chorp.
is doiligh oibriú amach it’s hard to work out
" Ach inniu, tá dreamanna dílseoirí/aontachtaithe briste ina smidiríní agus is doiligh oibriú amach cé tá tábhachtach, cé tá ag inse na fírinne.
ag oibriú le working with
" Thosnaíos ag oibriú le RTE leis an Sunday Game, ansan thosnaíos ag oibriú le Seó Spóirt ar TG4 agus ag scríobh don Irish Examiner agus bhíos ag obair liom ar “An Saol ó Dheas” do RnaG.
oibriú go dlúth agus go tairbheach working closely and beneficially
" Chruthaigh Andy Warhol gur féidir leis an dá réimse – an ealaín agus an faisean - oibriú go dlúth agus go tairbheach lena chéile agus chruthaigh an dearthóir Bascach Cristóbal Balenciaga an rud céanna.
oibriú na polaitíochta how politics work
" Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.
oibriú influence
" Bhí Robert McMillen ag meá oibriú imeachtaí ar na páirtithe go léir.